Smaointe Polaitíochta Feasta Mí na Samhna 2000
Smaointe Polaitíochta

le Proinsias Mac Aonghusa

Feasta - na míosa seo
Feasta
na míosa seo



An dtuigtear cé chomh lag agus a d¹fhéadfaí a bheith athuair dá ndéanfadh an tUachtarán nua faillí ionainn?

Rachaidh an tUachtarán nua i gceannas na Stát Aontaithe i mí Eanáir. Ach i ndáiríre, is féidir a rá go bhfuil deireadh cheana féin le huachtaránacht Bill Clinton.

Deirtí san am a caitheadh gur beag a d¹fhéadfadh uachtarán nach raibh ag seasamh arís a dhéanamh sa bhliain deiridh aige sa Teach Geal. Ní móide go bhfuil sin fíor ar fad anois. Ach ní mór an aird a thugtar ar ghníomhartha uachtaráin a bhfuil a chomharba tofa idir Samhain agus Eanáir. Is fíor go ndeacha Bill Clinton don Mheán-Oirthear in athuair an mhí seo caite, agus go ndearna sé a dhícheall síocháin shealadach ar a a laghad a chur i gcionn athuair ansiúd. Ach dá fheabhas é, an féidir a rá gur éirigh leis mórán a dhéanamh? An amhlaidh don turas chun na tíre seo?

Chuir Bill Clinton eacnamaíocht Mheiriceá ar a bonnaí. Nó muna ndearna, tharla sin le linn dó a bheith i gcumhacht. Dá mba é a mhalairt a tharlódh sna blianta sin, chuirfí milleán air. Dá bhrí sin, tá moladh tuillte aige. Rinne sé leas na tíre seo agus ba mhór aige é. Is eisean an chéad uachtarán de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá a chuir spéis dáiríre i gcúrsaí na tíre seo.

Is fíor gur bhreá le cuid eile díobh, ar nós John F. Kennedy, gur as Éirinn a tháinig a sinsear. Tugadh an-fháilte dó ar a thuras anseo sa bhliain 1963, an bhliain chéanna ar maraíodh an fear bocht. Ach ní shílim gur ghlac sé riamh le fadhbanna na hÉireann mar nithe a raibh aon tábhacht ar leith ag baint leo. Níor shíl sé aon dualgas ar leith a bheith air féin cúnamh a thabhairt dó thír a shinsir. Ní féidir an rud céanna a rá faoina dheartháir Edward Kennedy a chuir, agus a chuireann, spéis mhór i gcúrsaí Éireann agus a chuidigh leis an tír seo ar mhórán slite.

Agus is cinnte nach féidir a rá go ndearna an deirfiúr, Jean Kennedy, aon fhailí agus í i mBaile Átha Cliath mar ambasadóir. Is ise, dar liomsa, agus tá aithne agus eolas maith agam uirthi agus ba mhinic mé ina teach, an Cinnéideach is mó a dhein leas na hÉireann. Chuidigh sí ar na scórtha slite leis an bpróiseas síochána a fhorbairt. Chuir sí cnámh droma in Bill Clinton cúpla uair, nuair a bhí an State Department, atá agus a bhí báidhiúil le polasaithe Shasana, ag iarraidh a chur ina luí air nárbh fhiú leanacht lena chuid oibre Éireannach.

Cailliúint mhór a bhí ann nuair a tháinig deireadh lena tréimhse mar ambasadóir. Is ar éigean atá aon tuiscint ag a comharba, Mike Sullivan as Wyoming, ar chúrsaí na hÉireann; is é a pholasaí amháin seisean ná Éire a tharraingt isteach i NATO, nó ar a laghad deireadh a chur le neodracht na tíre. Ach sin scéal eile. Ní fada eile a bheas an fear seo i mBaile Átha Cliath, agus is ar éigean a bheas a chomharba chomh dona leis.

Ach fillimis ar Bill Clinton. Rinne seisean margadh le dream meabhtrach Éireannach faoi cheannas Niall Uí Dhubhda i Nua Eabhrac - fear tuisceanach as Contae Lú a bhfuil deartháir leis ina Sheanadóir de chuid Fhine Gael - dá seasfadh formhór an phobail Éireannaigh leis i dtoghchán 1992, agus arís ceithre bliana dar gcionn, go gcuirfeadh seisean fuascailt ghéarchéim na hÉireann go hard ar a liosta príorachta. Sheas Niall Ó Dubhda lena fhocal, agus sin freisin a rinne Bill Clinton.

Ní féidir riamh a bheith cinnte ar fad de gach rud. Ach murach a ndearna Bill Clinton sa Teach Geal maidir leis an tír seo, an mbeadh cúrsaí chomh maith is atáid? Tuigim na deacrachtaí; tuigim nach bhfuil gach rud leath chomh maith is a d¹fhéadfadh a bheith. Mar sin féin, sílim gur i bhfad níos measa agus níos duibhe a bheadh scéal na hÉireann murach a ndearna Bill Clinton. Níor chóir go deo dearmad a dhéanamh ar a chuid oibre, ach is dóigh go ndearna formhór an phobail dearmad faoi. Nach mó go mór fada an aird a tugadh ar an tseafóid maidir le Monica Lewinsky ná ar a dhea-obair ar son Mheiriceá, agus síocháin an Domhain? Bíonn daoine aisteach; is fearr leo go minic an drochrud ná an rud maith.

Féach scéal Chathail Uí Eochaidh gur léir anois nach fada eile atá aige ar an saol seo. Rinne seisean an-chuid don tír seo. Maitheas ar bith a fuair seandaoine, daoine bochta, ealaíontóirí, bhí baint mhór aige leis mar Aire Airgeadais, Aire Sláinte agus mar Thaoiseach. Thug sé stádas ard don Stát; sheas sé leo síud sna Sé Chontae a bhí ag lorg a gcearta daonna. Thug sé dúshlán na Sasanach aimsir Chogadh na Malvinas. Thug sé misneach do dhaoine. Ar ndóigh, bhí sé de shíor faoi ionsaí. Níor thaitin sé leis na maithe móra; bhí an ghráin ag cinnirí Fhine Gael air; ní raibh na nuachtáin riamh ar a thaobh, fiú go sealadach. Buachaill as Domhnach Cearnach, eastát tithe Bardais i dtuaisceart Átha Cliath ab ea é a chuaigh chun cinn de bharr é a bheith meabhrach. Ghnóthaigh sé scoláireachtaí a thug chun na hOllscoile é. Is é féin a rinne an dul chun cinn. Ní raibh a dhath ag a mhuintir ná ní raibh aithne acu ar dhaoine cumhachtacha a chuideodh leo, b¹fhéidir. níor bhain muintir Uí Eochaidh le haon chumann ná le haon dream ná aon Chiorcal Ordha a dhéanfadh a leas. Nuair a bheas scríbhneoireacht fhírinneach amach anseo á dhéanamh ar Chathal Ó hEochaidh, tiocfaidh na fíricí ar fad chun solais. Na dea-fhíricií agus na fíricí dorcha.


Ach níl trácht anois ach ar ghnóthaí dorcha; níl aon aird á thabhairt ar dhea-thréithe. Is fíor é a bheith amplach; is fíor gur tugadh bronntanais fhiala airgid dó agus gur cinnte sin a bheith mí-eiticiúil, cé nach dóigh go raibh sé i gcoinne na dlí. Ach níl aon údar ar leith ann lena cheapadh go ndearna sé a dhath as bealach chun leasa daoine a bhronn airgead air. Ghlac sé leis na bronntanais amhail is dá mbeidís tuillte aige. Is cinnte go raibh éirí in airde air. Bhí sé caifeach as cuimse. Agus chuaigh sé ag plé le scubaid mhná a dhein feall uafásach air i ndeireadh báire. Níl aon chuid de seo le moladh.

Ach chuir a ndearna sé ar son na tíre agus a muintire le linn dó a bheith sa pholaitíocht i gcomórtas lena chuid laigí agus feicfear chomh maith agus a bhí a chuid oibre. Is eisean seachas aon duine eile is cionn tsiocair le teach an bheithígh spéisiúil sin An Tíogar Ceilteach. Ach ní fheileann sé do lucht a cháinte a dhath a rá faoi sin. Tá deabhlú iomlán déanta ar Chathal Ó hEochaidh. Ach tiocfaidh a lá seisean amach anseo. Faraor, is san uaigh is dóigh a bheas Cathal Ó hEochaidh nuair a tharlós sin, agus cuid mhaith eile ina theannta. Seans gur daoine nach bhfuil fós ar an saol a scríofas iomlán na fírinne faoi. Fathach polaitíochta agus ní abhac a bhí ann.

Agus nach mar sin freisin do Bill Clinton? Nuair a rachas sé go foirmeálta as oifig i gceann deich seachtaine, beifear ag iarraidh é a tharraingt os comhair cúirteanna faoi nithe fánacha a tharla, má tharla siad in aon chor, i bhfad ó shin. Táthar ag rá nár inis sé iomlán na fírinne, nó gur chuir sé an fhírinne as a riocht, nuair a ceistíodh é faoi mhionn maidir lena chaidreamh le Lewinsky. Cá bhfios domsa ar inis sé an fhírinne, cuid den bhfírinne nó bréag ar fad faoina chuid imeachtaí gnéis. Ach tá fhios agam an méid seo: ní dóigh liom gur casadh aon duine riamh orm, bean nó fear, a d¹inseodh iomlán na fírinne do dhuine ar bith faoina gcuid cúrsaí gnéis - agus is cinnte nach gcuirfinn milleán dá laghad orthu.

Ar nós Chathail Uí Eochaidh bhí laigí chomh maith le láidreachtaí in Bill Clinton. B¹fhéidir nár mhiste smaoineamh ar ar dhúirt Harold Wilson tráth agus é ag caint ar a chuid oibre mar Phríomhaire ar an mBreatain: 'Dá mbeadh ar aon Phríomhaire rialtas a chur le chéile agus go raibh bac ar lucht adhaltrais, ba rídheacair dó sin a dhéanamh.¹ B¹fhíor dó.

Ná ceapadh duine ar bith nach bhfuil lucht adhaltrais ar chéadbhinsí na bpáirtithe móra i dTeach Laighean, agus gur dóigh gurbh amhlaidh a bhí i gcónaí. Is féidir an rud céanna a rá faoi Thionól an Tuaiscirt agus faoi gach parlaimint ar Domhan, is dóigh.

Ach is cuma faoi. Ní naoimh atá de dhíth i rialtaisí ach polaiteoirí a oibreos go crua agus go ciallmhar ar son na tíre agus an phobail. níor chuir imeachtaí Bill Clinton leis an mbean óg sin, ná imeachtaí Chathail Uí Eochaidh lena scubaid féin isteach nó amach ar dhea-riaradh an dá thír, nó gur tugadh poiblíocht nár ghá dóibh.

Nach cuma linne in Éirinn cé mhéad leannán a bhí, atá, nó a bheas ag uachtarán úr na Státaí? Nach bhfuil fhios againn go maith gur mhithid dó an fhírinne a chur as a riocht, agus nach bhfuil fhios againn freisin gur sin rud a dhéanann lucht polaitíochta go hiondúil. Fiú iad siúd a ligeann naofacht as an gcoitiantacht orthu féin!

Séard atá uainne ó Uachtarán Mheiriceá go gcuirfeadh sé an spéis chéanna i ngéarchéim na tíre seo agus a dhein an tUachtarán Clinton. Ní hé nach cuma linn faoi fhiontair eile polaitíochta a bheas ar siúl aige, agus ní gá in aon chor go n-aontóimis leis de shíor. Ach teastaíonn cúnamh uainn. Dá mba rud é gur shíl sé nárbh fhiú a bheith ag plé linn, nach bhféadfaí ár bhfadhbanna a leigheas agus gur contúirt dó féin dul ag plé linn ach go himeallach, dhéanfadh sin dochar.

Ní theastaíonn ó na Sasanaigh go mbeadh aon náisiún eile ag plé lena gcuid imeachtaí sa tír seo. Ina gcroí istigh tá fhios ag máistrí Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breatainne nach bhfuil gnó ar bith acu in Éirinn. Ach ní leor sin. Ní foláir brú a choinneáil ar Londain. Agus ní móide go bhfuil aon chara láidir againn seachas Meiriceá.

Mar atá ráite agam, is le linn uachtaránacht Bill Clinton, agus lena linn sin amháin, a chuir Meiriceá oifigiúil spéis ionainn agus nár glacadh gan cheist le leagan amach Londain faoi na Sé Chontae. Tá tuiscintí ar leith idir Washington agus Londain le fada. Is comhghuaillithe dílse dá chéile iad.

Ach bhí an tUachtarán Bill Clinton, de bharr Niall Uí Dhubhda agus Gaeil-Mheiriceánacha eile, sásta éisteacht i gcás na hÉireann. An dtuigtear fós sa tír seo cé chomh mór de athrú is a bhí ansin? An dtuigtear fós a thábhacht? An dtuigtear cé chomh lag agus a d¹fhéadfaí a bheith athuair dá ndéanfadh an tUachtarán nua faillí ionainn? Níl Éire saor go fóill agus is maol gualainn gan bhráthair.



.
.
.
© Feasta agus na Scríobhneoirí

Suaitheantas Idirlíne 'Feasta'
< feasta  ar an idirlín >