Feasta Nollaig 2000
Na Beacha



le Mícheál Ó Laoghaire

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Caroline, an rúnaí, is túisce a shonraigh iad. Ceithre, cúig, leathdosaen beacha dubha ag siúl timpeall gloine dúbalta na fuinneoige ba ghaire di. Ba bheag di ceann nó dhó ach dob ait léi an oiread sin díobh a fheiscint. Ní raibh ann ach sin. I gceann leathuaire, áfach, agus an lá ag dul chun brothaill, bhí leathchéad díobh ann, iad á dtuargaint féin go dordánach i gcoinne cruas na fuinneoige nó ag eitilt ó chúinne go cúinne go carsánach ag lorg bearna nó boige san ábhar meabhail a mheall le háilleacht na huaine brothallaí lasmuigh iad, is a cheill go cruálach í lena chruas criostail. Chuireadar buile beag óna suaimhneas í; ba dheacair díriú ar an obair agus an seomra beo le buile a ndordán agus le heagla a ndealg. Ní raibh sé nádúrtha, níor mhiste é a lua Ruairí. D¹éirigh sí, chuaigh timpeall chun an dorais agus trasna leacracha cruaidh éibhir an halla mhóir tosaigh. Dhún sí an doras go haireach ina diaidh, á gcoimeád teanntaithe ina hoifig féin iad, i dtreo is nach gcuirfidis isteach ar aon chliaint a thiocfadh isteach sa bhfoigneamh agus a dhein ar oifig Ruairí Forrestal.
- 'Foichí! Shit. An bhfuil mórán díobh ann?'
- 'Na céadta.
Ach ba bheag ceann a thóg sé dá freagra. Fear ab ea é Ruairí Forrestal gurbh fhearr leis aon fhadhb a fheiscint, a mheá agus a réiteach dó féin. Chaith sé an comhad a bhí á léamh aige go míchéatach ar an deasc roimis, dhún an biro a bhí i méarghreim a dheasóige agus shnap isteach i bpóca a chasóige dúdhonn Armani. Sheas agus bhrostaigh amach thar Charoline agus isteach sa halla.
Ba dhóigh le duine ón dordán san oifig mhór go raibh an ceart ag an rúnaí ach, i ndáiríre, ba ar éigean a bhí ós cionn an leathchéid ann, a bhformhór san thall in aice leis an dá fhuinneog mhóra, ach bhí tuilleadh díobh ina ndíorma beag cúramach thall in aice le clabhar na sean-tine, a dúnadh le linn na hathchóirithe a deineadh ar an tigh mór Seoirseach tamall gairid roimis chun é a chur in oiriúint dá athshaol mar cheanncheathrú ag Tearmann Teo., Gníomhairí Slándála.
Ba leor an leathchéad. Lig Ruairí osna as, osna go raibh imir nár bheag den bhfruatras a bhraith an páirtnéir sóisearach seo roimh fhadhb nach raibh ag luí le haon eolas nó le haon taithí a bhí aige. D¹fhéach sé mórthimpeall na hoifige; ar na plandaí ina gcuacha, ar na fallaí is a gcuid pictiúr de thírdhreachanna séimhe, ar an iascadán. Ghoill sé ábhairín air go raibh oifig chomh mór, chomh costasach sin ina hoifig phearsanta ag aon chailín amháin. De réir mar a bheadh an comhlacht ag fás, dar ndóigh, bheadh tuilleadh cailíní ag obair anseo ach idir an dá linn, ghoill an só díomhaoin seo air. B¹fhada leis go mbeadh seisear nó seachtar anseo agus an oifig ina cruiceog cheart oibre acu. Ach, ní fhéadfaí aon ní a dhéanamh ina thaobh sin ag an bpointe sin - níor mhór, áfach, rud éigin a dhéanamh láitheach faoi na hionrathóirí beaga glóracha seo.
- 'O.K. An féidir leatsa pé rud atá idir lámha agat a bhailiú le chéile agus bogadh isteach san oifig thosaigh le Susan ar feadh leathuaire nó mar sin? Geobhad-sa Antaine chun rud éigin a dhéanamh leis na focairí seo. An bhfuil Seosamh istigh go fóill?'
- 'Níl. Ghlaoigh sé ar a ghuthán póca tamall ó shin á rá go raibh timpist aige ag teacht isteach thar Dhroichead Sadlier. Ní raibh ann ach rothar. Tá sé féin alraidht ach caithfidh sé labhairt leis na Gardaí, nó rud éigin. Beidh sé istigh chomh luath agus is féidir.'
- 'Raidht.'
Ba gheall le púróigín géar i mbróig Ruairí Forrestal neamphoncúlacht rialta seo a pháirtnéara ach ní dúirt sé faic. Ní scéithfeadh sé air féin ós comhair fostaí.
Bhailigh Caroline a cuid comhad agus a dictaphone go mear agus bhogadar amach. Dhún Ruairí an doras ina diaidh. Bhí cúpla beach tréis éaló trí dhoras an halla thairis agus é ag caint le Caroline agus bhíodar sin bailithe faoi íochtar taobhghloine an dorais, iad ar buile ag lorg bealach amach chun na gréine lasmuigh. D¹fhéach Ruairí orthu agus tháinig grainc air. Thóg sé comhad óna rúnaí agus tharraing straiméid scuaischleachtaithe orthu. Thit dhá bheach chun na leacracha. Chuir Ruairí cos leis orthu. D¹fhágadar smál bídeach ar ghlioscarnach chuartz an urláir.
- 'Ní foichí iadsan in aon chor, a Mhistir Forrestal ach beacha.'
- 'Jez, Antaine, is cuma liomsa cad iad. Teastaíonn uaim fáil réidh leo.'
Shiúil Antaine isteach, neamhaird iomlán aige ar bhagairt dhordánach na mbeach is ar bhaol na gcealg. D¹oscail bun an dá fhuinneog agus d¹éalaigh an chuid is mó de na beacha leo. Rug Antaine ar an Independant a bhí ar bhinse Charoline is scuab an chuid eile amach chun a saoirse. Dhearg Ruairí laistiar de. D¹fhág Antaine na fuinneoga ar oscailt agus thosaigh ag siúl timpeall na hoifige, amhail is go raibh rud éigin a bhí caillte á lorg aige.
- D'fhéach Ruairí ar a uaireadóir arís.
- 'Maith an fear, Antaine. An fear praiticiúil don chúram praiticiúil. Trua nach féidir gach fadhb anseo a réiteach chomh mear agus chomh simplí sin.'
Bhí Antaine thall ar a chiorraghiob in aice leis an dtinteán caoch. Chas a leathcheann chuig Ruairí.
- 'Nílimid baileach slán fós, a Mhister Forrestal. Tá tuilleadh díobh istigh anseo, sa simné, tá¹s agat. D'fhéadfadh go bhfuil saithe díobh tréis neadú ann. Níl sna leaideanna seo ach na fámairí a chuaigh ar strae. Thángadar anuas an simné agus amach anseo.'
- 'Ah, shit.'
Dhein cíor cúig ladhar dá chiotóg is chuir trína fholt mínchóirithe é.
- 'OK. Faigh míoldíothóir nó rud éigin.'
- 'Bhuel, de ghnáth, gheofá beachaire chun na beacha a thógaint amach as áit mar sin seachas iad a mharú. Cineál peaca a bheadh ann iad a mharú, a Mhister Forrestal. Níor ghá ach teacht ar an mbanríon agus í siúd a cheapadh. Leanfadh an chuid eile den tsaithe í siúd ansin. Más gar do bharr an tsimné atáid, níor chóir go mbeadh aon deacracht ró-mhór ag baint leis. Bheadh gach éinne sásta; bheadh an tigh glanta, bheadh tearmann ag na beacha agus bheadh cruiceog bhreise ag an mbeachaire, cé gur beag an meas a bhíonn ag beachairí ar sháithe Mhí an Mheithimh, deirtear.'
- 'Cad a chosnódh beachaire?'
- 'N'fheadar ach bheadh i bhfad Éireann níos lú uaidh ná mar a bheadh á iarraidh ag duine de na díothóirí gairmiúla seo, táim ag ceapadh'
- Faigh é.'
An fhaid is a bhíodar ag caint, tháinig an páirtnéir sinsireach isteach.
- 'Tá brón orm. Tháinig buachaill trí na soilse ag Droichead Sadlier agus mé ag casadh ar chlé ón gcé agus leagas é.'
- 'An bhfuil mórán dochar déanta?'
- 'Togadh an buachaill chuig an t-ospidéal san otharcharr.'
- 'An raibh finné ar bith ann?'
- 'Bhí an scuaidcharr díreach laistiar díom.'
- 'Tá tú ok, mar sin.'
D'fhéach Seosamh Ó Báille ar an bhfear óg ach ní dúirt sé aon ní. Bhraith sé, ar chuma éigin, nach dtuigfeadh sé aon ní a déarfadh sé ina thaobh. Mhíníodar dó faoi na beacha.
- 'Beacha? Nach greannmhar an dream iad, iad ar tóir tearmainn i simné Lutteral House ar neamhchead Tearmann Teo., togha Gníomhairí Slándála?'
Dhein Antaine gáire.
- 'Tá an ceart ansan agat, a bhoss.'
Ní fhaca Ruairí an greann.
- 'Dúirt Mister Forrestal beachaire a fháil.'
- 'Go maith. Cad as a bhfuilid ag teacht, pé scéal é? An simné?'
- 'Díreach é.'
Bhog Seosamh sall agus chuaigh ar a chiorraghiob.
- 'Sea, chím. Cogar, Tony, d¹fhéadfá roinnt téip a chur anseo agus na fuinneoga a fhágaint ar oscailt. Cá bhfuil Caroline?'
- 'Dúirt léi bogadh amach go dtí an phríomhoifig go dtí go mbeidís seo imithe.'
- 'Dhera, ní dóigh liom go bhfuil aon ghá leis sin, Má choimeádann sí na fuinneoga ar oscailt, ní bheidh fadhb aici. Ní éalóidh amach ach an corr straeire nuair a bheidh an téip curtha ag Tony ar an tine. Níl aon bhaol iontu muna gcuirtear isteach orthu'
- 'Mheas sí gur foichí a bhí iontu.'
- 'Foichí! Cúig bliana déag caite ar scoileanna aici agus ní féidir léi foiche a aithint ó bheach. Sin é an scolaíocht dhuit, Tony, eolas seasc agus daille meabhrach.'
Dhearg Ruairí, ach ní dúirt sé faic. Ní dúirt Antaine aon ní ach an oiread. Bhí sé ag brostú leis faoi choinne na téipe.
Chas an Báilleach chuig Ruairí, é fós ar a chiorraghiob.
- 'Anois, conas tá sceideal an lae? Ar fhéachais ar thairiscint Uí Chéilleachair?'
- 'Dheineas. Tá an praghas ar fheabhas ar fad agus tá seantaithí againn ar chaighdeán an táirge acu.'
- 'Tá, is dócha. Is aisteach liom, áfach, go bhfuil sé ar a gcumas obann iad a thairiscint dúinn ar phraghas chomh híseal. Níl puinn difríochta idir é agus an praghas atá á lorg ag Ó Sé. Ar chuiris sampla de na dioscanna seo atá á dtairiscint anois acu dúinn síos chuig Peadar sa tsaotharlann?'
- 'Níor chuir. Níor mheasas go raibh aon ghá agus a gcuid dioscanna in úsáid san oifig againn cheana. Pé scéal é, níor chuireadar aon sampla faoi leith chugainn.'
Sheas an Báilleach agus shiúil trasna an tseomra chuig béal an dorais mar a bhí chomhpháirtnéir ina sheasamh. - 'Nár chuir anois? Nach aisteach san? Ar rith sé leat féin go raibh sin cineál sítheach, a Ruairí?'
Shiúil sé thairis amach sa halla. Chas Ruairí amach ina dhiaidh. - 'Dhá rud a ritheann liom, a Ruairí, rudaí praiticiúla, rudaí suaracha fiú, ach is iad an cineál ruda nach mbeadh luaite, b¹fhéidir, ar chúrsa ollscoile, dá fheabhas é. Is fíor annamh a chuireann beacha meala cealg i nduine, agus an dara rud, ní ciallmhar an mhaise do dhuine aon ní a cheannach gan é a fheiscint roimh ré. Ná dein aon socrú cinnte agus ná sínigh aon rud go dtí go bhfaigheann tú sampla de na dioscanna sin ó Stiofán Ó Céilleachair agus go dtí go dtugann Peadar thíos an nod duit. O.K.?'
Chas sé ar a shála uaidh agus dhein ar a oifig féin. Bhí Ruairí ar fiuchadh. Ba mhaith a bhí a fhios ag an mBáilleach gur togha margadh a bhí déanta aige, go raibh an laige i ngnó Uí Chéilleachair aimsithe aige agus gur bhain sé úsáid chliste, neamhthrócaireach as chun tabhairt air na dioscanna a thairiscint ag praghas do-chreidthe íseal. Ach ní admhódh an Báilleach an méid sin. Meas madra a bhí aige siúd ar cháillíochtaí eacnamaíochta nó gnó, dá fheabhas iad; fir phraiticiúla a bhí uaidh siúd i gcónaí, agus ba í an chrois ba mhó sa saol aige ná go raibh air a admháil go raibh gá aige lena leithéid féin. Ach cad d¹fhéadfadh Ruairí a dhéanamh? Ba é an Báilleach an 'fear mór', an páirtnéir sinsireach. Ach thiocfadh a lá féin fós agus nuair a thiocfadh, ní le searbhas focal amháin a bhainfeadh sé a dhíoltas ar Sheosamh Ó Báille amach.
Bhí an oifig an-chiúin tar éis an lóin. Chuir dordán broidiúl na mbeach agus iad ag teacht is ag imeacht i mbun a gcúramaí cruth samhraidh, cruth leisciúil nach mór, ar an áit. Bhí an Báilleach thall sa mhonarcha féin ag faire ar roinnt treallaimh úir a bhí á thástáil thall acu agus bhí Ruairí Forrestal imithe isteach sa chathair chun bualadh le Stiofán Ó Céilleachair san Óstán Ríoga.
D¹fhill Ruairí i ndiaidh a ceathair agus fraoch air. Níor tháinig Ó Céilleachair. D'fhan sé ar feadh trí cheathrú uaire an chloig, é ina leibide i mbialann an ostáin gan ghlaoch nó teachtaireacht aige ón bhfear aneas. Le Caroline a lig sé a racht mí-fhoighneach.
- 'Cén cinéal ealaíne é sin? Cén cinéal focain béasa atá ann fiú? Más mar sin a eagraíonn siad iad féin le haghaidh cruinniú gnó, bhuel foc iad. Faigh uimhir guthán an duine sin Ó Sé. Bheadh sé ag Zoë Ní Cholmáin muna bhfuil sé...'
Bhí sé imithe as oifig Charoline sula raibh an abairt críochnaithe aige. Lean an leathabairt uaidh síos an halla agus isteach ina oifig féin. Trín doras a bhí fágtha ar oscailt ina dhiaidh aige, chuala sí é á chaitheamh féin isteach sa chathaoir ar nós a déagóra deartháir féin, mheas sí, agus an guthán á ardú aige.
Ní chuireadh a leithéid de ealaín isteach ar Charoline a thuilleadh. Bhí a bealach féin aimsithe aici chun a suaimhneas aigne féin a chosaint uaidh. Shuigh sí siar ina cathaoir, dhún a dá shúil is lig méireanna a lámha anuas ar an mbínse roimpi. Lig sí trí osna doimhne. D'oscail sí a súile arís ansin agus d'fhéach i dtreo na fuinneoige. Bhí na beacha fós ag teacht agus ag imeacht gan beann ar bith acu siúd ar mhí-chéatacht an fhir theasaí. Chuimhnigh sí go tobann ar rud a d'fhoghlaim sí ar scoil fadó i dtaobh beacha. Na baineannaigh a bhailíonn an mhil ar fad. Níl i bhfireannaigh na cruiceoige ach leadrain. Bhain an cuimhne seo miongháire aisti agus chabhraigh léi anaithe Ruairí a chur di. D'ardaigh sé glacadóir an ghutháin chun an t-eolas a bhí ag teastáil a fháil. Níor thóg sé sin i bhfad uirthi. Nuair a bhí a cúram déanta aici, lean Caroline Ruairí síos chun na hoifige aige siúd.Thug sí cúpla beach faoi ndeara sa halla agus d¹fhill sí go sciobtha chun doras a hoifige féin a dhúnadh.
- 'Gabh mo leithscéal. Ghlaos ar oifig Mhic Uí Shé. Ní raibh sé ann. Dealraíonn sé go bhfuil sé san ospidéal le coicís anuas le hothras.'
- 'Foc!!! Foc, foc, foc, foc. Foc!!!'
Chaith sé a pheann a bhí ina láimh aige anuas ar an mbinse. Sciorr an peann agus thit chun an urlár. Phioc Caroline suas é agus leag ar an mbínse arís. Leag Forrestal a cheann ina eire idir a dhá bhois, a uilinn leagtha ar dhá thaobh na leathanach a bhí os a chomhair amach. Shiúil beach bheag dhubh síos an leathanach, ag stopadh anois is arís amhail is go raibh an cló féin á bhlaiseadh aici féachaint an raibh aon lón ann di. Dhorchaigh ceannaithe Forrestal.
- 'Foc. An bhfuil na bastairdí sin fós timpeall. Mheasas go bhfuair Antaine beachaire nó rud éigin.'
- 'Dhein sé iarracht teacht ar cheann ach bhí sé amuigh.'
- 'Raidht. A luaithe is a théann tú arais chun do oifige faigh an eolaire buí. Aimsigh míoldíothóir. Cuir glaoch air. Agus abair leis teacht anseo agus na focairí gránna seo a scriosadh.
- 'Ach mheasas go ndúirt Tony gur beacha a bhí iontu agus nár chóir iad a mharú. Níl puinn cur isteach á dhéanamh acu agus...'
D'ardaigh Forrestal a cheann óna bhosa. Stán sé ar an rúnaí beag rua. Stad sí.
- 'Just dein é, a Charoline. Dein anois díreach é.'
Más go ciúin a dúirt sé é, ba gheall le buile boise sa leiceann do Charoline é. Thiontaigh sí uaidh agus dhein mar a dúradh léi.
D'fhill Seosamh Ó Báille ón monarcha thart ar a ceathrú chun a seacht. Bhí rud beag nó dhó le críochnú aige sula dtabharfadh sé aghaidh ar an mbaile. Ag oscailt an phríomhdhoras dó, líon bréantacht mhilis éigin a shrón, milseacht ghéar a dhóigh a phollairí. Bhí cúpla beach, fiche ceann b'fhéidir, marbh ar na leacracha fuara.
D'oscail sé doras oifig Charoline. Ba threise go mór an boladh ansin. Pé ní a scairdeadh d'fhonn na sléachta a bhí roimis a chur i gcrích, ba istigh ansin a scairdeadh é. Bhí an téip bainte de bhun an chlabhair agus poll beag curtha sa chlár féin, poll ceithre nó cúig centiméadar, leithead píobáin. Bhí na céadta beach ar fud urláir an tseomra, cuid díobh ar a dtaobh, cuid díobh tarr in airde, agus cuid eile fós ar a mbolg amhail is nach raibh ach sos a thógaint acu.
Ní rabhadar ar fad marbh fós, bhí iarrachtaí lagáiseacha á ndéanamh fós ag cúpla ceann éaló chun na gréine lasmuigh, bhí cúpla ceann ag siúl timpeall an urláir, bascaithe, leathsháirithe, iad ag siúl ó chorp go corp, ag casadh uathu nuair a theagmhódh leo i dtreo is nach mbeadh a fhios ag duine arbh amhlaidh go rabhadar á sheachaint de los a ndéistine caoiche nó an rabhadar ag iarradh compánach a bhí fós beo a aimsiú.
Bhí sé ró-dhéanach aon ní a dhéanamh ar son na mbeach seo, ach shiúil sé sall chun na bhfuinneog is d'oscail iad chun an mhiúrach nach raibh cloíte ar fad a ligint chun siúil. Is dócha go mbeadh sé ar a gcumas acu filleadh ar an gcruiceog as a dtágnadar, ach ní raibh a fhios aige go cinnte an nglacfaí thar n-ais leo. Ag féachaint orthu, na dídeanaithe sin a bheadh ag lorg ath-thearmainn anois ó bascadh an tsaithe - ba thrua leis nárbh fhearr a eolas ar bheacha le go bhféadfadh sé a seansanna a mheas - chuimhnigh sé ar an mbuachaill óg a leag sé ar maidin. Ní fheadar sé conas a bhí aige. Bhí súil aige go raibh sé OK. Nár mhinic neamhaird aige féin ar shoilse dearga agus é ag an aois sin?
Dhún sé na fuinneoga arís is ghabh amach, an doras á dhúnadh aige i ina dhiaidh. Níor ghá dó a bheith buartha go mbeidís fós ann chun goile Ruairí Forrestal a chasadh chun samhnais. Bheadh na mná glantacháin istigh ar ball. Bheadh an áit úr, glan, milis arís faoi choinne Ruairí go luath ar maidin.



.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >