![]() The Voice of the Irish Republican Movement. Republican Sinn Féin
|
CUID mhaith den óige a fhágann an mheánscoil i ndiaidh dóibh an Ardteist a fháil, ní thig leo aghaidh a thabhairt ar an saol. Ní féidir leo a smaointí a chruinniú, ná tabhairt go ciallmhar faoi argóint. Is dócha go bhfaca sibh caint ar an dóigh sin i nuachtán áirithe le déanaí.
Fear a scríofa, bhí leigheas, dar leis, ar na laigí
úd ach daoine a thabhairt le chéile agus iad a chur ar chúrsa
speisialta, ceann a bhunaigh sé féin.
Ach a dhul faoin gcúrsa sin, agus é a chur i gcrích, thigfeá aghaidh a thabhairt ar argóint ar bith go slachtmhar agus, ar ndóigh, ar an saol i gcoitinne, agus do bhealach a dhéanamh tríd gan stró ar bith!
Nuair a thosaíonn argóint mhór, go háirithe tigh an óil, is dual dúinn uilig nach mór eirí corraithe, lasta, teann. Muid ar a son nó ina coinne. B'fhéidir gurb í an pholaitíocht atá i gceist, nó an Aontacht Eorpach, nó Mr Bush, nó ábhar ar bith ar a bhfuil tuairimí láidre coitianta, na cinn úd ar dual dóibh grúpaí a spreagadh chun cainte...agus eile.
Ábhair iad sin, de ghnáth, atá bunaithe ar mhothúchán
ar leith — fearg, eagla, fuath, grá, dílseacht, abair — a
thagann idir ciall, loighic, machnamh, sa chaoi nach mbíonn ann
ar ball ach screadaíl, maslaí agus, gach seans, buillí.
Ar ndóigh, sin bealach na céille. Ach an amhlaidh a d'éireodh leis an réiteoir?
B'fhéidir go n-éireodh dá mbeadh an nós sin sainbhunaithe sa chóras oideachais, ag tosú sa mbunscoil, ach á leanúint sa mheánscoil.
B'fhéidir go bhfuil scoileanna ann, agus a leithéid de theagasc ar fáil iontu. Ar aon chuma, má bhíonn siad ann, is eiseachtaí, sílim.
Breis is 50 bliain ó shin, nuair a bhíos féin ar scoil, bhí deiseanna againn, ceart go leor, le cúrsaí a phlé, agus bhí ár gcumann díospóireachta féin againn. Ní cuimhneach liom, ámh, gur thug éinne comhairle ar leith dúinn faoin gcaoi ab fhearr le déileáil le hábhar conspóideach.
Táim cinnte de go mbeadh a leithéid de chomhairle, de
theagasc, de mholadh, an-áisiúil go deo, an-luachmhar, agus
cuid bhunúsach dár gcuid oideachais.
Chuirfeadh sé feabhas as cuimse ar chaighdeán na polaitíochta,
a bheadh beo bríomhar spreagúil i gcónaí, cheapfainn,
mar thoradh ar a leithéid de bhunscolaíocht, de mheánscolaíocht,
agus d'ollscolaíocht. Muid uilig ag smaoineamh ar bhonn na loighice!
Samhlaigh é sin! Deireadh go deo leis an gcineál sin polaitíochta
a spreagann an mheánfach...
Go deireadh ár saoil, beidh muid inár mbunáite ag déileáil leis na mothúcháin uile. Is fíor go bhfuil ar fáil, go teoiriciúil, ar aon chaoi, cabhair, comhairle, moltaí, ó shaineolaithe, agus fadhbanna den chineál sin againn, agus muid ar scoil.
Dá mbeidís ar fáil do gach éinne, bheadh coiscéim i dtreo na foirfeachta siúlta againn. Ach nílid, mo léan. Caithfidh tú a bheith trioblóideach ar bhealach éicint chun go dtabharfaí aird ort.
Is minic a thagann brón isteach inár saol. An bhfuil muid
uilig in ann déileáil leis, sa chaoi nach leagfadh sé
scáil orainn go dtí lá ár mbáis, mar
shampla? Bás athar nó máthar, agus muid an-óg,
cuir i gcás, nó inár micléinn.
Tá a leithéid de chultúr ann in Éirinn inniu a chuireann ruaig ar thrua. Ach ar feadh na n-aoiseanna aithníodh trua mar chuid riachtanach de shibhialtacht. Ar an aithne sin atá litríocht, ceol, ealaín, fealsúnacht, dlíthe agus eile bunaithe.
Agus mise im pháiste, ba mhinic a chualas caint ar an dóigh
seo: Ní bhíonn buachaillí ag caoineadh! Cailíní,
ceart go leor, ach buachaillí, go deo deo riamh...
Éinne a rinne machnamh ar a leithéid, caithfidh gur thuig
sé go raibh rud éigin fabhtach ag baint leis an ordú
sin.
Tá muid ar aon tuairim, tá súil agam, go bhfuil ár saol, ár mbeatha, in Éirinn inniu, ag éirí an-gharbh. Má dhéanann muid staidéar ar an fhadhb, tuigeann muid nach iad na drugaí mídhlistineacha bun agus barr an scéil.
Nach bhfuil cúrsaí eile i gceist: na nuachtáin, na meáin i gcoitinne, an teilifís, go háirithe. Agus tráth an chreidimh.
Sin iad na fáthanna is tuisce a thagann chun cuimhne. Is fior
go bhfuil baint acu siúd leis an bhfadhb. Ach an amhlaidh atá
rud éigin eile is bunúsaí i gceist?
Dílseacht: An bhfuil sin ag tráth freisin in Éirinn inniu, agus má tá, cen fáth?
Ar éigean a déarfadh duine réadúil fírinneach nach ag tráth i measc an phobail atá dílseacht. Arís eile déarfaí, b'féidir, gur toradh é sin ar thrá an reiligiúin. Déarfadh corrdhuine gurb iad na polaiteoirí, agus a gcuid peacaí, is cúis leis an tráth.
Measamise féin gur ar an gcóras oideachais, atá bunaithe go daingean, an lá atá inniu ann, ar eacnamaíocht an chaipitleachais, atá an locht.
Ach is fíor, freisin, gur ar chuid den pholaitíocht atácuid den locht, chomh maith, an chuid sin den pholaitíocht atá ceangailte leis an ngaimbíneachas.
Ar a leas féin, ar ndóigh, a thugann na comhlachtaí móra cabhair airgid do na páirtithe móra polaitíochta!
Tá grúpa nua ag micléinn agus isteach sa nuacht dóibh, san Irish Times, nuair a d'iarradar ar an rialtas i mBaile Átha Cliath deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge ar chlár na meánscoileanna, agus eolas ar Gaeilge a bheith de dhíth le dul isteach sna hollscoileanna.
Ceapann go leor macléinn, a deir said, nach bhfuil maitheas dá
laghad i bhfoghlaim na Gaeilge, ná an Ghaeilge a bheith ann, ar
chor ar bith. Toradh é sin ar chóras an odeachais in Éirinn?
Ceart go leor, chun an ceart a thabhairt dóibh, bhí sin luachmhar i gcónaí i measc fhormhór na mBráithre. Ach sna scoileanna eile mhothaigh mise cineál náire i measc na sagart a bhí dár múineadh agus an t-ábhar á dhúiseacht ag macléinn, no cur síos air i dtéacs éigin.
Níl aon amhras ann ach is féidir dul thar fóir le "náisiúnachas" atá in ainm is a bheith ina náisiúnachas, an cineál úd a chleachtaigh Mussoliní, Hitler, Franco, agus eile.
Ach tá rud eile ann, agus is rud folláin é, mar atá meas mór a bheith agat ar do mhuintir, ar do dhúchas, ar an bpobal as a dtáinig tú, ar an gcultúr traidisiúnta. Agus nach í an teanga an chuid is tábhachtaí den gcultúr i ngach cultúr?
An bhfuil sé ar mo chumas díospóireacht ar an gcóras
oideachais a thosú san iris seo atá á chló?
Nó an bhfuil tuairim dá laghad faoi chúrsaí
dá leithéid ag na léitheoiríAn dtig libh bhur
machnamh a dhéanamh.
— Deasún Breatnach
Or
Make a donation to SAOIRSE
for its internet service.
DO NOT SEND CASH IN THE POST.
SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
Telephone: 00-353-1-872 9747 FAX: 00-353-1-872 9757
e-mail: saoirse@iol.ie
![]()
Web layout by SAOIRSE -- Irish Freedom November 9, 2002 Send links, events notifications, articles, comments etc, to the editor at: saoirse@iol.ie. |