Dán na Míosa, Feasta, Eagrán Mí na Nollag 2000
Dán na Míosa, Feasta, Eagrán Mí na Nollag 2000

aistrithe ag Liam Prút

Iomainn Nollag



Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo

Fadó riamh
i gCathair Dháibhí


Fadó riamh i gCathair Dháibhí
I gcró eallach mar a bhí
Chuir an Mháthair Naí sa mhainséar
Amhail i leaba ina luí
Dob í Muire an Mháthair chaoin
Dob é Íosa Críost an Naí.


Tháinig Sé ó neamh ar thalamh,
an Tiarna is Dia ar gach n-aon
Ins an stábla fuair a lóistín,
b'é a chliabhán an mainséar
Le bochtáin do bhí 'na chónaí
B'é a shlánaigh sinn ón mbás



Ard-Rí an ghrá
sé m'aoire é


Ard-Rí an ghrá sé m'aoire é
Is buan a mhaith fad mhairim
Ní gá dom faic má bhím aige
'S ann dom é go deireadh


Le ciumhais sruthán na n-uiscí beo
Chun suaimhnis treoraíonn m'anam
Ar thailte féir ag fás gan feo
Ar chothú naomh sea mhairim


Ba dhallta dúr mar chuas ar fán
Níor lú a ghrá dom tharrtháil
D'ardaigh go hard ar a ghualainn shéimh
Is ba ghairdeach thug mé abhaile.



A oíche naomh

A oíche naomh
Is geal sa spéir na réalta
Oíche bhreith Chríost
Thug slán sinn ón mbás
B'fhada an domhan
Fé pheaca is fé earráid
Gur tháinig Sé
Is gur ghin ionainn grá
De dhóchas ard
Tá lúcháir ar an saol bocht
Is ann atá
An mhaidin ghlórmhar bhreá
Cromaíg go humhal
Tabhair aird ar cheol na n-aingeal
A oíche Dé
A oíche bhreith ár dTiarna
A oíche Dé, a oíche Dé.
Fé threoir na Cré
ag soilsiú ina gcroíthe
Ár gcroí lán grá
i ndeas dá chliabhán
Fé threoir an réalt
ag taitneamh ins na spéartha
tháinig an triúr
an bóthar anoir
Féach Rí na Rí
'na luí go humhal sa mhainséar
Pé fad ár mbuairt
ár gcara é sa chúirt
's eol dó ár ndíth
Ár laigíocht tá soiléir dó
Seo Rí na naomh
Ar do ghlúine ina láthair
Seo Rí na naomh, seo Rí na naomh.
Eisean a mhúin dúinn
A chéile a ghráú
Dlí Dé an grá
A shoiscéal síocháin
Briseann slabhraí
An daor, 'sé ár mbráthair
'gus faoina réim
cuirtear leatrom chun fáin
le háthas croí
gabhaimidne ceolta buíochais
de chroí iomlán
gabhaimidne buíochas Dó
'Sé Críost an Triath
tá a Ainm síor le móradh
Is ard go deo
a Ainm is a ghlóir
Is ard go deo a Ainm is a Ghlóir.

- i gcomhar le Siobhán Prút.


. .
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >