Feasta ar an Idirlíon
.
Barr an clúdaigh
An Clúdach
Cúlra
.
Teangmháil
  • An tEagarthóir
  • Comhluadar


    Eagarfhocail
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair

  • Deireadh Fomhair

  • Samhain



    Smaointe Polaitíochta
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair

  • Deireadh Fomhair

  • Samhain





    5 leabhar is fearr díol
  • Meitheamh

  • Lunasa

  • Méan Fomhair

  • Deireadh Fomhair

  • Samhain

    <

    An bhfuil aiste agat?
    feasta@eircom.net

    Feasta Online



    Ord Feasta
    12 eagrán tríd an bpost £35 (Éire);
    £45 thar lear.

    Déan teangmháil le:

    Máire Ní Laoi
    An Siopa,
    6 Sráid Fhearchair,
    BÁC 2.

    fón: 353 1 4783814
    facs: 353 1 4785428
  • .





    Clár na heagráin seo - Feasta Mí na Samhna 2000
    An clár iomláine desna haltanna in eagrán na míosa seo. tuilleadh



    An tEagarthóir
    Pádraig Mac Fheaghusa
    Eagarfhocal - Mí na Samhna 2000
    Pádraig Mac Fhearghusa


    An tAire agus an Oidhreacht

    Cad a bhí i gceist ag an Aire De Valera le déanaí nuair a dhein sí an ráiteas úd faoinár gcultúr a bheith i mbaol de bharr ár gceangal leis an Aontas Eorpach? Ní hé nach bhfuil sí i dteideal a leithéid de ráiteas a dhéanamh, má shíleann sí go bhfuil sin amhlaidh, go háirithe ag féachaint don aireacht atá faoina cúram - ach b¹fhearr go mór go mbeadh sí níos soiléire maidir le cén gnéithe dár gcultúr nó dár n-oidhreacht a fheictear di a bheith i mbaol, nó cén reachtanna de chuid an Aontais atá ag cur isteach orthu.

    Tá tábhacht ar leith leis an gceist seo in Éirinn, mar is minic nach mbíonn daoine ar aon fhocal faoi cad atá le háireamh mar ár gcultúr nó ár n-oidhreacht. Tá cuid againn, mar shampla, a shíleann .... tuilleadh


    Iriseoir
    Proinsias Mac Aonghusa
    Smaointe Polaitíochta - Samhain 2000
    Proinsias Mac Aonghusa


    An dtuigtear cé chomh lag agus a d¹fhéadfaí a bheith athuair dá ndéanfadh an tUachtarán nua faillí ionainn?

    Rachaidh an tUachtarán nua i gceannas na Stát Aontaithe i mí Eanáir. Ach i ndáiríre, is féidir a rá go bhfuil deireadh cheana féin le huachtaránacht Bill Clinton.

    Deirtí san am a caitheadh gur beag a d¹fhéadfadh uachtarán nach raibh ag seasamh arís a dhéanamh sa bhliain deiridh aige sa Teach Geal. Ní móide go bhfuil sin fíor ar fad anois. Ach ní mór an aird a thugtar ar ghníomhartha uachtaráin a bhfuil a chomharba tofa idir Samhain agus Eanáir. Is fíor go ndeacha Bill Clinton don Mheán-Oirthear in athuair an mhí seo caite, agus go ndearna sé a dhícheall síocháin shealadach ar a a laghad a chur i gcionn athuair ansiúd. Ach dá fheabhas é, an féidir a rá gur éirigh leis mórán a dhéanamh? An amhlaidh don turas chun na tíre seo?

    Chuir Bill Clinton eacnamaíocht Mheiriceá ar a bonnaí. Nó muna ndearna, tharla sin le linn dó a bheith i gcumhacht. Dá mba é a mhalairt a tharlódh sna blianta sin, chuirfí milleán air. Dá bhrí sin, tá .....
    tuilleadh



    Iriseoir
    *
    Éalú - Feasta Mí na Samhna 2000
    le Deasún Breatnach

    Chugainn ceaibilíor an cheantair an lá aoibhinn samhraidh seo, lena chuid gruaige cataí gréasaí go dtí an ghualainn, lena chroiméal tanaí dubh, lena spéaclaí diabhalaí gréine agus, ar ndóigh, na bristí leathair, an tUasal Maitiú é féin, an té atá ina bhanc ag an oiread sin rún, scannal, aventuras, d¹eile ach é ina bhas ar ionad mór artola agus siopa lena chois, an t-iomlán ar oscailt 24 uair sa ló, agus é féin i láthair ann cuid mhaith den am sin, éisteacht na muice bradaí aige, súil an fhiolair, agus gáire a mheallfadh saibhreas mór ó Dhéamair, dá mbeadh seisean fós inár measc.

    - Bhís le cuairt a thabhairt ar Mhaidrid?
    - Agus thugas. Áit bhrothallach . . . Deich bpunt di, mar i gcónaí.
    - Agus ise in éindí leat, ab ea² Nó ab amhlaidh a tharraing sí . . .
    - Tháinig sí, ceart go leor. "Tuige nach dtiocfadh?"
    - "Tuige ar bith! D¹éirigh leat, ar sin?"
    - D¹éirigh. Ach caithfidh mé í a dhumpáil, anois.
    - "Théis di a bheith chomh tuisceanach sin duit. Níl sé sin ...... tuilleadh



    An File
    Dán na Míosa seo - Mí na 2000
    le Rody Gorman


    Scál

    Ar mo mharana liom féin
    Is an ceol
    ag gabháil i dtiús ar an dá chliathán.
    Ar turas farraige sall
    Idir Muir na mBeo
    Agus Muir na Scál.


    Loc .....tuilleadh

    Lá breithe .....tuilleadh

    Údar .....tuilleadh

    Aireachtáil .....tuilleadh

    Cathaoir Rotha .....tuilleadh

    Cliathán .....tuilleadh



    Na 5 Leabhar is Fearr Díol
    An Siopa

    1. Dúnmharú sa Daingean
    2. De Bhunadh Protastúnach - Rian Chonradh na Gaeilge
    3. Doctúir na bPiast
    4. Pobal na Gaeltachta - A Scéal agus A Dhán
    5. An Aimsir Óg - Scéalta, Aistí, Dánta. ..............
    tuilleadh

    © 2000 Feasta

    Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
    < feasta  ar an Idirlíon >
    © Feasta agus na Scríobhneoirí