Graiméar na Gaeilge ar Lean


An Treas DíochlaonadhAn Ceathrú DíochlaonadhAn Cúigiú DíochlaonadhSéimhiúSloinneSeilbhTabhair faoi dheara
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach

An Treas Díochlaonadh:

Sa díochlaonadh so/seo bíonn na hainmfhocail firinscneach nó baininscneach.
Mar shampla:
1) An búistéir, bearbóir, clódóir, ceoltóir, cuntasóir, dlíodóir, bainisteoir, dóirseoir, réiteoir, saighdiúir (-éir, -(e)óir, -úir - slite beatha - firinscneach)
2) An onóir (-óir - baininscneach)
3) An mhóráil (-áil, -úint - irt - baininscneach)
4) An bhliain (focail aontsiolacha agus caol - baininscneach de ghnáth)
An meas (focail aontsiollacha agus leathan - firinscneach de ghnáth)
An fuacht, an nuacht ( -ach - firinscneach, cuid baininscneach)
5) An comhlucht, an phoblacht, an fhilíocht ( -ucht, -(e)acht, -(a)íocht - baininscneach, cuid firinscneach)

Ins an tuiseal ginideach uatha críochníonn na hainmfhocail ar -a.
Mar shampla:
1) Búistéir(3f), an búistéir, feoil an bhúistéara san, ón mbúistéir sin
-- Bácaeir/bácéir, an bácaeir/bácéir, arán an bhácaera/bhácéara san, ón mbácaeir/mbácéir
-- Na bácaeirí
-- Feirmeoir, an feirmeoir, saol an fheirmeora, ón bfhfeirmeoir
-- Táilliúir, an táilliúir, siopa an táilliúra san, ón dtáilliúir
-- Cisteoir, an cisteoir, dualgaisí an chisteora
-- Tuismitheoir, an tuismitheoir, gnó an tuismitheora
-- Tuismitheoirí, gnó na dtuismitheoirí
-- An mochóir, mochóir maith is ea é, saol an mhochóra
2) Cóir(3b), an chóir, a' lorg/tart na córa, leis an gcóir
-- Onóir, an onóir, ag tabhairt na honóra, ón onóir
-- easonóir, an easonóir, ag tabhairt na heasonóra dó, ón easonóir sin
-- Altóir, an altóir, ós comhair na haltóra/haltórach(5), ar an altóir
-- Éagóir, an éagóir, de dheascaibh na héagóra san, leis an éagóir sin
3) Móráil(3b), an mhóráil, de bhar na mórála
-- Batráil, an bhatráil, de dheascaibh na batrála/lucht batrála ón mbatráil sin (ach tá sé batarálta)
-- An robáil mhór, i ndiaidh na robála
-- Cailliúint, an chailliúint, i ndiaidh na calliúna, ón gcailliúint
-- Ag cniotáil, bean chniotála (ach tá sé cniotáltha)
-- Geallúint, an gheallúint, i ndiaidh na geallúna san, leis an ngeallúint sin
-- Canúint, an chanúint, treithe na canúna, fén gcanúint
-- A' scaruint, t'réis na scarúna (ach tá sé scartha)
-- Imirt, an imirt, caighdeán na himeartha san, ins an imirt sin
-- Tairiscint, an tairiscint mhaith, am na tairisceana
-- Íobairt, an íobairt, tar éis na híobartha san, leis an íobairt sin
-- Ag tiomáint, ceadúnas tiomána (ach tá sé tiomáinte)
-- Ag iomáint, cluiche iomána
4) Bliain(3b), an bhliain, obair na bliana, ón mbliain
-- Fuil(3b), an fhuil, blas na fola, leis an bhfuil
-- Feoil, an fheoil bhreá mhilis, ag ithe na feola breatha milse
-- Mil(3b), an mhil, blas an meala, ar an mil
-- Cuid(3b), an chuid, i ndiaidh na coda, san gcuid eile
-- Dáil(3b), an Dáil, ós comhair na Dála, fén nDáil
-- Muir(3b), an mhuir mhór, an mheán-mhuir, cósta na meán-mhara, cósta na mara móire
-- Meas(3f), an meas, de bharr an mheasa, leis an meas
-- Sos(3f), an sos, i ndiaidh an tsosa, leis an sos
-- Sioc(3f), an sioc, i ndiadh/tar éis an tseaca/tar éis seaca, ar an sioc
-- Fíon(3f), an fíon, blas an fhíona, leis an bhfíon
-- Cath(3f), an cath, i ndiadh an chatha, ins an gcath/sa chath san
-- Snáth(3f), an snáth, ag tarrac an tsnátha 's a cheann in achrann
-- Leann(3f), an leann, gloine leanna
-- Greim(3f eisceacht), an greim, ag baint an ghreama/ag baint greama/togha greama, ón ngreim
-- Fuacht(3f), an fuacht, i ndiaidh an fhuachta, leis an bhfuacht
-- Smacht(3f), an smacht, tábhacht an smachta, leis an smacht
-- Ceacht(3f), an ceacht, ag foghlaim an cheachta, ón gceacht
-- Na ceachtanna
-- Trácht(3f), an trácht, i gcnoinnibh an tráchta, leis an dtrácht
-- Nuacht(3b eisceacht), an nuacht, ag deireadh na nuachta, ar an nuacht
-- Léacht(3b eisceacht), an léacht, i ndiaidh na léachta san, fén léacht
-- An cliamhain, mo chliamhain, ainm an chleamhna, na cleamhna go léir (3f) (cleamhnas, comhchleamhna)

