Graiméar na Gaeilge

An t-ainmfhocal


Go GinearáltaAn Tuiseal AinmneachAn Tuiseal GairmeachAn Tuiseal Tabharthach
An Tuiseal GinideachAn Chéad DíochlaonadhAn Tarna DíochlaonadhAn Treas DíochlaonadhAn Ceathrú DíochlaonadhAn Cúigiú DíochlaonadhAinmfhocail Neamhrialta
BriathraAn Chéad RéimniúAn Tarna RéimniúBriathra Nea(mh)rialtaAn Modh GuítheachGuíeannaAn Modh ÓrdaitheachBriathra agus an UrúBriathra agus an Séimhiú
Aidiacht
Beagán SeanfhocalÉanlaitheAbairtí/Frásaí Áiseacha  SloinneSeilbhCanúintFuaimeÍarsmaí Sean GaeilgeLogainmneacha
Fill ar an mbunleathanach

Go Ginearálta:

Is é an t an séimhiú ar s i ndiaidh an ailt(1f).
Mar shampla: Síochain, an tsíocháin (3b) fhada; solas, an solas, ag lasadh an tsolais(1f)

Ní shéimhítear an d ná an t tar éis an ailt nó Sa.
Mar shampla:
An Dáil(3b), sa Dáil
An tintreach(2b), sa tintreach
Domhan, an domhan mór,ar fuaid an domhain(1f) mhóir, Sa domhan
Teach/tigh, timpeall an tí(2f), sa tigh

Cuirtear h/n- roimh guta t'réis na
Mar shampla:
Na hiontaisí(1f)
Ionga na hordoige(2b)
Ceol na n-éan(1f) (ginideach iolra)
Ainmneacha na n-aibhnte(5b)

Ní cloistear an -mh- nó an -bh- i lár focail i nGaeilge na Mumhan de ghnáth,
mar shampla: tá(bh)acht(3b), suai(mh)neas(1f)

Tabhair faoi deara tábhacht mhór na leithne(4b) agus na caoile i gcás na gconsan(1f) sa ghaeilge; tá so thar a bheith tábhactach, bunúsach ar fad; agus na fhaillí mhór a deintear ann e.g. faillí (4b)(caol) versus fallaí (leathan). Athraíonn caoile nó leithne an chonsain(1f) brí an fhocail(1f) féin e.g. amhrán(1f) versus binneas an amhráin.

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Tuiseal Ainmneach:

Ins an tuiseal ainmneach uatha ní bhíonn séimhiú ar an ainmfhocal(1f) firinscneach leis an alt.
Mar shampla: Fear, an fear(1f)
Ins an tuiseal ainmneach uatha bíonn séimhiú ar an ainmfhocal baininscneach leis an alt.
Mar shampla: Bean, an bhean san(nr)

Ins an tuiseal ainmneach nó cuspóireach, i gcás an ailt(1f) cuirtear t (t-) roimh ainmfhocal firinscneach a thosníonn ar ghuta(1f).
Mar shampla: Airgead(1f), an t-airgead, Aifreann(1f), an tAifreann, Athair(5f), an tAthair, athair, an t-athair, ór(1f), an t-ór, ím(2f), an t-ím, amhránaí(4f), an t-amhránaí

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Tuiseal Gairmeach:

Nuair a labhrann tú le duine bíonn an t-ainmfhocal sa tuiseal gairmeach.
Mar shampla: Seán, a Sheáin, mac, a mhic, bean, a bhean mhaith, a chara, a chairde.

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Tuiseal Tabharthach:

Nuair a bhíonn na réamhfhocail - ins an, ar an, as an, san, leis an, fén, faoin, ón, den, ag an, don, chuig an, um an, roimh an, thar an, tríd an etc. roimh an ainmfhocal bíonn an t-ainmfhocal ins an dtuiseal tabharthach.
Tógann 'dhá' (an uimhir dhéidhe) and tuiseal tabharthach (an fhoirm fé leith) - dhá laimh/gluin/chois/cluais/bhróig
Sa tuiseal tabharthach uatha cuirtear urú ar an ainmfhocal i ndiaidh an ailt (ach i gcás Sa nuair a cuirtear séimhiú air, ach i gcás f).
Urú - ng, gc, nd, bp, bhf, dt, mb (cuirtear fuaim z roimh s i gCléire).
Mar shampla:
Geata(4f), ar an ngeata
Cat(1f), leis an gcat
Droichead(1f), ar an ndroichead
Póca(4f), ins an bpóca, sa phóca
Fear(1f), leis an bhfear san/so (leathan le leathan), sa bhfear
Pairc(2b), ins an bpairc, sa phairc
Tigh/teach(2f), ins an dtigh, sa tigh
Macha, ins an macha, sa mhaca
Buachaill(3f), ins an mbuachaill sin/seo (caol le caol), sa bhuachaill sin
Siopa(4f), ins an siopa, sa tsiopa
Céanna(4f), ag an am(3f) gcéanna (petrified) ach leis an bhfear chéanna

