Paddy Deane 1932- 2001

Na Biáide


An rud is faide siar is cuimhin liom faoi m'uncail Paddy ná na tréimhse a chaitheamar inár gcónaí i 64 Sráid an Droichid Dún Dealgan os cionn an tSiopa. Bhí seisean ina mhúinteoir bhunscoile ansin agus é ag múineadh rang na naoineán sóisireacha i scoil na mBráithre De La Salle. Bhí triúr againn an t-am sin mise, mo dheirfiúr Áine agus mo dheartháir Caoimhín, sinne go léir inár naoineáin fós. Bhí naoineáin aige ar scoil agus naoineáin aige sa bhaile.

Is cuimhin liom é ag déanamh amach na fógraí móra ranga, bhíodh ar an múinteoirí an treallamh múinteoireachta a dhéanamh iad féin an tráth sin. É ag cleachtadh na ceachtanna orm. Is cuimhin liom fós na focail " gob, peann, dúch" agus na pictiúirí ag gabháil leo. Is cuimhin liom freisin na pinginí a fuaireamar uaidh le fanacht inár dtost fhad is a bhí sé ag obair.

Fear grinn a bhí ann agus i gcónaí i mbun cleasanna, é ag ligint air go raibh canna phéísteanna aige an chéad uair a thug sé canna spaigití leis don tae. Bhí sé fial flaithiúil freisin mar uncail. Is cuimhin liom an lá gur thug sé isteach chun na bréagán a fheiceáil agus gur cheannaigh sé mo rogha ruda dom Nollag amháin. Cheannaigh sé cótaí álainn gorma dom féin agus do mo dheirfiúr agus sinne ag déanamh an Chóineartú. Bhí sé mar sin le mo pháistí féin. Dúirt Seosamh liom inné faoi " Ní chuimhin liom mórán ón t-am a bhí mé cúig bliana d'aois ach is cuimhin liom gur tháinig sé oíche amháin agus mé I mo chodladh, bhí fhios agam go raibh sé ann mar bhí mála ollmhór milseáin ag fanacht liom ar maidin." Suimíonn sé sin Paddy- Tá fhios againn go raibh sé ann toisc na cuimhní álainn a d'fhág sé ina dhiaidh.

Dfhreagair sé glaoch an Tiarna agus d'imigh sé uainn le bheith ina mhanach agus scríobhamar ár litreacha beaga chuige. Is cuimhin liom ceann amháin á scríobh agam " táim ag scríobh an litir seo chugat i dtreo is nach mbeadh orm na gréithe a ní". Ba é sin an tsaghas duine a bhí ann… do chomhghleachaí agus cleasanna beaga páistiúla ar siúl agat.

Ní dóigh liom gur fhás sé suas riamh agus nuair a smaoiním ar a dúirt Íosa "muna bhfuil sibh cosúil leis na páistí beaga ní thíocfaidh sibh isteach i ríocht Dé", táim cinnte de go bhfuil sé ann anois.

Le déanaí bhí sé ar ais arís ag foghlaim conas cabhradh le daoine le fadhbanna, ní raibh gá le sin mar bhí an bua sin i gcónaí aige. Bhí sé i gcónaí ann nuair a bhíomar ag fulaingt agus mhaolaigh sí gach brón dúinn. Tar éis na droch-rudaí a tharla an tseachtain seo chaite i Meiriceá is soiléir go raibh a leithéid ag teastáil ag Dia agus táim cinnte go raibh sé ag teastáil.

Bhí pian sa chliabh aige agus d'imigh sé chuig an doctúir… ní fuarthas aon rud chearr leis agus dúirt lena chomhluadar-"dea-scéal a bhuachaillí beidh mé beo go gceann trí seachtaine eile mar duírt an doctúir gur mhaith leis mé a fheiceáil ansin". Faraoir níor lean sé beo ach lá amháin. Ach táim cinnte go bhfanfaidh sé linn i mbealach éigin don trí seachtaine sin a gheall sé dúinn chun cabhradh linn mar a rinne sé i gcónaí agus ansin guím go mblaisfidh sé sonas Neimhe go Deo.

Kay Uí Chinnéide.

abhaile