5) Ainmfhocail theibí:
-- Comhlucht(4f eisceacht), an comhlucht, méid an chomhluchta
-- Filíocht(3b), an fhilíocht, áileacht na filíochta san
-- Ceannaíocht(3b), an cheannaíocht, méid na ceannaíochta, ón gceannaíocht
-- Beannacht(3b), an bheannacht, tábhacht na beannachta, leis an mbeannacht
-- Poblacht(3b), an phoblacht, aois na poblachta, ón bpoblacht
-- Eisceacht(3b), an eisceacht san, a plé na heisceachta eile, leis an eisceacht
-- Iasacht(3b), an iasacht, us na hiasachta
-- Cócaireacht(3b), an chócaireacht, ag foghlaimh na cócaireachta, ón gcócaireacht
-- Boctaineacht(3b), an bhochtaineacht, de dheasca na bochtaineachta
-- An tsábháltacht(3b), ar san/de ghrá na sábháltachta
-- An fhialacht(3b)/an fhéile
-- An domhneacht(3b)/domhneas
-- Dánachta/dánaíocht(3b) (dána)
-- An mhinicíocht(3b)
-- Ar a luathacht(3b)/luaithe(4b) (luath)
-- An ghránnacht(3b) (gránna)
-- Tábhacht(3b)
-- Tráthúlachta(3b) (tráthúil)
-- Deachracht/deachaireacht/deocaireacht(3b) (deacair)
-- An mhaitheas(3b), ag déanamh/de bharra na maitheasa
-- Ríomhaireacht(3b), córas ríomhaireachta
-- An eachtraíocht (3b), leabhar eachtraíochta
-- An cheannaireacht

Ainm bhriathartha:
An-mhinic bíonn ginideach and ainm bhriathartha ar aon fhoirm leis an aidiacht bhriathartha (ach ní i gcónaí é):
-- Moladh, tá sé molta, luct a mholta, lucht molta an máthair
-- Ag bearradh, tar éis beárrtha
-- Ag dúnadh, am dúnta
-- Ag déanamh, fear déanta bróg
-- Ag cosaint, lucht cosanta
-- Ag bagairt, lucht bagartha
-- Im' chodladh, na seomraí codhladhta, néall codladhta
-- Ag imirt, pairc na himeartha
-- An áileacht/áilneacht chéanna
-- An bháineacht
-- An bhoigeacht
-- An liathacht chéanna
-- An doimhneacht chéanna/an doimneas céanna(1f)
-- An tsábháltacht chéanna
-- An tslachtmhaireacht chéanna
-- Ríomh, córas ríofa