An chois, ag ... na .. leis an gcois (cathfar foirm fé leith an tabharthach a úsáid le bas, lámh, bróg, cluas agus glún)
An bhas, ina bhais, leis na mbais
An lámh, ag na láimhe deise, leis an láimh, ar thaobh na lá(imhe) deise
An bhróg, sál na bróige, leis an mbróig
An chluas dheas, ag ... na cluaise deise, leis an gcluais
An ghlún, ... leis an nglúin
Dhá chluais mhaithe, an dá mhadra mhaithe (séimhigh iad araon agus úsáid an tuiseal tabharthach tar éis 'dá')
Mo/do/a dhá chois, a dhá cois (her), ár/bhúr/a dha gcois/n-úll
Mo/do/a dhá úll mhílse, a dhá húll mílse (her)

Ins an tuiseal tabharthach iolra bíonn an t-ainmfhocal(1f) mar an tuiseal ainmneach iolra.
Mar shampla:
Na pócaí(4f), ins na pócaí, sna pócaí
Na fir(1f), leis na fir, sna fir
Na fadhbanna(2b), leis na fadhbanna

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Tuiseal Ginideach:

1) Ins na habairtí(2b) leis an bfhoirm A de B (A of B) - bíonn na hainmfhocail(1f) B sa tuiseal ginideach
Mar shampla: Samhradh(1f), an samhradh, tosach an tsamhraidh

2) T'réis roinnt réamhfhocail(1f) simplí bíonn an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach
-- Treasna, fan, timpeall, chun, fearacht, cois, dála ...
Mar shampla:
Droichead(1f), an droichead, treasna/t'réis an droichid, ar an ndroichead
Talamh(1f/5f), an talamh, fan an tailimh(1f)/fan na talún(5f), go dtagaidh do ríocht ar an dtalamh
Áit(2b), an áit, timpeall na háite, ón áit
Dia(nr), ag guí chun Dé
Muintir(2b), fearacht a mhuintire
Tine(4b), cois na tine
Scéal(1f), dála an scéil

3) T'réis réamhfhocail comhshuite áirithe bíonn an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach
-- tar éis, ós comhair, ar aghaidh, i gcoinnibh, ar chúl, ar feadh, ar fud, ar nós, de réir, ar son, i ndiaidh ... (bhíodh A de B i gceist go bunúsach iontu so).
Mar shampla:
Dinnéar(1f), tar éis an dinnéir
Siopa(4f), an siopa, ós comhair an tsiopa
Teach/tigh, an tigh, ar aghaidh an tí
Gaoth(2b), an ghaoth, i gcionnibh na gaoithe
Doras(1f), a chúl an dorais
Mí(3b), ar feadh(i ndeireadh na) míosa
Tír(2b), ar fud na tíre
Gaoth(2b), ar nós na gaoithe
Leabhar(1f), de réir an leabhair
Éireann(5b), ar son na hÉireann
Seachtain(2b), i ndiaidh seachtaine

4) T'réis an ainm briathartha bíonn an t-ainmfhocal sa tuiseal ginideach.
Tá bhformhór mór na n-ainm briathartha firinscneach.
Mar shampla:
Doras, an doras(1f), ag oscailt (ainm briathartha) an dorais, ar an ndoras, tá an doras oscailte (aidiacht bhriathartha), tar éis oscailte (ginideach)
Ag cur, tá sé curtha, am curtha an tsíl
Ag camadh, tá sé camtha, gléas camtha iarainn
Ag polladh, tá sé pollta, gléas pollta adhmaid
Ag deisiú, tá sé deisithe, fear deisithe bróg/na mbróg
Ag bailiú, tá sé bailithe, lucht bailithe airgid
Ag briseadh, tá sé briste, lucht briste na dlí
Ag filleadh, tá sé fíllte, am fíllte an bháid
Ag bronnadh na gcéimeanna, an bronadh, tá sé bronnta, lá bronnta gcéimeanna, lá an bronnta
Lucht inste bréag
Lucht leaite scanaill
Am an chruinnithe
Ag socrú, tá sé socraithe, coinníollacha/acht an tsocraithe
Ag scrúdú, an scrúdú, tá sé scrúdaithe, data an scrúdaithe, na scrúduithe
Ag órdú, an t-órdú, tá sé órdaithe, ag am an órdaithe, na horduithe, ag am na n-órduithe
Óirneadh, tá sé óirnithe, lá a óirnithe/lá a n-óirnithe
Ag neartú, tá sé neartaithe, sacraimint an chomhneartaithe
Ag labhairt, ta sé labhartha, cumas labhartha
Ag bá, tá sé báite, lá a báite
Ag codladh, amsir/seomra/greas codla(dh)ta,
Ag glanadh, tá sé glanta, luch glanta éadaí
Ag múcadh, tá sé muchta, lucht múchta tinte/lucht tinte a mhúchadh
Ag claoladh, tá sé craolta, lucht craolta na nuachta, na meáin chroalta
Ag súgaradh, an seomra súgartha/tábhacht an tsúgartha
Ag adhlacadh, beidh sé adhlactha, lá an adhlactha
Ag forbairt (b -caol), an fhorbairt, tá sé forbartha, ag am na forbartha, an Foras Forbartha
Ag baint (b -caol), an bhaint, tá sé bainte, inneall/lucht bainte (na) móna, an t-arbhar, saosúr bainte an arbhair/na mbarraí, an uaigh, ag baint uagha, ag baint na huagha
Ag oscailt (b -caol), an oscailt, lá na hoscailte
Ag imirt (b -caol), an imirt, tá sé imeartha, pairc na himeartha
Ag iobairt (b -caol), an iobairt, am na hiobartha
Ag bagairt (b -caol), an bhagairt, tá san bhagartha, tar éis na bagartha
Ag cosaint (b -caol), an chosaint, tá sé coanta, lucht cosanta, aimsir na cosanta

Ní i gcónaí a bhíonn ginideach an ainm (f) bhriathartha ar an bhfoirm cheanna leis an adíocht (b) bhriarthartha:
Mar shampla:
Ag tiomaint, tá sé tiománta (ach!) ceadúnas tiomána
Ag foghlaim, an fhoghlaim (b -caol), tá an ceacht foghlamtha, (ach!) tar éis na foghlama

Tá cúig díochlaonadh ag an ainmfhocal sa Ghaeilge; aithnítear ón dtuiseal ginideach uatha iad.

Ins an tuiseal ginideach uatha bíonn séimhiú ins an ainmfhocal firinscneach leis an t-alt.
Mar shampla: Fear(1f), an fear, hata an fhir; Bosca(4f), an bosca, ag ocsailt an bhosca

Ins an tuiseal ginideach uatha ní bhíonn séimhiú ins an ainmfhocal baininscneach leis an t-alt.
Mar shampla: Máthair(5b), an mháthair, muintir na máthar

Ins an tuiseal ginideach iolra bíonn urú ar an t-ainmfhocal leis an t-alt.
Urú - gc, nd, bhf, mb, ng, dt, bp (cuirtear fuaim z mar urú ar s i gCléire).
Mar shampla: Cailíní, na cailíní, obair na gcailíní
Ainmneacha na ndéithe, hataí na bfhear, airde na mbanc, airde na ngeata, costas na dteach, meid na bpian

Iolraí láidre/tréan-iolraí:
Ins an tuiseal ginideach iolra más iolra laidir é (mar shampla t agus a curtha leis an mbun-fhoirm, nó má tá í nó e sa deireadh) ní bhíonn aon athrú ar fhoirm an ainmfhocail - aon fhoirm amháin san iolra.
1) -(a)í
Na madraí, tigh na madraí
na cailíní, obair na gcailíní
na feirmeoirí, obair na bhfeirmeoirí
na buachaillí, obair na mbuachaillí
2) -e
Na dóirse, ag dúnadh na ndóirse/ndoras, trí sna dóirse
Na dóirne, ag oibriú na ndóirne/ndorn, leis na dóirne
Na fóirne, captaeiní na bhfóirne
Na bóithre ("bóirthe"), ag siúl na mbóithre/mbóthar
Na Bráithre ("Bráirthre"), obair na mBráithre/mBrathar
3) -a + athrú
Na carraigeacha, méid n gcarraigeacha
Síol, na síolta, ag cur na síolta
Dán, na dánta, i ndeireadh na ndánta
An cuan, na cúnta, doimhneas na gcuanta
Saol, na saolta, saol na saol(ta)
Líon, na líonta, ag cur na líonta
Gearán, na gearánta, cúis na ngearánta
An gleann, lár an ghleanna, na gleannta, lár na gleannta
An scéal, na scéalta, ag insint na scéalta
An claí(4f), in aice an chlaí, thairis an gclaí, na clathacha, ag léimt na gclathacha
Páirceanna, ag siúl na bpáirceanna
An léine(4b), ag deisiú na léine, na leinte(léinteacha), ag deisiú na léinte(léinteacha)
An mainistir, na mainistreacha, muintir na mainistreacha

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


I Díochlaonadh -- II Díochlaonadh -- III Díochlaonadh -- IV Díochlaonadh

an mórtas -------- an mhórchúis ----- an mhóráil --------- an mhórchúisí ----
------------------------------------- an mhórgacht---------------------------
------------------------------------- an mhórthacht -------------------------
------------------ an fhuarchúis ---- an fhuaráil -------- an fhuarchúisí----
------------------------------------- an fhuaraíocht ------------------------
an feabhas ------- an mhaith -------- an mhaitheas --------------------------
an bochtanas ------------------------ an bhochtaineacht --- an bhoichte -----
----------------------------------------------------------- an bhoichtaine---
an cruas ---------------------------- an chruacht ---------------------------
an cruatan ------------------------------------------------------------------
an t-olc --------------------------------------------------------------------
an t-olcas -------------------------- an donnacht ---------------------------
an t-oilceas ----------------------------------------------------------------
an donas --------------------------------------------------------------------
an t-aiteas céanna ------------------ an aiteacht chéanna - an aite chéanna--
an teannas ------ an teannchúis --------------------------- an teannachúisí--
----------------------------------------------------------- an teinne -------
Laghad ----------------------------------------------------------------------
an ganntanas ----- an ghann(a)chúis ----------------------- an ghann(a)chúisí
an ganntar ------------------------------------------------ an ghanntaraí ---
an bacachas ------ an bhacáil ----------------------------- an bhacaí -------
------------------------------------- an dubhacht/dúcht --- an duibhe/duí ---
----------------------------------------------------------- an bháine -------
------------------------------------- an deargacht -------- an deirge -------
------------------------------------- an ghormacht -------- an ghoirme ------
------------------------------------- an ghlaiseacht ------ an ghlaise ------
------------------------------------- an doinneacht ------- an doinne -------
an gealas --------------------------- an ghileacht -------- an ghile --------
------------------ an fhaid --------- an fhaideacht -------------------------
------------------------------------- an ísleacht --------- an ísle ---------
------------------------------------- an uaisleacht ------- an uaisle chéanna
------------------------------------- an liathacht -------- an léithe -------
------------------------------------- an mhinicíocht ------------------------
------------------------------------- an anamhaíocht ------------------------
----------------------------------------------------------- an troime -------

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Chéad Díochlaonadh:

Sa díochlaonadh so/seo tá gach ainmfhocal firinscneach.
Ins an tuiseal ainmneach uatha críochníonn an t-ainmfhocal ar chonsan leathan.
Mar shampla:
An dán
An gluaisteán
An doras
An t-urlár

Ins an tuiseal ginideach uatha is amhlaidh a deintear caolú ar an gconsan leathan san.
Mar shampla:
Dán, an dán, i ndeireadh an dáin, fén ndán
Na dánta, i ndeireadh na ndánta, fé sna dánta
Gluaisteán, an gluaisteán, costas an ghluaisteáin, ar an ngluaisteán
Na gluaisteáin, luas na ngluaisteán, ar na gluaisteáin
An fear óg, an fear, hata an fhir óig/tuairimí fir óig, ar an bhfear óg
Na fir/fearaibh óga, hataí na bhfear óg/grúpaí fear óg, ar na fir/fearaibh (sean fhoirm thabarthach)
Amhrán, an t-amhrán, focail an amhráin, leis an amhrán
Na hamhráin, binneas na n-amhrán, leis na hamhráin
Údar, an t-údar, obair an údair, leis an údar
Bóthar, an bóthar, tr(e)asna an bhóthair, ar an mbóthar
Na bóithre, tr(e)asna na mbóithre/mbóthar, ar na bóithre
Droichead, an droichead, tr(e)asna an droichid, fén ndroichead
Na droichid, tr(e)asna na ndroichead, fé sna droichid
Árthach, an t-árthach, captaein an árthaigh, ar an árthach
Cuan, an cuan, doimhneas a' chuain, ón gcuan
Na cuanta, doimhneas na gcuanta, ó sna cuanta
Ceart, an ceart, ar son an chirt, leis an gceart
Na cearta, ar son na gceart san, ar na cearta
Saol, an saol, fadhbanna an tsaoil, ar an saol
Na saolta, saol na saol(ta), fé na saolta
Úrlár, an t-úrlár, tr(e)asna an úrláir, ar an úrlár
Na húrláir(í), ag scúabadh na n-úrlár(n-úrláirí), ar na húrlair(í)
Dinnéar, an dinnéar, t'réis an dinnéir, leis an ndinnéar
Na dinnéir(í), t'réis na ndinnéirí, leis na dinnéirí
Suipéar, an suipéar, t'réis an tsuipéir, leis an suipéar
Na suipéir(í), t'réis na suipéar/suipéirí, leis na suipéirí
Samhradh, an samhradh, obair(2b) a' tsamhraidh, leis an samhradh
Na samhraí(ocha), cuimhní na samhraí(ocha), leis na samhraí(ocha)
Geimhreadh, an geimhreadh, aimsir(2b) an gheimhridh/aimsir gheimhridh, lá(f) an geimhridh, ins an ngeimhreadh, sa gheimreadh
Na geimhrí(ocha), cuimhní na ngeimhrí(ocha) sin, ins na geimhrí(ocha)
Fómhar, an fómhar, i ndiaidh an fhomhair, fén bhfómhar
Earrach, an t-earrach, míosa(b) an earraigh, fén earrach
Dualgas, an dualgas, ag plé an dualgais sin, leis an ndaulgas sin
Na dualgaisí, ag plé na ndualgaisí, leis na dualgaisí sin
Gníomh, an gníomh, ag plé an ghnímh sin, ag caint mar gheall ar an ngníomh san
Na gnío(mh)artha calma ..., ag plé na ngníomhartha san go léir, ag caint fé sna gníomhartha
Gaiscíoch, an gaiscíoch, ainm an ghaiscígh, leis an ngaiscíoch
Na gaiscígh, ainmneacha na ngaiscíoch, leis na gaiscígh
Cogadh, an cogadh, deireadh an chogaidh, leis an gcogadh
Na cogaí, de dheascaibh na gcogcaí sin, leis na cogaí
Ualach, an t-ualach, de deascaibh an ualaigh sin, leis an ualach san
Na hualaí, de deascaibh na n-ualaí sin (na n-ualach san), leis na hualaí sin go léir
Líon, an líon, ag cur an lín, ar an líon
Na líonta, ag cur na líonta, ar na líonta
Aonach, an t-aonach, lá aonaigh, ar an aonach
Na haontaí, lá na n-aontaí, ar na haontaí
Tinneas, an tinneas, ag cur tinnis ar ..., ar an dtinneas cinn
Na tinneasaí, ag cur na dtinneasaí ar ..., ar na tinneasaí
Gearán, an g(ea)rán, cúis an ghearáin/cúis gearáin, leis an ngearán
Na gearánta, cúis na ngearánta, leis na gearánta
Cnámh, an cnámh, ag cogaint an chnáimh/ag cogaint cnáimh, ag cogaint ar an gcnámh
Na cná(mh)a, ag cogaint na gcnámh, ag cogaint ar na cnámha
Ocras, an t-oscras, cuma an ocrais, leis an ocras
Dealramh (dearamh, deabhramh), an dealramh, do réir dealraimh, leis an ndealramh (dealraíonn sé ...)
Béal [ia], an béal, tinneas béil, ins an mbéal
Scéal, an scéal, ag insint an scéil, leis an scéal
Na scéalta, ag insint na scéalta/scéal san, leis na scéalta
Solas, an solas, ag lasadh an tsolais/ag lasadh solais, leis an solas
Na soilse, ag lasadh na soilse, leis na soilse sin
Iontas, an t-iontas, méid an iontais, leis an iontas
Na hiontaisí, ag plé na n-iontaisí sin/na n-iontas san go léir
Síol, an síol, ag cur an tsíl/ag cur síl, ar an síol
Na síolta, ag cur na síolta, ar na síolta
Suai(mh)neas, an suaimhneas, ag lorg an tsuaimhnis/ag lorg suaimhnis, leis an suaimhneas
Post, an post, fear a' phoist, leis an bpost
Dainséar, an dainséar, de dheasca(ibh) an dainséir, leis an ndainséar
Na dainséirí, de deasca na ndainséirí, leis na dainséirí
Ban(n)c, an banc, ús an bhainc, ar an mbanc/sa bhanc
Na bainc, airde na mbanc, ar na bainc
Ús, an t-ús, ráta úis an bhainc sin
Aingeal, an t-aingeal, fáilte an aingil, leis an aingeal
Na haingil, chun/i dteannta na n-aingeal, leis na haingil
Naomh, an naomh, fáilte an naoimh, leis an naomh
Na naoimh, chun/i dteannta na naomh, leis na naoimh
Domhan, an domhan, ar fuaid an domhain, an an ndomhan, sa domhan
Gol, an gol, i ndiaidh an ghoil, leis an ngol
Iarann, an t-iarann, fear iarainn, leis an iarann
Eolas, an t-eolas, lucht an eolais/níos mó eolais, leis an eolas
Deireadh, an deireadh, chun deiridh, i dtreo an deireadh
Na deiríocha
Focal, an focal, fhad an fhocail
Srian, an srian, ag tarraingt an tsriain
Asal, an t-asal, i ndiaidh an asail
Uachtar/Íochtar, an uachtar/íochtar, lámh (an) uachtair/íochtair
Bochtanas, an bochtanas, de deasca an bochtanais
Gann > ganntar, an ganntar
Gann > ganntanas, an ganntanas
Bocht dealamh > Dealús (delamhas)
Ait, an t-aiteas
Cruaidh > cruatan, an cruatan
Cruaidh > cruas, an cruas, níos mó cruais
Aoibhinn > aoibhneas, an t-aoibhneas, saol an aoibhnis
Salach(s'lach) > an salachar(an s'lachar), ag glan an ts(a)lachair
Sáspan, an sáspan, lámh/faobhar/fonsa(fúnsa) an tsáspain
Peann, an peann
Na pínn
Leabhar, an leabhar, clúdach an leabhair
Na leabhair(leabhartha, leabhracha)
Capall, an capall dubh, i ndiaidh an chapaill dhuibh sin, a' marcaíocht ar a' gcapall dubh san
Na capaill, i ndiaidh na gcapall san, ar na capaill sin
Amhrán, binneas an amhráin
Ól, blas an óil
Ór, dath an óir
Meán, an meán, an mhuir(1f)/abha(3b) mheáin
Talamh, an talamh, fan an tailimh
Ag gol, fáth do ghoil, cuis ghoil, fonn goil
Ag machnamh, fáth do mhachnaimh, abhar machnaimh
Ag magadh, lucht magaidh
An coileach (c'leach), glaoch an choiligh, leis an gcoileach, (iolra) na coiligh, glaoch na gcoileach (lag), leis na coiligh
An Carghas (forty days), ag déanamh an Charhais, don gCarghas
Troscadh agus tréanas, tréimhse troscaidh agus tréanais
Dúchas, Cainteoir Dúchais
An fraoch, an chearc (2b) fraoigh (1f)
An cúirliún, glao an chúirliúin
An fál, ag bearradh an fháil, tríd an bhfál
Na fálta, ag bearra na bhfálta, ar na fálta
An poc amach/saor, ag tógaint an phoic amach/saor
Na pocanna saora, ag tógaint na bpocanna saora
An t-oighear, sioc agus leac oighir, a dhainséaraí a bhíonn na boithre tar éis an leac oighir
An bórd mór, cosa an bhoird mhoir, fén mbórd mór
Na boird mhóra, in aice na mbórd mór, fé na boird móra

