Smaointe Polaitíochta Feasta Mí na Nollag 2000
Smaointe Polaitíochta - An Céad bliain is fearr

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Seo mí dheiridh na Fichiú hAoise. Tosóidh an Aois Úr Lá Coille 2001. Is maith is feasach mé gur dúradh anuraidh gurb í an bhliain 1999 bliain deiridh na hAoise. Ní raibh sin fíor, ach is cosúil gur fheil sé do lucht gnó agus do dhreamanna eile, cé nach eol dom tuige. Ar aon nós, seo an t-am sílim le súil a chaitheamh siar ar pholaitíocht na tíre seo ó 1901 go dtí lá an lae inniu.

B'é an Fichiú hAois an céad bliain is fearr agus is bisiúla dá raibh ag an tír seo in ainneoin na n-uafás a tharla. B'í an imirce mhór a mhair os cionn ceithre scór bliain an t-uafás ba mheasa díobh san go léir. Agus is ar éigean a tugadh sin faoi deara. Thuig teaghlaigh a raibh ag tarlú. Tuigeadh an briseadh croí a bhain le himirce. Ach níor chuid de chlár oibre na tíre nó an stáit é deireadh a chur leis. Níor tuigeadh go bhféadfaí sin a dhéanamh go deo.

Bíonn sé anois faiseanta a bheith ag cáineadh chultúr an Tíogair Cheiltigh. Ach is é an beithíoch sin a chuir guaim mhór ar an imirce. Seans maith gur dheacair mórán a dhéanamh faoin ollimirce nó gur fheabhsaigh eacnamaíocht an stáit. Ach níor deineadh iarracht gur fiú trácht air, seachas óráidíocht, leis sin a dhéanamh.

Tír bhocht go leor a bhí in Éirinn céad bliain ó shin, rud a bhí fíor freisin faoina lán tíortha eile san Eoraip. Mhair cuid mhór de phobal na cathrach agus na tuaithe i ndrochthithe. Bhí ocras ann; bhí an córas sláinte go hainnis; ní raibh fáil ag formhór mór na ndaoine óga ach ar oideachas bunscoile; bhí cuimhne ghrinn fós ar an nGorta Mór, cé nach ndeirtí mórán faoi.

Ba chuid den Ríocht Aontaithe an t-oileán seo ar fad ó cuireadh deireadh le Parlaimint na hÉireann céad bliain roimhe sin. Ní raibh an Pharlaimint sin níos fearr ná níos measa ná formhór Pharlaimintí eile na hEorpa san am; b'iad na maithe móra agus iadsan amháin a bhí ina bhfeisirí. Agus ní raibh sé de chead ag Caitlicigh a bheith ina bhfeisirí in Éirinn, bídís saibhir nó ná bíodh.

Sa bhliain 1901 b'é an Páirtí Éireannach i Westminster, faoi cheannas John Redmond, príomhpháirtí na tíre taobh amuigh de chuid de Chúige Uladh agus de chorr áit i mBaile Átha Cliath. B'é aidhm an pháirtí sin Parlaimint na hÉireann a athbhunú, Féinriail inmheánach a bheith ag Éirinn, agus deireadh a chur le cumhacht Chaisleán Átha Cliath, mar a raibh ceannas Londain lonnaithe.

Bhí Féinriail geallta leis na blianta ag na Liobrálaithe, ach bhí bac curtha air ag na Coimeádaithe. Mar sin féin, is beag amhras a bhí ar dhaoine ach go dtiocfadh sé in am tráth, in ainneoin na gCoimeádach agus Aondachtaithe Éireann, thuaidh agus theas. Ach is mar chuid den Ríocht Aontaithe faoin gCoróin, agus mar chuid den Impireacht, a bheadh an Éire nua sin.

Dream beag ar fad a shíl gur chóir an ceangal leis an mBreatain a bhriseadh ina iomláine, agus gur Poblacht cheannasach neamhspleách is fearr a d'fheilfeadh don tír seo. Seachas Art Ó Gríofa agus Séamus Ó Conghaile, beirt gur bheag é a dtionchar, ní mórán a bhí ag cuimhneamh ar Éire a bheith saor ar fad. I gcás Airt Uí Ghríofa, bhí sé ar fad sásta Rí Shasana a bheith fós os cionn na hÉireann agus ní raibh aon spéis ar leith aige i bPoblacht.

Sé an Conghaileach a bhunaigh an chéad pháirtí phoblachtach sa tír. B'shin an Irish Socialist Republican Party, a bunaíodh sa bhliain 1896. Níor mhór aird an phobail ar an nGríofach nó ar an gConghaileach nó ar Bhulmer Hobson, an té a d'athbhunaigh an Irish Republican Brotherhood. Sin iad an triúr a d'athraigh an chuid is mó den oileán i dtús na Fichiú hAoise, agus a thug treoir agus misneach agus fís do na scórtha agus na céadta a ghlac de réir a chéile leis an bprionsabal nach raibh ceart dá laghad ag Sasana sa tír seo.

Ina measc siúd bhí Pádraig Mac Piarais, Seán Mac Diarmada, Éamon de Valera, Liam T. Mac Cosgair, Mícheál Ó Coileáin, Cathal Brugha, Liam Ó Maoilíosa, Risteard Ó Maolchatha, Seán Mac Giolla Bhríde, Frank Ryan agus an Ginearál Eoin Ó Dufaigh. Ní rabhadar ar aon intinn ar fad faoin gcineál Éire a bhí uathu. Ach bhíodar ar son saoirse phobal na hÉireann. Agus d'éirigh leo sin a bhaint amach leis an lámh láidir agus ar shlite éagsúla eile. Cuireadh réabhlóid, ar éirigh léi cuid mhór, ar bun.

I mblianta deiridh na Fichiú hAoise, de bharr fhís eile Sheáin Lemass agus Chathail Uí Eochaigh agus Gerald Sweetman agus T.K. Whitaker agus Paddy Lynch, agus daoine eile a thuig an eacnamaíocht, athraíodh an stát Éireannach ó bhun go barr. Is cinnte gur deineadh dearmaid pholaitíochta, náisiúnta agus eacnamaíochta sa tír seo sa chéad bliain atá anois nach mór thart. Ach nuair a fhéachtar siar tabharfar faoi deara go raibh dul chun cinn ar siúl an t-am go léir. Ba ghá an Cogadh Eacnamaíochta leis na Sasanaigh a throid agus a ghnóthú sna Tríochaidí; ba ghá an neodracht mhíleata a fhógairt agus a chosaint le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is iad an dá bheart sin a chruthaigh go raibh stát saor i ndáiríre curtha ar bun ag Éireannaigh ina dtír féin.

Níor tuigeadh cúrsaí na Sé Chontae ar feadh i bhfad. Níor tuigeadh cearta a bheith faighte ag sliocht na bplandóirí Albanacha agus Sasanacha de bharr iad a bheith i seilbh chomh fada agus a bhí. Níor tuigeadh a bhfaitíos roimh chumhacht Eaglais na Róimhe agus roimh an bPápa.

Bhíodar féin, agus táid fós cuid mhór, dúr doicheallach, dallintinneach. Is mór an leatrom a dhein siad ar Chaitlicigh, náisiunaithe agus sóisialaithe. Is i láidre a bhí stáitín na Sé Chontae ag dul go dtí an bhliain 1968, nuair a beartaíodh tabhairt fúithi ar bhun cearta sibhialta den chineál a bhí ag saoránaigh Briotanacha sa Bhreatain fein. Thit an stáitín Oráisteach as a chéile dá bharr seo, agus de bharr an chosaint mhíleata a dhein an pobal náisiúnach air féin i gcoinne námhad ar feadh suas le tríocha bliain.

Is san Aonú hAois is fiche, is dóigh, a chuirfear deireadh leis an míthuiscint agus an fuath atá le fada idir dhá dhream creidimh na hÉireann. Ach is de bharr an ghnímh fhadbhreathnaíoch sin maidir le héileamh cearta daonna agus cearta sibhialta sa bhliain 1968, ar shráideanna Dhún Geanainn agus Dhoire Cholm Cille, a thosaigh mór-athruithe.

Chuaigh an Ghaeilge chun cinn go mór san Fhichiú hAois de bhrí gur glacadh lena hathréimiú mar chuid d'obair an stáit. Is mó anois a deireann Gaeilge a bheith acu ná aon uair ó tháinig maolú ar an nGorta Mór. Más fíor, tá Gaeilge de chineál éigin ag milliún go leith duine ar an oileán. Ní hamhlaidh a bheadh murach gur baineadh amach saoirse pholaitíochta sna 26 Chontae i dtús na bhFichidí, agus gur glacadh le soiscéal Chonradh na Gaeilge. Murach an Conradh agus Dubhghlas de hÍde, i dtaca le daoine eile ar nós Eoin Mhic Néill, Seosamh Laoide, Pádraig Mac Piarais agus Stiofán Bairéad, ní tharlódh sin.

Tháinig titim ar an nGaeilge sna ceantair Ghaeltachta; tháinig biseach uirthi i gceantair eile. Is beag ar fad litríochta a bhí á foilsiú i nGaeilge céad bliain ó shin. Foilsítear suas le céad leabhar gach bliain anois agus tá cuid díobh ar chaighdeán ard. Tá oiread áirithe Gaeilge sna scoileanna; tá raidió agus stáisiún teilifíse Gaeilge ann. Is minic nach dtuigtear cé chomh mór is atá an dul chun cinn a deineadh, agus cé chomh tréan is a bhí tacaíocht an stáit don teanga. Is éasca aird a tharrac ar na máchaillí, ar an leisce, orthu siúd ar áil leo an teanga a chriogadh. Táid ann freisin, ar ndóigh. Ach ní hiad na naimhde atá ar barr, go fóill ar aon nós.

De bharr na n-athruithe polaitíochta sna Sé Chontae, agus de bharr mhisneach a lán daoine, tá seasamh anois ag an nGaeilge sa dúthaigh nach bhfuil iomlán saor fós. Nach iontach an rud é triúr Aire a bheith i rialtas Bhéal Feirste, b'fhéidir ceathrar, a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus fonn orthu í a chur chun cinn.

Tá Éire anois, arís, ina comhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, í roghnaithe mar chomhalta ag formhór náisiúin na cruinne. An dtuigtear i gceart cé chomh mór d'onóir is atá sa toghchán sin? Céad bliain ó shin, ní raibh san oileán seo ach cúige de chuid na Breataine, gan aon aitheantas ar leith polaitíochta ag an tír. De bharr obair na bPoblachtach a chuir éirí amach ar siúl, obair pholaiteoirí ina dhiaidh sin, agus sárobair na Roinne Gnóthaí Eachtracha, agus dea-obair Arm na hÉireann mar chuid d'fhórsaí síochána na Náisiún Aontaithe le os cionn daichead bliain, tá stádas idirnáisiúnta buaite. Ní de thimpist a tharla sin. Ní de thimpist a d'éirigh chomh maith leis an stát mar bhall de Chonradh na Náisiún Aontaithe le linn do Liam T. Mac Cosgair a bheith i gceannas, agus ina dhiaidh sin Éamon de Valera, agus mar bhall de na Náisiún Aontaithe nuair a bhí Proinsias Mac Aogáin ina Aire Gnóthaí Eachtracha.

Tá a lán cruthaithe ag Éireannaigh san Fhichiú hAois, ní do choimhthígh ach dúinn féin. Ar feadh ocht gcéad bliain bhí coimhthígh i gceannas na tíre seo. Tríd is tríd ní go maith a chaitheadar le pobal na hÉireann. Is scéal fuilteach scéal na Sasanach sa tír seo, scéal náireach barbartha. Arís agus arís eile cuireadh Gaeil faoi chois. Ní raibh aon aitheantas ag Gaeil mar phobal a bhí i dteideal neamhspleáchais ná saoirse. Ach chruthaigh Éireannaigh dóibh fein iad a bheith ábalta an coimhthíoch a dhíbirt agus a gcúrsaí féin a reachtáil mar b'áil leo féin sin.

Is fíor gur deineadh dearmaid oifigiúla sa stát seo. Níor tugadh a gcearta sibhialta don phobal maidir lena lán nithe. Ligeadh do chliarlathas na hEaglaise Caitlicí ceannas a bheith aige ar rialtaisí; glacadh le leagan amach ar feadh i bhfad amhail is nach raibh aon rogha ann ach sin a dhéanamh. Bhí daoine faiteacha i bpostaí arda a thug cead a gcinn d'easpaig agus sagairt. Ach tá sin imithe anois agus is cinnte gur ag an rialtas a roghnaíonn an pobal atá cumhacht. D'éirigh an státchóras oscailte; tuigeadh cearta a bheith ag daoine ar séanadh sin orthu. Go fiú is na daoine mí-ámharacha ar caitheadh chomh huafásach sin leo in institiúidí éagsúla, tá cuid dá gceart á bhfáil anois acu.

Tá gach duine a dhein aon rud chun saoirse a bhaint amach, chun stát a bhunú, chun institiúidí poiblí a chur ar fáil, chun an tír agus a phobal a chur chun cinn, le moladh. Má éiríonn le hÉirinn agus a muintir chomh maith céanna san Aonú hAois is Fiche, beidh tír thar na bearta ar fad anseo sa bhliain 2100.



.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >