|
Corcach agus Dánta Eile
Louis de Paor Coiscéim 1999 47pp
le Tadhg ÓDúshláine
Báthadh, 'immersion', 'cold turkey', pé rud gur mhaith leat a thabhairt air, is é a éilíonn filíocht Louis ar an léitheoir ó thosach. Ceann de mhór- bhuanna an fhile seo é go dtumann sé go croí an ábhair láithreach agus nach mbadrálann é féin ná an léitheoir le coinbhinsiúin ná foirmlí seanchaite maidir le suíomh ná cruthú atmaisféir ar an modh traidisiúnta, cé go mbíonn a chuid dánta ar maos leis an mblas, an dath agus an fhuaim áitiúil. Má éilíonn seo dian-iarracht ar an léitheoir ar uairibh is maith is fiú an tíolachadh fileata atá mar thoradh ar an iarracht chéanna. I ndán teidil an chnuasaigh seo, mar shampla, tarraingítear an léitheoir isteach ina lár ó thosach: "Bhí sé fuar fliuch/ ar French's Quay", gan trácht ar an Pasáistre Thiar ná na tagairtí folaithe do Dunlop's ("...seanbhoinn stractha / ón monarchain dúnta") agus mana na cathrach céanna (Statio bene fide carinis), agus bréantas na Laoi. Tá an grá is an ghráin is claustrofóibe an t-imirceach Coraíoch anseo leis: grá na muintire agus an áit dúchais a gcaithfear éalú uathu ar eagla a phlúchta agus chun go bhfágfaidh sé a mharc féin sa tsaol.
Deich mbliana ó shin a foilsíodh "Glaoch Gutháin" (Innti 12, 1989) ina mórann Louis an "chathairphoblacht i lár portaigh" agus sa chnuasach seo is déanaí uaidh, tá mórán Éireann eile de dhinnseanchas na cathrach céanna: Gaol Cross, Réalt an Iarthair, Droichead an Chroí Rónaofa, Bóthar an Ghleanna, Baile an Chollaigh, Halla na Cathrach, Bóthar na Laoi, Washington Street, Cudmores, South Gate Bridge, Bóthar an Iarthair. Ní hé is tábhachtaí é go n-aithneodh an léitheoir na háiteanna seo iontu féin, ach go dtuigfí an bhrí bhreise shiombalach atá leo. Óir is é a chomharthaíonn an mhionbhéim seo ar na láithreacha Galltachta ná go bhfuil an fhilíocht chomhaimseartha seo arrivé. Ní i dtaobh le "Dún-Chaoineachas faoi sholas an tráthnóna" atá sí a thuilleadh anois go bhfuil athghabháil déanta ar an bhfearann dúchais aici. Ráiteas foirfe, neamhbhalbh, neamhleithscéalach ar an léim seo chun tosaigh is ea Corcach agus Dánta Eile.
Éacht eile a bhraithim ar fhilíocht Louis de Paor ná an neart samhlaíochta laistiar den íomhára chomhaimseatha: é seo, mar shampla, mar chur síos ar dhoineann
báisteach chomh fras le pinginí cíosa ó bhéal sleaitmheáisín
nó an ceann nua-aimseartha seo díreach sna sála ar cheann traidisiúnta
a cruth chomh cam le Bóthar na Laoi ag spalpadh eascainí chomh tiubh le toit as sceithphíopa bus.
Sna caointe sin a bhfuil teilgean traidisiúnta go maith orthu fiú, ar nós "An Chéad Lá Riamh", ar bhás a aintín, cuimhne shamhraidh ó ré na tionscalaíochta, gleithearán Eochaille nó Bhun an tSabhairne is túisce chuige
ar phromanáid samhraidh i Sasana Beag, faoi gheasa arís ag iontaisí plaisteacha is cártaí graosta na hucstaeirí cladaigh, maide milis na gcnámh gan chreimeadh fós ag fiacail na hailse.
Nó an caoineadh eile sin aige ar bhás Rory (Gallagher) a léiríonn go bhfuil glúnta difriúla d'fhilí Innti féin ann: Ó Riada sa Gaeity ba chás le Davitt; roc Rory Gallagher is cás le Louis. Ar a shon san, macallaíonn an dán cumasach seo traidisiún na hamhránaíochta Gaeilge ("Jimí mo mhíle stór", "Rosc na Mumhan") agus filíocht an Ríordánaigh ("solas na bhflaitheas", "sluaistiú", "doircheacht", "guí"), leanúnachas ar saibhrede an caoineadh seo é
....An é nár airís an tuile ag líonadh ort, rabharta cos a dhein bord loinge den urlár i Halla na cathrach is ná líonfaidh feasta an poll a d'fhágais ar ardán id dhiaidh?
An mbraitheann tú anois é, a ghile mearluaimneach méar, is solas na bhflaitheas ag sluaistiú ciúnais ar shúile an tslua 'tá buailte le stáitse ag glaoch isteach ort ón ndoircheacht, Rory Rory Rory An gcloiseann tú anois ár nguí?
Dán cumasach eile ina ndéantar ath-theilgean ar shiombail an Ríordánaigh is ea "Síoda na mBó", dán a bhfuil saibhreas seacht saghas déchéille ann sa chodarsnacht idir torthúlacht gheal an tseanshaoil sa chéad véarsa, agus gur siombal ár n-oidhreachta i ndán an Ríordánaigh é:
Chuimhníos ar m'athair críonna (Bhí lámh ag mo seanathair I ré na clochaoise ann, Sa seid réamhstairiúil Cé nár chleacht sé riamh Ag sniogadh gile filíocht, As sine righin na seanbhó Ach bhí duanaire bó bainne aige Sa bhfeirm i gCiarraí...... Eireball Spideoige)
agus meicniúlacht sheasc na teicneolaíochta sa dara véarsa, gur siombal gránna, na linne seo é, ar nós an fhrancaigh:
nuair a chas EI 132 a smut tais ag smúrthaíl i dtreo an bhaile
Ní bhraithimse an éifeacht shiombalach chéanna in "Harris Tweed", ainneoin gurb é an chasóg seo macasamhail na fallainge sa dán díreach sin "An tú m'aithne, a fhalluing donn?" Tá sainmhíniú an dúchais anseo róChadhaineach (féach, An tSraith ar Lár, ) rómhaoithneach:
móin fhliuch is píopaí cré i gclúid, iasc saillte, prátaí gan scumhadh, mus deataigh ar gheansaí árann.
Ag deireadh thiar ní mhéann sé brobh go bhfuil an saothar seo ag at le mórtas áitiúil, cine is clainne, is oidhreacht léinn. Claochlaítear an taithí seo ina ráiteas fileata le cumas éachtach focal is friotail. Chlaochlaigh Louis de Paor a mhiocra-scéal féin ina mhacra-ráiteas uilíoch, rud a thugann bheith istigh don léitheoir i réimse leathan de na mothúcháin dhaonna. Agus sin é gaisce Louis mar fhile, go dtí seo, dar liom.
Louis agus a iníon, Sorcha, ag 'Éigse Sheáin Uí Ríordáin' |
|