Seanfhocail

Gaeilge - Béarla
1.      Ag duine féin is fearr a fhios cá luíonn an bhróg air.
2.      Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
3.      Aithnítear cara i gcruatan.
4.      An gad is giorra don scornach is túisce is ceart a scaoileadh.
5.      An lao ite i mbolg na bó.
6.      An luibh ná faightear is í a fhóireann.
7.      An rud a chíonn an leanbh is é a níonn an leanbh.
8.      An rud a scríobhann an púca, léann sé féin é.
9.      An rud a théann i bhfad téann sé i bhfuaire.
10.  An rud is annamh is iontach.
11.  An rud is measa le duine ar domhan n’fheadair sé nach é lár a leasa é.
12.  An rud nach bhfuil leigheas air caithfear cur suas leis.
13.  An rud nach féidir ní féidir é.
14.  An t-uan ag múineadh méilí dá mháthair.
15.  An tslat nuair a chruann le haois is deacair í a shníomh ina gad.
16.  An té a bhfuil builín aige gheobhaidh sé scian lena ghearradh.
17.  An té a bhíonn amuigh fuarann a chuid.
18.  An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach.
19.  An té a bhíonn thuas óltar deoch air.
20.  An té a bhíonn thíos buailtear cos air.
21.  An té a dtéann teist na mochóirí amach air ní cás dó codladh go headra.
22.  An té a mbíonn an rath ar maidin air bíonn sé air tráthnóna.
23.  An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.
24.  An té nach mbeireann ar an ngnó beireann an gnó air.
25.  An té nach nglacann comhairle glacfaidh sé comhrac.
26.  An té nach trua leis do chás, ná déan do ghearán leis.
27.  Ar mhaithe leis féin a níos an cat crónán.
28.  Ar scath a chéile a mhaireann na daoine.
29.  Bailíonn brobh beart.
30.  Beart gan leigheas, foighne is fearr dó.
31.  Beatha duine a thoil
32.  Beatha teanga í a labhairt.
33.  Beidh lá eile ag an bPaorach.
34.  Bliain le duine agus bliain ina choinne.
35.  Breithnigh an abhainn sara dtéir ina cuilithe.
36.  Briseann an dúchas trí shúile an chait.
37.  Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear.
38.  Bíonn an fhírinne searbh.
39.  Bíonn blas ar an mbeagán.
40.  Bíonn blas milis ar phraiseach na gcomharsan.
41.  Bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha.
42.  Bíonn dhá insint ar gach aon scéal.
43.  Bíonn gach tosú lag.
44.  Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.
45.  Cad a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú.
46.  Cailín ag Móir is Móir ag iarraidh déirce.
47.  Caora mhór an t-uan i bhfad.
48.  Chonaic mé cheana thú, arsa an cat leis an mbainne te.
49.  Ciall agus michiall - dís ná gabhann le chéile.
50.  Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é.
51.  Cuir síoda ar ghabhar - is gabhar fós é.
52.  D’ordaigh Dia cúnamh.
53.  Doras feasa fiafraí.
54.  Dá dhonacht é Séamas ba mheasa bheith ina éagmais.
55.  Dá fhad lá tagann oíche.
56.  Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin.
57.  Éire i bpáirt, Éire ar lár.
58.  Éist le fuaim na habhann agus gheobhair breac.
59.  Fear na bó faoina heireaball.
60.  Feileann spallaí do bhallaí chomh maith le clocha móra.
61.  Filleann an feall ar an bhfeallaire.
62.  Gach dalta mar oiltear.
63.  Galar gan náire an tart.
64.  Giorraíonn beirt bóthar.
65.  Glacann fear críonna comhairle.
66.  I dtosach na haicíde is fusa í a leigheas.
67.  I dtus an mhála is ceart a bheith tíosach.
68.  I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.
69.  Imíonn an tuirse is fanann an tairbhe.
70.  Iomad den aithne a mheadaíonn an tarcaisne.
71.  Is ait an mac an saol.
72.  Is beo duine tar éis a bhuailte ach ní beo é tar éis a cháinte.
73.  Is binn béal ina thost.
74.  Is breá an ní an óige ach ní thagann sí faoi dhó.
75.  Is báidhiúil iad lucht aoncheirde.
76.  Is cuma nó muc duine gan seift.
77.  Is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg.
78.  Is deacair rogha a bhaint as dhá dhíogha
79.  Is dána gach madra i ndoras a thí féin.
80.  Is dóigh le fear na buile gurb é féin fear na céille.
81.  Is fada an bóthar nach bhfuil casadh ann.
82.  Is fada siar a théann iarsma an drochbhirt.
83.  Is fearr a bheith díomhaoin ná droch-ghnóthach.
84.  Is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas.
85.  Is fearr an tsláinte ná na táinte.
86.  Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas.
87.  Is fearr cara sa chúirt ná punt sa sparán.
88.  Is fearr go mall ná go brách.
89.  Is fearr leath ná meath .
90.  Is fearr lán doirn de cheird ná lán mála d’ór.
91.  Is fearr mac le himirt ná mac le hól.
92.  Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas.
93.  Is fearr rith maith ná drochsheasamh.
94.  Is fearr súil le glas ná súil le huaigh.
95.  Is fearr súil romhat ná dhá shúil i do dhiaidh.
96.  Is furasta fuineadh in aice na mine.
97.  Is gaire cabhair Dé ná an doras.
98.  Is geal gach nua agus is searbh gach gnáth.
99.  Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
100.                      Is geall le scíth malairt oibre.
101.                      Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.
102.                      Is iad na muca ciúine a itheann an mhin.
103.                      Is in ithe na putóige a bhíonn a tástáil.
104.                      Is iomaí cor a chuireann an saol de.
105.                      Is leor nod don eolach.
106.                      Is leor ó Mhór a dícheall.
107.                      Is lia gach othar i ndiaidh a leighis.
108.                      Is lú ná fríd máthair an oilc.
109.                      Is mairg a dheanann deimhin dá dhóchas.
110.                      Is mairg a dhéanann an t-olc is a bhíonn bocht ina dhiaidh.
111.                      Is maith an scáthán súil charad.
112.                      Is maith an scéalaí an aimsir.
113.                      Is maith an t-anlann an t-ocras.
114.                      Is maith an t-iománaí an té a bhíonn ar an gclaí.
115.                      Is maith le Dia féin cúnamh.
116.                      Is maol gualainn gan bhráthair.
117.                      Is minic a bhris béal duine a shrón.
118.                      Is minic a bhí cú mhall sona.
119.                      Is minic a gheall tailliúir is ná tiocfadh sé.
120.                      Is minic ciúin ciontach .
121.                      Is mór é luach na foighne.
122.                      Is olc an chearc nach scríobann di féin.
123.                      Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
124.                      Is sleamhain an leac ag doras duine uasail.
125.                      Is treise dúchas ná oiliúint.
126.                      Is trom cearc i bhfad.
127.                      Is túisce deoch ná scéal.
128.                      Is í an chiall cheannaigh an chiall is fearr.
129.                      Is í an dias is troime is ísle a chromann a ceann.
130.                      Mair a chapaill is gheobhair féar.
131.                      Maireann an chraobh ar an bhfál ach ní mhaireann an lámh a chuir.
132.                      Maireann croí éadrom i bhfad.
133.                      Marbh le tae agus marbh gan é.
134.                      Mian mic a shúil.
135.                      Mol an óige agus tiocfaidh sí.
136.                      Mol gort is ná mol geamhar.
137.                      Mura gcuirfidh tú san Earrach ní bhainfidh tú sa bhFómhar.
138.                      Mura mbeadh agat ach pocán gabhair bí i lár an aonaigh leis.
139.                      Más cam díreach an ród is é an bóthar mór an t-aicearra.
140.                      Más maith leat do mholadh faigh bás: más maith leat do cháineadh pós.
141.                      Más olc maol is measa mullach.
142.                      Múineann gá seift.
143.                      Namhaid an cheird gan í a fhoghlaim.
144.                      Nuair a bheidh do lámh i mbéal na con tarraing go réidh í.
145.                      Nuair a bhíonn an cat amuigh bíonn na lucha ag rince.
146.                      Nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith.
147.                      Nuair is gann é an bia is fial é a roinnt.
148.                      Ná bac le mac an bhacaigh is ní bhacfaidh mac an bhacaigh leat.
149.                      Ná cuir do leas ar cairde.
150.                      Ná déan nós is ná bris nós.
151.                      Ná tabhair breith ar an gcéad scéal.
152.                      Ní bheathaíonn na breithre na braithre.
153.                      Ní bhfuair minic onóir.
154.                      Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.
155.                      Ní bhíonn fear náireach éadálach.
156.                      Ní bhíonn in aon rud ach seal.
157.                      Ní bhíonn tréan buan.
158.                      Ní breac é go raibh sé ar an bport.
159.                      Ní dhéanfadh an saol capall ráis d’asal.
160.                      Ní dhéanfaidh smaoineamh an treabhadh duit.
161.                      Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta.
162.                      Ní fiú bheith ag seanchas agus an anachain déanta.
163.                      Ní féasta go rósta is ní céasta go pósta.
164.                      Ní féidir bheith ag feadaíl is ag ithe mine.
165.                      Ní féidir leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal.
166.                      Ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg agat.
167.                      Ní haithne go haontíos.
168.                      Ní heaspa go díth carad.
169.                      Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
170.                      Ní ionann dul go tigh an rí agus teacht as.
171.                      Ní lia duine ná tuairim.
172.                      Ní lia tír ná gnás.
173.                      Ní mar a shíltear a bhítear.
174.                      Ní mhealltar an sionnach faoi dhó.
175.                      Ní neart go cur le chéile.
176.                      Ní sia gob an ghé na gob an ghandail.
177.                      Ní thagann ciall roimh aois.
178.                      Ní théann dlí ar riachtanas.
179.                      Ní troimide an loch an lacha.
180.                      Níl aon tinteán mar do thinteán féin.
181.                      Níl leigheas ar an gcathú ach é a mharú le foighne.
182.                      Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
183.                      Níl saoi gan locht ná daoi gan tréith.
184.                      Níl sprid ná puca nach bhfuil fios a chúise aige.
185.                      Níl tuile dá mhéad nach dtránn.
186.                      Níl íseal ná uasal ach thíos seal agus thuas seal.
187.                      Níor bhris focal maith fiacail riamh.
188.                      Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.
189.                      Níor líon beannacht bolg riamh.
190.                      Pós bean ón sliabh agus pósfaidh tú an sliabh ar fad.
191.                      Ritheann fear buile trí thuile go dána, ach is minic thug tuile fear buile le fána.
192.                      Sciúrdann éan as gach ealta.
193.                      Seachnaíonn súil an ní ná feiceann.
194.                      Síoda ar Shiobhán is na preabáin ar a hathair.
195.                      Súil le breis a chailleann an cearrbhach.
196.                      Tabhair rogha don bhodach agus is é an díogha a thoghfaidh sé.
197.                      Tagann gach maith le cairde.
198.                      Taithí a dhéanann máistreacht.
199.                      Tar éis a thuigtear gach beart.
200.                      Tarraingíonn scéal scéal eile.
201.                      Tosach sláinte codladh : deireadh sláinte osna.
202.                      Tuigeann Tadhg Taidhgín.
203.                      Tír gan teanga tír gan anam.
204.                      Tús maith leath na hoibre.