An Limistéar: Tá ceantar Mhúscraí suite i gceann des na háiteanna is áille sa tír. Tá sé in iardheisceart na tíre, i gContae Chorcaí. Tá sléibhte Seithe (1797) agus Abhainn na Laoi mar theorainn aici sa Deisceart, agus san Iardheisceart tá loch an Ghuagáin agus a sléibhte (1989), san Iarthar agus sa Tuaisceart tá Sléibhte Doire na Sagart (1561'san Iarthar agus 2133' sa Tuaisceart), agus mar theorainn san Oirthear tá an Ghaorthadh, atá mar chuid de Abhainn na Laoi, in aice le Magh Chromtha.
Gaeltacht is ea ceantar Mhúscraí agus t´ teanga, cultúr agus stair ar leith aici, at´ an thabhachtach agus luachmhar don gcuid is mó des na daoine, idir óg agus aosta. Cultúr: Ba é an Ghaeilge teanga mhuintir Mhúscraí tríd na haoiseanna, ach bhí Laidin agus Gréigis in úsáid chomh maith, go h´irithe ins na Scoileanna Scairte, a bhí go líonmhar ar fúd na h-´ite. De bharr an Gorta Mór i 1845/47 thit lion na ndaoine go mór agus ina dhiaidh sin bhí imirce go forleathan. Is iad na h-oibrithe agus na feirmeoirí beaga is mó a d'fhulaing, ach tá s&ecute; fíor le rá gur lean said leis na sean nósanna agus leis an nGaeilge. |
Gné an-mhór de shaol na Gaeltachta tríd na blianta ná na Feiseanna, le comórtaisí do Amhránaíocht ar an Sean Nós, Ceol, Rince, Drámaíocht, Filíocht, Scéalaíocht agus rl. Tríd na blianta feicimíd múinteoirí agus daoine díograiseacha eile ag déanamh a ndícheall chun an Ghaeilge a spreagadh. D'eagraigh said ranganna, seiminéaracha, scríochtanna agus drámaí - daoine mar Dónal Bán O Céilleachair, Seán O Ríordáin, Dónal O Ceocháin, Pronsias O Ceallaigh, Eamonn O hOrgáin, Séamus O Sé agus a lán eile. Gan amhras, dhein Seán O Riada a chuid féin don Ceol Gaelach agus chum sé an- chuid píosaí nua chomh maith. Tá Féiltí mar na Féiltí Drámaíochta,Dámhscoil Mhuscrai Uí Fhloinn a bhunaíodh i1924 mar aithris ar na Cuairteanna Filíochta a bhí ann cúpla céad bliain ó shoin Tionóltar é gach bliain timpeall um Nollag gan briseadh go dtí an lá atá inniu ann. Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin, Ghlóir Cheoil Chill na Martra, Daonscoileanna Bhéal Atha'n Ghaorthaidh agus rl. Mar chuid den Saol Ghaelach, agus meallann said an-chuid cuairteoirí go dtí an áit gach bliain..
|