An Lá Idirnáisiúnta i gCoinne Ciníochais
21 Márta 2001
Clár na bPríomh-Imeachtaí
Úrsmaointe agus imeachtaí le haghaidh scoileanna agus oibrithe
óige
Is é an 21 Márta an Lá idirnáisiúnta i gcoinne ciníochais agus
19-25 Márta Seachtain na hEorpa i gcoinne ciníochais. In aitheantas do na
laethanta speisialta seo agus don chomhdháil domhanda ar chiníochas atá le tarlú
nios deireanaí sa bhliain san Aifric Theas, tá an Coiste Chomhairleach Náisiúnta
ar Chiníochas agus Idirchultúrachas (CCNCI) i bPoblacht na hÉireann, i
gcomhpháirtíocht le Coimisiún Comhionannais Tuaisceart na hÉireann ag foilsiú
paca gníomhaíochtaí do scoileanna agus grúpaí óige a bhfuil spéis acu tuiscint a
chothú i measc daoine óga ar éagsúlachta chultúrtha agus ar chiníochas.
Tá paca iomlán gníonhaíchtaí ar fáil anois, saor in aisce, ag
na seoltaí gréasáin seo a leanas: http://homepage.eircom.net/~racismctee
agus www.equalityni.org Is féidir é a fháil tríd an bpost ach é a ordú ó na seoltaí thíos. Tá
úrsmaointe, ceardlainn, ról-dhrámaí, mír ar achmhainní, cairt scoile agus scéim
duaiseanna ann.
Seo deich sár-smaointe ar imeachtaí is féidir a eagrú i scoileanna agus
clubann óige don 21 Márta:
- Póstaer a dhearadh agus manna a chumadh le tacú leids an lá.
- Fiosraigh mar gheall ar an gcomhdháil domhanda ar chiníóchas.
- Deasc iolchultúrtha bheith ann le rudaí a léirionn éagsúlacht
chultúrtha.
- Scannán nó píosa de scannán ar théama an chiníochais a thaispeáint le
díospóireacht a spreagadh.
- Fiosraigh na fáthanna a ndeachaigh muintir na hÉireann ar imirce.
- Forbraigh cairt scoile ar chiníochas.
- Déan taighde orthu siúd a chuaigh i bhfeidhm ar an gceist, mar shampla,
Nelson Mandela.
- Déan taighde ar na dlithe a bhfuil baint acu le ciníochas agus
comhionannas.
- Péinteál múrmhaisiú nó déan cuilt a léiríonn éagsúlacht chultúrtha nó
eitneach.
- Cum amhrán nua nó athraigh focail sean-amhráin le héagsúlacht a
cheiliúradh.
Suíomhanna gréasáin eile:
http://www.nihrc.org Coimisiún um Chearta
Daonna (Tuaisceart Éireann)
http://www.unhchr.ch/ Árdchoimisinéir NA ar
Chearta Daonna
http://www.equality.ie An tÚdarás
Comhionannais (Éire)
http://www.irlgov.ie/justice An Roinn Cirt,
Comhionannais agus Athchoirithe Dlí
http://www.cre.gov.uk Coimisiún um
Chomhionannais Cine (GB)
http://www.enar-eu.org/ Líonra Eorpach i
gCoinne Ciníochais
http://www.hri.ca/racism/ Cearta daonna i
gCeanada
http://ireland.iol.ie/~pavee/
Pavee Point (Lucht Taistil na hÉireann) http://www.itmtrav.com
Gluaiseacht Lucht Taistil na hÉireann http://www.refugeecouncil.org.uk
Comhairle na dTeifeach (GB) http://www.eumc.at
Lárionad Monatóíreachta ar Chiníochas AE http://www.ecri.coe.int/
Comhairle na hEorpa http://www.irishrefugeecouncil.ie
Comhairle Teifeach na hÉireann http://migration.ucc.ie/immigration
Lárionad Staidéir na hImirce http://www.unhcr.ch
Árdchoimisinéir NA do Theifigh http://www.blink.org.uk
Suíomh ar cheisteanna mionlaigh na Breataine
Paca Gníomhaíochtaí Le cóip a fháil den phaca
ón ngréasán: www.equalityni.org nó
http://homepage.eircom.net/~racismctee
.
Muna n-éiríonn leat é a fháil ón ngréasán scríóbh litir nó facs
chuig:
Racial Equality Directorate The Equality Commission For Northern Ireland Andras House 60 Great Victoria Street Belfast BT2
7BB Facs (028) 903015993
NÓ
An Coiste Chomhairleach Náisiúnta ar Chiníochas agus
Idirchultúrachas (CCNCI) 26 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 Facs
(01) 4785778
Clár na bPríomh-imeachtaí
|
|
Eagras |
Imeacht |
Dáta |
CCNCI agus Coimisiún um Chomhionannais (TE) |
Seoladh 21 Márta
Mar chuid den seoladh beidh:
Paca gníomhaíochtaí (Tuaisceart/Deisceart) do scoileanna ar
éagsúlacht agus chiníóchas
Fís-téip UNHCR do scoileanna
Úr-thionscnamh RTÉ
Dréachtchonradh do pháirtithe pholaitíochta |
15/03/01 |
An t-Údarás Comhionannais |
Stádas Comhionainn 2000 agus cearta mionlaigh dubha agus
eitneacha |
21/03/01
1-2pm |
CCNCI / An t-Údarás Comhionannais |
Seoladh RAXEN (Líonra Eolais ar Chiníochas) |
13/03/01 |
Pavee Point Ionad an Lucht Taistil |
Seoladh na Tuairisce "Éist"
|
Le cinntiú |
Pavee Point Ionad an Lucht Taistil |
Comórtas sacar idir clubanna óige áirithe (ón bpobal taistil agus suite
agus grúpaí eitneacha eile) |
22/03/01 |
Grúpa Forbartha an Lucht Taistil, Cluain Dolcáin |
Dhá chlár raidió ag plé leithcheal i gcoinne an Lucht Taistil agus
cúrsaí iostais
|
|
Gluaiseacht an Lucht Taistil (TE) |
Seoladh ábhar traenála frith-chiníochais |
21/03/01 |
An Garda Síochána |
Seoladh an Aonaid agus físthéip traenála |
20/03/01 |
Aontas Mac Léinn Éireann |
Seachtain i gcoinne Ciníochais sna coláistí tríú leibhéil |
12/03 – 16/03 |
Lárionad Ioslamach Éireann |
Lá Oscailte
|
24/03
Meánlae – 6pm |
Access Ireland, Tionscnamh na dTeifeach |
Lá Oscailte do bhan-theifigh atá ag cur fúthu go háitiúl |
22/03 |
KADE (Kerry Action for Development Education) |
Taispeántas Póstaeir frith-chiníócha i leabharlainn roghnaithe i
gCiarraí |
19/03/01 to 06/04/01 |
Institiúd Thiobrad Árainn |
Imeacht lae ag ceiliúradh éagsúlacht chultúrtha |
07/03/01 |
Page 1 | Page 2 | Page 3
Main Page |
About Us |
News |
Travellers |
Refugees
Government |
Links |
Site Map |
e-mail us
|