Eagarfhocal Feasta Mí na Nollag 2000
Eagarfhocal, Feasta, Mí na Nollag 2000

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Stailceanna, boilsciú agus leas na tíre



Níl sé rófhada ó bhíomar ag gearán anseo faoi stailceanna, agus an baol a bhain leo do leas coiteann na tíre. Bhí stailc na n-altraí ar siúl ag an am. Bhí stailc na ngardaí thart - bíodh gur 'slaghdán' a tugadh ar an gceann a bhí ar bun acusan. Séard a bhí á thuar againn ná go leanfadh dreamanna eile a samplaí siúd. Tá sé sin ag tarlú anois, agus cheana féin tá oibrithe éagsúla iarnróid, oibrithe aerthaistil, múinteoirí, agus go leor eile ag bagairt, ar tí, nó tar éis stailce. An mbeadh sé ag dul thar fóir a rá gur cineál ainrialach a bhí ag bagairt orainn? Ar a laghad ar bith, tá an dul chun cinn eacnamaíoch atá déanta ag an tír seo le deich mbliana anuas go mór i mbaol anois.

Cheana féin tá an ráta boilscithe ag teannadh le seacht faoin gcéad. Is figiúir an-ard é sin a thugann chun cuimhne an tréimhse nuair a bhí ár staid eacnamaíochta imithe ó smacht. Ba thubaist thar na bearta é dá bhfillfí ar an staid sin arís. Tá ciorcal lochtach i gceist anseo: téann an ráta boilscithe in airde, faightear ardú pá mar chúiteamh, téann an ráta níos airde fós, agus mar sin ar aghaidh.

Ní haon mhaith dúinn anseo a bheith ag plé cé aige atá an ceart maidir leis na haighnis seo. Ní coincheap daingean é an ceart, nó ní hionann é i súile gach duine. Sé ná tuigimid ná, má bhí leithceal á dhéanamh ar na dreamanna atá ar stailc nó ag bagairt stailce, conas gur ghlac a gceardchumainn leis na comhaontaithe náisiúnta pá ar ghlac na páirtnéirí éagsúla leo leis na blianta anuas. An amhlaidh a bhí siad faillíoch ag léiriú na héagóra a bhí á dhéanamh orthu?

Tá sé fíordheacair anois a shamhlú conas a bheadh aon seasamh ag aon chomhaontú náisiúnta pá a dhéanfaí amach anseo, agus a bhfuil tar éis tarlú ó deineadh an ceann deireanach - an P.P.S., mar a tugadh air. Sin an fáth ar luamar ainriail ag an tús, chuile dhream ag cur a bhó féin thar abhainn, agus mura bhfuil tú in ann sin a dhéanamh, bíodh thiar ort. Is measa fós é don dream nach bhfuil aon bhó acu, iad sin is boichte, nó nach bhfuil ceardchumann teann ar a gcúl.

Féachann sé, leis, go bhfuil ceardchumainn ag iomaíocht lena chéile, féachaint cé aige atá an bhéic is airde - IMPACT ag iomaíocht le SIPTU; i measc múinteoirí, cumann amháin ag feidhmiú laistigh den chomhaontú, ceann eile lasmuigh de, an tríú ceann - agus seo á scríobh - ag fógairt go raibh sé ag dul i mbun gníomhaíochta. Is le bréagchráifeacht a deir siad uile linn gur oth leo go bhfuil siad ag cur as don phobal.

Seans go bhfuilimid dian, ródhian fiú. Ní hé go bhfuilimid ag rá nach bhfuil cás ag aon dream beo acu. Ach pé lochtanna atá ar an gcóras eadrána atá i bhfeidhm chun teacht ar réiteach i gcásanna tionsclaíochta, ní shílimid go bhfuil úsáid chuí á bhaint as. Táthar ag dul i muinín an fhornirt, agus d'fhéadfadh an pobal agus an tír a bheith thíos leis.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >