Dánta na Míosa, Feasta, Eagrán Mí na Samhna 2000
Dánta na Míosa, Feasta, Eagrán Mí na Samhna 2000

le Rody Gorman

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



Scál

Ar mo mharana liom féin
Is an ceol
ag gabháil i dtiús ar an dá chliathán.
Ar turas farraige sall
Idir Muir na mBeo
Agus Muir na Scál.



Loc

Istigh san Oileán Mór
a thaibhsíonn beag
Idir an fharraige ghlas lom
Agus na tithe bána, thíos i log.
Loc
Thíos i gcumar cnoc
Sa mbáisteach,
Clocha scáil
Geal
Mar thréad caorach
Nó mar chapaill Mhanannáin
fós ina léim.



Lá breithe

Thóg sé achar
Ceart go leor
Ach tháinig an tuar
faoin tairngreacht ar deireadh thiar
Agus tabhair geit air! -
Is mise m¹athair.



Údar

D¹éag an túdar úd fadó.
Roland Barthes ab ainm dó.



Aireachtáil

Tá mé ag éirí
Chomh dearmadach sin:
Seo mise d¹aireachtáil
Uaim agus tú thall
I do shuí ar do chathaoir uilleann Gan fhios dom i gcónaí!



Cathaoir Rotha

D¹imigh sí uaim ar ball
Agus shíl mé féin
Gurb é an rud a dhéanfainn
Ach an gluaisteán a raibh mé
ag taisteal ann
A chur faoi artic mór,
Ceann le P & O, abair.
Agus mura n-éireodh liom
Deireadh a chur liom féin,
Nár chuma sa deabhal
Óir nach dtiocfadh as mar thoradh
Faoi dheireadh thiar thall
Ach go mbeinn i gcathaoir rotha
Ar feadh mo shaoil
Is mé ag triall sa sneachta
VROOOM!
Im amadán sona
Síos Bóthar Nás na Rí na síoraíochta.



Cliathán

Ar an gcliathán dom
Ag an gcluiche ceannais,
An babhta deireanach
idir an dá ghorm,
Celtic & Rangers,
Mé im Thadhg an dá thaobh.



.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >