Cuideachta na Naíonán


 


 
 

Fostaíonn an comhlacht 'Cuideachta na Naíonán' Aoife Ní Chuirrín, Sinéad Ní Mhurchadha, Máiréad Ní Chathbhuadhaigh, Gráinne Ní Chuirrín agus Tríona Ní Ghealbháin ó Mheánscoil San Nioclás, An Rinn. Sa chomhlacht seo tá Aoife mar Stiúrthoir Bainistíochta, tá Sinéad mar Bhainisteoir Ceannacháin agus Gráinne mar Bhainisteoir Díolacháin. Mar Bhainisteoir Airgeadais tá Máiréad agus 'sí Tríona an Bainisteoir Ceannacháin agus Táirgíochta. Foireann í seo a tháinig le chéile chun Blaincéidí Imeartha do pháistí ó 0-3 bliana d'aois  a dhéanamh

Is dóigh linn go spreagann ár dtáirge na páistí chun foghlama de bharr na ndathanna, na n-uigeachtaí agus na n-uimhreacha éagsúla atá ar na blaincéidí. Is táirge oideachasúil é.

Tá na blaincéidí imeartha déanta as ilchadás i ndathanna difriúla curtha le chéile agus líonta le 'wadding'. Tá bréagáin eile curtha air. Ba é an t-éadach agus an 'wadding' na hamhábhair ba chostasúla le haghaidh an táirge seo.

D'éirigh go maith linn, cé go raibh fadhbanna againn le mórdíoltóirí agus le cuid de na siopaí a bhí ag iarraidh proiféid ró-mhór a dhéanamh asainn. Anois tá postaéirí curtha againn i siopaí áitiúla freisin mar fhógraíocht bhreise. Fuaireamar níos mó órdaithe dá bharr seo. Chaitheamar a lán airgid chun an comhlacht a thosnú ach dhíolamar go leor blaincéidí chun brabús a dhéanamh as.

Tá súil againn go mbeidh sárbhliain againn i 1999.


 

Opening Page

English