Slite beatha:
-- Bainisteoireacht(3b), an bhainisteoireacht
-- Bearbóireacht(3b), an bhearbóireacht
-- Clódóireacht(3b), an chlódóireacht
-- Cuntasóireacht(3b), an chuntasóireacht
-- Saighdiúireacht(3b), an tsaighdiúireacht

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Ceathrú Díochlaonadh:

Sa díochlaonadh so/seo bíonn na hainmfhocail firinscneach nó baininscneach.
Mar shampla:
1)  Crúiscín (críochníonn ar -ín - firinscneach)
2a) Mála, gúna, ainmhí, duine, eolaí (na heolaithe), iománaí (na hiománaithe), ceannaí, siopa (críochníonn ar ghuta agus bíd/bíonn an-chuid acu firinscneach)
2b) Gloine, easpa, aiste, comhairle, eagla, éide, léine (na léinte/léinteacha), tuile (na tuilte), ceannaithe (críochníonn ar ghuta agus bíd/bíonn an-chuid acu baininscneach)
3)  Fluirse, an ghile (geal), an bháine (bán), an leithe chéanna (liath), an áille/áilne (alainn), an chaoile (caol), an leithe/leithne/leathad (leathan), an fholláine (folláin), an deirge chéanna (dearg), an ghlaine/glanachar (glan), an loime chéanna (lom), ar san na soiléire/soiléireacht(3b) (soiléir), a dul i ndoiléire/ndoiléireacht(3b) (doiléir), dúchas na raimhre/reimhe/rí (reamhar), an ghlaise (glas), an ghoirm (gorm), bua na treise/tréine (tréan, treise leat!), an fhirinne/fhíre (fíor), an bhodhaire (badhar), an daille (dall), an bhacaí bheag atá ann (bacach), an/le déanaí bheag na hoíche(déanach), an bhoichte(4b)/bochtanas(1f)/bhochtaineacht(3b) (bocht), an tsaoire/tsaoirse (saor), an daoire chéanna (daor), an duibhe/"duí" (dubh), an chaime (cam), an fhéile (fial), an obainne (obann), an aoirde (ard), an doimhne (domhan), luaithe (luath) (ainmfhocail theibí a críochníonn ar ghuta - baininscneach)

Ins an tuiseal ginideach uatha ní bhíonn aon athrú ar dheireadh an ainmfhocail
Mar shampla:
1) Crúiscín(4f), an crúiscín, lámh an chruiscín, ins an gcrúiscín
-- Na crúiscíní, a' ní na gcrúiscíní, sna crúiscíní
-- An crúsca, lámh a' chrúsca, as an gcrúsca
-- Na crúscaí
-- Siuga, dá mhinicíocht a raghaidh an siuga sa /(go dtí an) tobar brisfear ann sa deireadh é, lámh a'tsiuga, as an siuga
-- Na siugaí
-- Cailín, an cailín, ainm an chailín, an ainm a tá ar an gcailín
-- Na cailíní, obair na gcailíní, leis na cailíní
-- Caipín, donncadh an caipín (Dunnock), a' lorg an chaipín, ar an gcaipín
-- Féirín, an fhéirín, dath an fhéirín, leis an bhféirín
-- Na féiríní, dath na bhféiríní, ar na féiríní
-- An císte, ag ithe an chíste bhreá mhilis
2a)Mála(4f), an mála, béal a' mhala, ón mála
-- Falla, an falla mór, in aice an fhalla mhóir, ar an bhfalla
-- Na fallaí móra árda, aoirde na bhfallaí, ar/leis na fallaí
-- Mapa, an mapa, ag oscailt an mhapa, ar an mapa
-- Na mapaí, ag oscailt na mapaí, ar na mapaí
-- Mata, an mata, ag glanadh an mhata, ar an mata
-- Na mataí, ag glanadh na mataí, ar na mataí
-- Buille, an buille, fórsa an bhuille, ón mbuille
-- Na buillí, neart na mbuillí, ós na buillí
-- Aire, an t-aire, gnó an aire, ag an aire
-- Na hairí, gnó na n-airí, ag na hairí
-- Claí, an claí, fan an chlaí, ar a' gclaí
-- Na clathacha, fan na gclathacha, ar na clathacha
-- Slua, an slua, a' moladh an tslua, ón slua
-- Na sluaite, ag comhaireamh na sluaite/slua (Béal Atha na Slua)
-- Bosca, an bosca, tón a' bhosca, ón mbosca
-- Na boscaí
-- Siopa, an siopa, doras a' tsiopa, ón siopa
-- Na siopaí, earraí na siopaí sin, sna siopaí sin
-- Cócaire, an cócaire, obair an chócaire sin, ón gcócaire
-- Na cocairí
-- Cladhaire, an cladhaire, ainm an chladhaire, ón gcladhaire
-- Na cladhairí
-- An ceannaire
-- Amhránaí, an t-amhránaí, ainm an amhránaí, leis an amhránaí
-- Na hamhránaithe, ainmeacha na n-amhránaithe
-- Rógaire, an rógaire, ainm an rógaire, ón rogaire
-- An cic amach/saor, ag tógaint an chic amach/saor, leis an gcic saor san
-- Na ciceanna saora, ag tógaint na gciceanna saora, leis na ciceanna saora
-- An geansaí glas, ag caitheamh an gheansaí ghlais/dheirg
-- An cluiche, tar éis an chluiche, leis an gcluiche
-- Na cluichí, socruithe na gcluichí, leis na cluichí
-- An robálaí
-- Na robálaithe
2b)Gloine(4b), an ghloine, ós comhar na glaoine
-- Na gloiní, a' ní na ngloiní, sna gloiní
-- Eachtra, an eachtra chéanna san, i ndiaidh/t'réis na heachtra céanna san, leis an eachtra
-- Na heachtraí, ag plé/de bhárr na n-eachtraí cáiliúla san, leis na heachtraí
-- Oíche, an oíche, t'réis na hoíche, fén oíche
-- Na hoícheanta san, eachtraí na n-oícheanta san
-- Brí, an bhrí cheart, ag plé na brí, ar na mbrí
-- Na bríonna éagsúla
-- Buile, an bhuile, fear na buile, ar an mbuile
-- Na builí, fir na mbuilí, ar na builí
-- Aire, an aire mhaith, tugaid togha na haire dóibh, leis an aire mhaith atugtar dóibh
-- Tine, an tine bhrea, in aice na tine, ón dtine
-- Na tinte, teas na dtinte, as na tinte
-- Léine, an léine bhreá dhearg, ag iornáil na léine breátha deirge
-- Na léinte/léinteacha breátha dearga, ag ní na léinte/léinteacha breátha dearga, ar na léinte/léinteacha breátha dearga
-- An líne leanúnach bhán dhíreach, treasna na líne
-- Tuile, an tuile mhór, in ndiaidh na tuile, ar an dtuile
-- Na tuilte/tuilthíocha, domáiste na dtuilte, ar na tuilte
-- Guí, ná thahair an ghuí ghann do éinne, i ndiaidh na guí, leis an nguí
-- Na guíonna, éagsúla na nguíonna
-- Tuí, an tuí bhrea bhuí, a bailú na tuí, ar a' dtuí
-- Táille, an táille mhór, a'díol na táille, leis an dtáille
-- Na táillí éagsúla, a' díol na dtaillí sin
-- Díomá, an díomá mhór, i ndiaidh an díoma, leis an ndíoma
-- Aiste, an aiste fhada, teideal na haiste, fén aiste
-- Na haistí, teidil na n-aistí sin, sna haistí sin
-- Aithne, an aithne mhaith, togha na haithne, leis an aithne
-- Na deich nAitheanta (Tá an ghoid i gcoinnibh na Seachtú Aithne)
-- Éide, an éide, ag ceannach na héide, ar an éide
-- Cré, an Chré, ag rá na Cré/daoine ná bíonn paidir ná Cré ina mbéal (uatha) acu (iolra)
-- Riomhaire, córas ríomhairí
-- An coire, poll a' choire (4b)
-- An fharraige mhór, timpeall na farraige móire
(Cré na nAspal)/ag cur na cré leis na prátaí
-- An mhochóirí (c.f. an t-eirí in airde, an t-eirí amach), nach ort a bhí/atá an mhochóirí!, an té go dtéann teist na mochóirí amach air, ní cás dó/is féidir leis codhladh go headra(dh), mhuise, a shean-chodladh go headra!

3) Ainmfhocail theibí:
-- Flúirse(4b), an fhlúirse, de bharr na flúirse, leis an bhflúirse
-- Áille/álainn, an áille/áilne, ag moladh na háille
-- Dá bháine an léine sin is báine fós an cean eile, an bháine, dath na báine, ar an mbáine
-- Duí/ibhe, an duí/ibhe, dath na duibhe, ar an nduí/ibhe
-- Bán, an bháine
-- Liath, an léithe chéanna
-- Glaine, an ghlaine, ag moladh na glaine, leis an nglaine
-- Saor > Saoirse, an tsaoirse, ta(bh)acht na saoirse, leis an (t)saoirse
-- An tsaoire
-- An daoire chéanna
-- Na saoirsí éagsúla, ag plé na saoirsí, leis na saoirsí
-- Saor > Saoire, Coiméad an Tsaoire mar is cóir, laethanta saoire, ar an (t)saoire
-- Caol/caoile, an chaoile, méid na caoile, ón gcaoile
-- Leathan, an leithne/leithe
-- Tábhacht mhór na leithne agus na caoile i gcás na gconsan sa ghaeilge, an leithne, méid na leithne, ón leithne
-- Gile, an ghile
-- Buile, an bhuile
-- Folláin, an fholláine
-- Dearg, an deirge chéanna
-- Glan, an ghlaine/glannchar(1f)
-- Lom, an loime chéanna
-- Soléir, ar san na soléire/soiléireacht(3f)
-- An bho(i)chte
-- An choime
-- An bhoige
-- An ghéire
-- An roimhre chéanna
-- An fhiaine
-- An mhaoile
-- An tréine/treise chéanna
-- An tsáinte
-- An tsláine
-- An iomláine chéanna
-- An fhéile
-- An deirge chéanna
-- An ghlice
-- An doinne chéanna
-- An/le déanaí
-- An/a luaithe
-- An fhuaire bheag - dá fhuaire é, a fhuaire atá an aimsir
-- An iomláine
-- An mhoiche - dá mhoiche é (go moch)
-- An ghannachúisí - dá ghannachúisí é
-- An ghainne - dá ghainne é
-- A/dá chúine a bhí an fharraige, a dul i gciúine/gciuineacht/gciúnas
-- Dá shine an gabhar 'sea is crua a adharc

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Cúigiú Díochlaonadh:

Sa díochlaonadh so/seo bíonn formhór na n-ainmfhocal baininscneach.

Ins an tuiseal ginideach uatha críochníonn na hainmfhocail ar consan leathan.
Mar shampla:
1) Cathaoir(5b), an chathaoir bhreá mhór, drom na cathaoireach breátha moire
-- Nollaig, an Nolaig, i ndiaidh na Nollag, fén nollaig
-- Na Nollaigí a bhíodh againn agus sinn óg, cuimhní na Nollaigí sin, ar na Nollaigí sin
-- Uimhir, an uimhir chéanna, méid na huimhreach, ón uimhir
-- Na huimhreacha, ag léamh na n-uimhreacha
-- Litir, an litir, clúdach/seoladh na litreach
-- Stiúir, an stiúir, fear/roth na stiúrach
-- Cathair, an chathair bhreá mhór, ainm na catharach breátha moire, ón gcahtair
-- Na cathracha breatha móra san, ainmneacha na gcathracha breátha móra san, ar na cathracha breátha móra san
-- Meabhair, an mheabhair, níos mó meabhrach
-- Cabhair, an chabhair, tábhact na cabhrach, leis an gcabhair
-- Máthair, an mháthair, a mháthair (his), a máthair (her) muintir na máthar, muintir a mháthar (his), muintir a máthar (her) leis an máthair
-- Na máithreacha
-- Monarcha, an mhonarcha, geata na monarchan, ins an monarcha
-- Na monarchain
-- Abha(inn), an abha(inn), uisce na habhann, ins an abhainn
-- Na haibhnte/na haibhneacha/na haibhne/na haibhní, ainmneacha na n-aibhnte
-- Cáin, an cháin, ráta na cánach, leis an gcáin
-- Traein, an traein mhear, stad na traenach mire
-- Draein, an draein mhór dhoimhin, a' déanamh na draenach móire doimhne
-- Draenacha móra doimhne
-- Triail, an triail, ag am na trialach
-- Beoir, an bheoir, gloine beorach
-- Riail, an riail, tabhachtna rialach san
-- Na rialacha, ag déanamh na rialacha san
-- Na cánacha troma, ag díol na gcánacha san, mar gheall ar na cánacha pearsanta san
-- Cistin, an chistin, doras na cistean/cisteanach
-- Coróin, an ch'róin/choróin, ag rá na chorónach
-- Treoir, an treoir, tabhacht na treorach san
-- Na treoracha, ag léamh na dtreoracha san
-- Cú, an chú, ainm na con san
-- Na cointe/Cúnna, Bord na gCon
-- Talamh, an talamh, fan na talún
-- An lánú phósta, sloinne na lánún, ar an lánúin (5b)
-- Caora, an chaora(b), uan na caorach (5 gin, uatha) báine, i ndiaidh na gcaorach (gin, iolra), feirmeoir (f) caorach (uath nó iol), feirmeoireacht (b) chaorach (uath nó iol)
-- Éire, muintir na hÉireann, le hÉirinn (foirm fe leith an tabharthach)
-- Alba, cósta na hAlban, go hAlbain (foirm fe leith an tabharthach)
-- An chomharsa chéanna, tigh na comharsan céanna
-- Na comharsain/comharsana, tithe na gcomharsan
-- Lair, searrach na larach duibhe

2) Cara(5f), an cara, ainm an charad
-- Athair, m'athair, a hathair (her), an t-athair, muintir an athar, muintir m'athar, sochraid a hathar (her)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Séimhiú:

Ní bhíonn, ní theann
A bhíonn, a théann
Aon tsuim, aon tsolas, aon tsiúcra, aon tsúil, aon cheann, aon mhadra, aon mheas
Ar cheann, ar bhun, ar bhar, ar thaobh, ar tsaghas éigean
An chéad uair
Sa pheil
An-pheil go deo
A thigh/chár
Mo/do cheann
De Thadhg

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Sloinne:

Tadhg Ó Liathán, Bean Uí Liatháin
Ó Liatháin, caisleán/muintir Ó Liathán
Ó gCuanach, Bean Uí gCuanachta
Ó gCuanachta, caisleán/muintir/Rínn Ó gCuanach

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Seilbh:

Mo cheann-sa (níl aon béim ar mo, do, a, ár, bhfúr...)
Mo thigh-se
Do ghluaisteán-sa
Do thigh-se
A leabhar-san
A thigh-sin
A ghluaisteán-san (Seán)
A gluaisteán-san (Máire)
Ár ngluaisteán-na
Ár dtigh-ne
Bhúr ngluaisteán-sa
Bhúr dtigh-se
A ngluaisteán-san
A dtigh-sin

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Tabhair faoi dheara:

Ní raibh mé ann riamh
Ní bím in aon chor ann
Ní bhead go brách/deo ann

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Míle buíochas do mo chomharsa Roibeárd as ucht na cabhrach agus na spreagtha a thug sé dhom.

Aiseolas ar an suíomh so/seo go Tim Murphy:
    Guthán: (353) 086-1098089 nó
    rphost: GlanmireCommunity@gmail.com
Litriú na Gaeluinne - áéíóúÁÉÍÓÚ