Feasta Samhain 2000
Éalú

le Deasún Breatnach

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Chugainn ceaibilíor an cheantair an lá aoibhinn samhraidh seo, lena chuid gruaige cataí gréasaí go dtí an ghualainn, lena chroiméal tanaí dubh, lena spéaclaí diabhalaí gréine agus, ar ndóigh, na bristí leathair, an tUasal Maitiú é féin, an té atá ina bhanc ag an oiread sin rún, scannal, aventuras, d¹eile ach é ina bhas ar ionad mór artola agus siopa lena chois, an t-iomlán ar oscailt 24 uair sa ló, agus é féin i láthair ann cuid mhaith den am sin, éisteacht na muice bradaí aige, súil an fhiolair, agus gáire a mheallfadh saibhreas mór ó Dhéamair, dá mbeadh seisean fós inár measc.

-Bhís le cuairt a thabhairt ar Mhaidrid?
-Agus thugas. Áit bhrothallach . . . Deich bpunt di, mar i gcónaí.
-Agus ise in éindí leat, ab ea² Nó ab amhlaidh a tharraing sí . . .
-Tháinig sí, ceart go leor. 'Tuige nach dtiocfadh?
-'Tuige ar bith! D¹éirigh leat, ar sin?
-D¹éirigh. Ach caithfidh mé í a dhumpáil, anois.
-'Théis di a bheith chomh tuisceanach sin duit. Níl sé sin féaráilte, a mhac.
-Níl an saol féaráilte, a Mhaitiú, an bhfuil, anois?
-Céard tá ort, ar chor ar bith?
-Níor casadh a máthair ort? Máthair Nóra?
-Níor casadh, mhais.
-Seachain! Seo dhuit a luach. Slán agat.
-Slán go fóill.
'Sea, mhais, dumpáil! A máthair ar buile léi mar gheall ar an seachtain úd i Maidrid . . . gur dhíol sí í féin ar luach ró-íseal ar fad . . . Nach í atá deisbhéalach! Gur chlis Nóra ar an gclann uilig: Cén cliseadh mar chliseadh? Nach raibh saoire mhaith aici faoi fhíorghréin, faoi dheireadh thiar. Ach b¹shin scéal Nóra. Nó an amhlaidh atá sé ina phlean ag an mbeirt acu, ise agus a máthair? Agus an chéad bheart eile, 'chuile sheans, go bhfuil sí caite amach ón teach ag a máthair. 'Sea, agus í ag iarraidh aistriú isteach chugam féin! Chonaic mé cheana thú, a chailín!

Bhreathnaigh ar a uaireadóir: Deich chun a hocht. Ní fheicfeadh sé Nóra go dtí a naoi. Níor mhiste dó a intinn a dhéanamh, cúrsaí a chíoradh go mion, teacht ar bheart éigin . . . réasúnta . . . 'sea, ar leas na beirte. An ceart ar fad ag an mboulvardier úd, an tUasal Maitiú: Bean óg an-tuisceanach ab ea Nóra, agus fíor gur roinn sí an tseachtain úd thar barr leis i Maidrid na Spáinne. Dhéanfadh sí rud ar bith dó, agus í gan ach a bheith ina maighdean fós gur bhaineadar beirt tír na gréine amach. Ach bhí sin thart anois agus caithfear bogadh ar aghaidh. Nárbh shin mana an fhaisin, glór na huaine, moladh an Rialtais? Sea, mhais: Bogadh ar aghaidh!

Bean í Nóra ar theastaigh uaithi socrú síos. Ise a dúirt. Nó a máthair? Cúig bliana ar fhichid an aois a ba chóir don bhean socrú síos, dar léi, nó dar lena máthair: Nach cuma cé díobh? Agus céard é a bheadh ann mar shocrú síos? D¹eile ach báibíní. Caoineadh san oíche. Ruaille buaile, Naipicíní. Cac. Nár chaith sí breis is uair a¹chloig i roinn na bpáistí de chuid an Corte Ingles sa bPuerto den Sol? Shílfí ón oiread sin sceitimíní uirthi gur ag iompar cheana féin a bhí sí. Dáiríre píre.

Ró-shoiléir a bhí sé faoin am seo nach mbeadh aon mhaith déanta go dtí go mbeadh sé réidh léi, agus é chomh hóg sin fós, gan ach beagán os cionn an dá scór sáraithe aige -ró-óg ar fad le socrú síos. Agus ar aon chao, ní fhéadfadh sé an mháthair a sheasamh a thuilleadh. Níorbh í a cuid cainte ba mheasa ach an nimh chruthanta sna súile . . .

Bhí sé ar tí teach an óil a sheachaint go fóill ach, ar an ath-smaoineamh, chas sé an carr isteach sa gclós; Ní bheadh ann ach an t-aon deoch amháin. Thabharfadh sin deis dó a mhachnamh a dhéanamh. Chuir sé glas ar an gcarr agus isteach leis i dtig an óil.
-Blogam fuisce, led thoil.
-Uisce? Leac oighir?
-Ní bheidh ach é ar a aghaidh, más é do thoil é!

Ar aghaidh leis go dtí an cúinne ba dhorchaí sa tigh: D¹eile ach suaimhneas; go deimhin, lucht aitheantais a sheachaint, cé gur ar éigean a bheidís siúd thart go dtí i bhfad ní ba dhéanaí. Dhéanfadh Nóra cúis, ceart go leor, is í ina tigh féin, agus a máthair i dtigh diabhail. Deireadh seachtaine le chéile uair sa mhí nó mar sin, agus é ar a bhealach go dtí an Róimh, nó Páras, nó cibé áit a chuirfeadh an comhlacht é. Téitheoir maith leapan a bhí inti, ceart go leor. Ach ró-óg a bhí sí fós agus ba chóir di bogadh ar aghaidh leis an saol, leis an aimsir, le nósanna an phobail. Aithne -agus go deimhin fios -a chur ar fhir eile. Sin mar atá an saol, nach ea? Éabhlóid, a dhuine. Bealach na heolaíochta....

Agus nach raibh níos mó taithí fós de dhíth air féin, maidir le mná? Ní raibh go dtí seo ach eolas sách teoranta aige ar mhná -bantracht na hÉireann, bantracht na cathrach -le bheith fírinneach faoin scéal.

Dar leis, agus suimíní dá mbaint aige as an deoch, bhí cosúlacht éigin ann idir béile agus caidreamh -idir chollaí agus eile -le bean. Ag an mbéile is fearr bíon hors d¹oeuvres (entremeses, i Maidrid) le roghnú, mar thús, leis an ngoile a mhealladh a deirtear. Agus nach ar an dóigh sin atá an chéad teagmháil le bean, tú ag beannú di, tú ag cur síos ar a háilleacht, beagán go dána, b¹fhéidir, tú á blaiseadh cheana féin id shamhlaíocht; agus an bhean ar an mhinicíocht chéana, 'chuile sheans, leatsa? Tig linn lár a bhéile a chur i gcomparáid leis an ngné léi is mó a théann i bhfeidhm ort - na cíocha, na másaí, an tóin -sin nó a leochailleacht, a cineáltacht, agus go deimhin a héifeacht, a gliceas, a stuaim, mar a bhíodh Maim, ar dheis Dé go raibh sí, an créatúr.

'Sea, mhais, bheadh go leor leor le foghlaim aige ó mhná na hEorpa, gan trácht ar chor ar bith ar a raibh ag fanacht air san Afraic agus san Áis. Sa tSeapáin, dá mb¹fhíor do na scéalta, bhí na mná fíor-oilte d¹aon ghnó le freastal go gairmúil agus go hiomlán ar an bhfear, ó sholas go solas. Samhlaigh sin! Freastal ar gach miangas agus gan ach imfhios dá stiúradh!

Chaith sé siar a raibh sa ngloine agus amach leis. D¹fhágfadh sé an gluaisteán sa mbaile agus shiúlfadh sé go dtí áit na coinne a bhí acu ón tús, faoi chrann an ghallchnó, a thaitin chomh mór sin léi, go háirithe sa bhfómhar, agus í faoi dhraíocht ag na préacháin is iad a plé chomh glic sin leis na cnóite. 'Sea, agus uaidh sin go dtí teach an óil.

Sa mbaile dó, roghnaigh sé an chulaith éadaigh ba sholúnta dá raibh aige, le béim éigin a chur faoina chuid cainte, nach raibh aon chur i gcéill i gceist an babhta seo, ach ciall, réasún, comhairle, agus go deimhin cinneadh.

Ag fannacht air a bhí sí, í gléasta go slachtmhar, mar i gcónaí, í ag gáire.

-Cá bhfuil an tsochraid?
-Sochraid?
-An chóir sin éadaí!
-Nach cuma?
-Go deimhin, is cuma. Ach theastaigh uait rud tábhachtach a phlé liom.
-Teastaíonn. Ach ar ball, nuair a bheas deoch againn.
-Ceart go leor.
Soiléir go maith dó nach raibh sé ceart ná ceart di.
-Aon scéal?
-Tada. Tada nua.
Gan oiread is smid uaithi agus iad ar an mbealach go dtí an tabhairne. Aisteach go maith, dar leis, ise a bhí chomh cainteach sin i gcónaí. An amhlaidh a bhí fhios aici céard é a bhí ar a intinn?

Nuair a bhí an deoch os a gcomhair, ise ba thúisce a labhair, ach ar nós cuma liom, aoibh an gháire uirthi.

-Anois, más ea, oibrigh ort! Rud tábhachtach, a dúrais, bail ó Dhia ort! Agus tú cosúil le sagairtín...
-Tábhachtach? Tá agus níl.
-Tusa a dúirt!
-Ceart. In aon abairt, ba chóir dúinn scaradh ó chéile. Tá mise ró-shean duit. An-óg, an-óg ar fad, atá tusa. Ba chóir dúinn beirt bualadh ar aghaidh, ar ár gcosáin féin, mar a déarfá. Is é do leas atá uaim. Níor chóir dom a bheith sa mbealach ort. Caithfidh muid beirt bualadh ar aghaidh, aithne a chur ar dhaoine eile, gluaiseacht ó chiorcal go ciorcal, Agus lán d¹fhuinneamh atá tusa, fuinneamh na hóige.

-Mhaise, bhainis na focla ó mo bhéal. Fíor duit, nár chóir dom a bheith chomh ceangailte le seanduine. Agus murach na saoire sa Spáinn, agus na dinnéir in aisce, le fada an lá bheinn imithe ar eiteoga na gaoithe.

Nóiméad eile agus ina aonar a bhí sé agus sin á aireachtáil go trom aige. B¹amhlaidh a bhí sé dumpáilte aici.

.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >