|
|||||||||||||
Bhí seachtain breá, bríomhar againn ar scoil seachtain na Gaeilge. Rinneamar iarracht Gaeilge a labhairt i rith na seachtaine. Craoileadh cláriní beaga gach lá ar an intercom. Bhíodh beannachtaí, seanfhocail agus nathanna cainte againn ó Luan go hAoine. Bhí lá Gaelach againn de hAoine. Chaitheamar go léir rud éigin glas an lá sin. Bhí an-chraic againn sa halla le damhsanna, amhráin, fillíocht agus ceol feadóige.
Bhaineamar go léir an-taitneamh as an gcéiliúradh.
BEIR BUA!
|
|||||||||||||
Home | Profile | History | Activities | Notice Board | Newsletter | Competitions | Projects | Contact Us |