Ainmfhocail theibí:
An gátar (gádh)
An ganntar (gann)
An glanachar (glan)
An s'lachar céanna/tsailicheacht(3b)
An bochtanas (bocht)
An saibhreas (saibhir)/tsaibhre(4b) - dá shaibhre é (ainmfhocal teibí céime) ní bhíonn cnoc dá mhéid ná bíonn gleann dá réir
An daibhreas
An gliocas/gliceas (glic)
An t-olcas - dá olcas é (olc)
An donas/donacht(3b) - dá dhonacht é
An ciúineas/ciúnas (ciúin)
An leithead
An feabhas, níos mó feabhais, a/dá fheabhas a bhí sé, ag dul i bhfeabhas, níl aon rud dá fheabhas chomh maith leis, do bhuaifeadh sé ar aon fhear dá fheabhas san aer, gach sort bídh dá fheabhas, bhiomair an-shasta lene fheabhas a...
An doimhneas
An tiús (tiubh)
An cineáltas/cineáltacht(3b)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Tarna Díochlaonadh:

Sa díochlaonadh so/seo tá bhformhór mór na n-ainmfhocal baininscneach.
Mar shampla:
An fhuinneog (bheag)
An bháisteach (throm)

Más ainmfhocal a chríochnaíonn ar chonsan leathan atá i gceist e.g. fuinneog, speal, báisteach etc. is féidir foirm fé leith caol an tabharthaigh a úsáid más maith leat (riachtanach nuair cuid den coirp -cos, glúin, cluas, lámh) i.e. tríd an bhfuinneog/bhfuinneoig. Ní bhíonn san i gceist gan amhras leis an ainmfhocal ar chonsan caol mar bíd araon caol ansan e.g. an pháirc, ar an bpáirc.

Ins an tuiseal ginideach uatha críochníonn an t-ainmfhocal ar e, nó ar í (< ighe).
Mar shampla:
Fuinneog, an fhuinneog bheag, in aice na fuinneoige, tríd an bhfu(i)nneog/(bhfuin)neoig
Na fuinneoga (lag)
Báisteach, an bháisteach, tar éis na báistí/báistighe, ón(leis an) mbáisteach/mbáistigh
Speal, an speal, crann (na) speile, ar/leis an speal/speil
Grian, an ghrian, teas na gréine, leis an ngrian/ngréin
Ordóg, an ordóg, ionga na hordóige, fén ordóg/ordóig
Sráid, an tsráid mhór, ar thaobh na sráide, ar an sráid
Foirm, an fhoirm, ag líonadh na foirme, ar an bhfoirm/sa bhfoirm
Clann, an chlann, líon na clainne, ins an gclann/gclainn
Páirc, an pháirc, a' treabhadh na páirce, ins an bpáirc
Bábóg, an bhábóg, a' ní na bábóige, ar an mbábóg/mbábóig
Seachtain, an tseachtain, i rith na seachtaine, ins an (t)seachtain
Tintreach, an tintreach, stoirm tintí/tintrighe
Tóirneach, an tóirneach, stoirm tóirní/tóirnighe
Baintreach, an bhaintreach, saol na baintrí, ón mbaintreach/mbaintrigh
Na baintreacha
Fuaim, an fhuaim, méid na fuaime, leis an bhfuaim
Cuach, an chuach, teacht na cuaiche, ón gcuach/gcuai(ch)
Na cuacha (lag)
Obair, an obair, ag déanamh na hoibre sin, ar an obair sin
Lámh, an lámh, ar máibh na láimhe, an an láimh eile (cuid den coirp)
Cos, an chos,ag tarringt na coise, leis an gcois
Glún, an ghlún, ag búaladh na glúine, leis an nglúin
Bróg, an bhróg, uachtar na bróige, leis an mbróig
Bas, an bhas, ag bualadh baise, leis an mbais
Sráid, an tsráid, taobh na sráide, ar an (t)sráid
Beach, an bheach, mil na beiche, leis an mbeach/mbei(ch)
Ceol/mil na mbeach, mil bheach
Cruach, an chruach, árd na cruiche, ar an gcruach/gcruai(ch)
Na cruacha
Cloch, an chloch, ag caitheamh na cloiche, leis an gcloch/gcloi(ch)
Na clocha, ag caitheamh na gcloch
Scórnach, an scórnach thinn, tinneas scórnaí, um scórnach/scórnaigh
Corcach, an chorcach, méid na corcaí, i gcorcach (gCorcaigh > Corcaigh)
Leabharlann, an leabharlann mhór, muintir na leabharlainne
Ceárd, an cheárd, ag foghlaim na céirde, ar an gcéard (gcéird > an chéird) > an cheárdlann
An t-othar > an otharlann, foireaan na hotharlainne
An t-uachtar > an uachtarlann, chun na huachtarlainne
Eaglais, an eaglais, do réir na heaglaise, ar an eaglais
Na heaglaisí
Súil, an tsúil
Na súile, radharc na súl
Snáthad, an tsnáthad, cró na snáthaide, leis an snátha(i)d
Géim, an ghéim > an ghéimneach, méid na géimní, leis an ngéimneach/ngéimnigh
Géimreach, an ghéimreach, méid na géimrí, leis an ngréimreach/ngéimrigh
Seitreach, an tseitreach, méid na seitrí, leis a' seitreach/seitrigh
Searrach, an searrach
Búir, an bhúir > an bhúirtheach, méid na búirthí, leis an mbuirtheach/mbúirthigh
Deoch, an deoch, ainm na dí sin, leis an ndeoch/ndigh
Ciall, an chiall, níos mó céille, ar do chéill
Cearc, an chearc, i ndiaidh na circe
Pian, an phian, i ndiaidh na péine
Suim, an tsuim, níos mó suime, ar an (t)suim
Adharc, an adharc, ceol na hadhairce
Cailleach, an chaileach, scéal na caillí, leis an gcailleach
Sluasad, an tsluasad, ag usáid na sluaiste
Na sluaistí
Scian, an scian, cos (na) scine, leis an scian
Na sceana
Maith, an mhaith, an moladh na maithe/matha
Fearthain, an fhearthain, i ndiaidh na fearthaine
Fead, an fhead, i ndiaidh na feide, leis an bhfead
Feadóg, an fheadóg, ag séideadh na feadóige
Fadhb, an fhadhb mhór so, réiteach na faidhbe, bhfuil an réiteach ar an bhfadbh so/bhfaidhb seo?
Na fadhbanna móra so, réiteach na bhfadbhb(anna) so, bhfuil aon réiteach ar na fadhbanna so
Sainnt, an tsain(n)t
Iníon, ainm na hiníne, ar an iní(o)n
Sceach, an sceach, i mbarra na sceiche, i sna sceacha
Na sceacha
Piast, an phiast, snaidhm (snuím) na péiste, leis an bpiast/bpéist
Abairt
Teoiric, an teoiric, a plé na teoirice sin
Na teoiricí
Cáipéis, an cháipéis
Cistin, an chistin, doras na cistine(2b) (nó doras na cistan -5b)
An chailleach (ch'leach), scéal na caillí, leis an gcailleach/gcailligh
Na cailleacha, scéalta na gcailleach (lag), ar na cailleacha
An chailís chéanna
An chalaois chénna
Seachtain, an tSeachtain Mhór, i gcaitheamh na Seachtaine Móire
An chasachtach throm, taom casachtaí, ag casachtaigh
An ghéim, an ghéimneach, i lár na géimní, ag géimnigh
An bhúir, an bhúirtheach, i lár na buirthí, ag búirthigh
An tseitreach, i ndiaidh na seitrí, ag seitrigh
An mhéileach, méileach na caorach, i ndiaidh na méilí, ag méiligh - an t-uan a' múneadh (an) méilí dá mháthair
An sraoth, an tsraothartach, babhta sraothartaí, ag sraothartaigh - do chuir sé sraoth/... mór as, do lig/leog sé ... mór as
An t-amhastar (1f), fórsa an amhastair (1f), an amhastrach (2b), i ndiaidh na hamhastraí, ag amastraigh
An mheannlach, meannlach an chait, an cat a' meannlaigh
An gabhar a' meigeallaigh
An cogar, an chogarnach, ag cogarnaigh
Clagar báistí, clagarnach b(h)áistí, i lár na clagarnaí, ag clagarnaigh
An naoscach, nead naoscaí (an gabhairín reó - a' meigeallaigh ar nós an ghabhair)
An uaimh, béal/faill na huaimhe/hua, na huaimheanna/h'uanna, faill na n-uamhan
Faill, an fhaill, bruach/barra na faille, thit sé leis an bhfaill
Na faillte(acha), in aice na bhfaillteacha, leis na faillteacha
An bheirt acu, gnó na beirte, ní raibh sé thar moladh beirte
An tonn mhór, fórsa na toinne
Na tonnta, treasna na dtonnta dul siar dul siar
An fhoireann chéanna, captaein na foirne céanna
Na foirne céanna, captaeiní na bhfoirne
An oighear, sioc agus leac oighre
Caint, níos lú cainte

Ím(2f), an t-ím, blas an ime, ar an ím
Sliabh(2f), an sliabh, ar thaobh an tslé(ibhe), ar an sliabh
Tigh(2f), an tigh, doras an tí, sa tigh

Ainmfhocail theibí:
An fhaid mhór
An ghéarchúis/ghéarchuiseach(3b)
An fhuarchúis/fhuarchúiseach (3b)
An ghann(a)chúis/gantanas(1f), de dheascaibh na gannachúise
An chaolchúis/chaochúiseach(3b)
An mhórchúis/mhórchúiseach(3b)

Ainm bhriathartha:
An-mhinic bíonn ginideach and ainm bhriathartha ar aon fhoirm leis an aidiacht bhriathartha (ach ní i gcónaí é):
(Dein) an mhaith (agus séan an t-olc), ag déanamh na maithe
Tá sé cáinte, Lucht cáinte an máthair
Tá sé oscailte, Am oscailte
Ag briseadh, tá sé briste, lucht briste na dlí
Ag deisiú, tá sé deisithe, lucht deisithe troscáin
Ag bailiú, tá sé bailithe, lucht bailithe
Ag leathadh, tá sé leaite, lucht leaite ráflaí

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Treas Díochlaonadh:

An Treas Díochlaonadh

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Ceathrú Díochlaonadh:

An Ceathrú Díochlaonadh

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


An Cúigiú Díochlaonadh:

An Cúigiú Díochlaonadh

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


Ainmfhocail Nea(mh)rialta:

Bó, an bhó dhubh san, eireaball na bó duibhe, ar an mbó dhubh/ar an mboin
Ba, na ba bána/dubha san, ag crú na mbó/mba bán/dubh, ar na ba/buiabh (sean-fhoirm thabharthach)

Bean, an bhean óg san, ainm na mná óige, ar an mbean óg/mnaoi óig
Mná, na mná óga san, ainmeacha na mban óg san/grúpaí bean óg, na tuairimí a tá ag na mná óga/ar na mná óga/mnáibh (sean-fhoirm thabharthach)

Daoine, ainmeacha na ndaoine, leis na daoinaibh (sean-fhoirm thabharthach)

Lá, an lá san, obair an lae san, ar an lá san
Na laeth(ant)a saoire

Dia, in ainm Dé, buíochas le Dia
Na déithe bréige a bhíonn ag daoine, ainmneacha na ndéithe Gréagacha úd, na hainmneacha a bhíodh ar na déithe Gréagacha úd

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


Beagán Seanfhocal:

Is doigh le fear na buile(4b) gur(a)b é féin fear na céille(2b).
Is fearr an tsláinte(4b) ná na táinte.
Salann is iarann dhá earra ná liathann.
Is sia a théann an t-uanán(1f) ná an t-anairthe(4f).
Ní hé lá na gaoithe(2b) lá na scolb(1f).
Níl aon tinteán mar do thinteán féin.
Aithníonn ciaróg ciaróg eile.
An rud is annamh is iontach.
Is leithide an bhualthach satailt inti.
Ní troimede an ceann an chiall.
Is mó cor a chuireann lá Earraigh dhe.
Feabhra fhliuch, na ndíoga lána.
Márta dubh cruaidh.
Aibreán bog braonach.
Bealtaine bhéalfhluich.
Bíonn ceann dubh ar gach maidin Earraigh.
Scaribhín/scairbhs(h)ín/gairbhs(h)ín na gcuach, na fearthaine agus an fhuachta.
De réir mar a bhíonn na laethannta ag dul i bhfad bíonn na hoícheannta ag dul i ngiorracht.
Codladh an traona chughat!

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


Éanlaithe:

Druid(2b) (starling): Do shúilín ba ghlaise ná uisce na ngeamhartha (blades of young corn).
'S do bhéilín ba bhinne ná an druid nuair a labhrann.
Gealún(1f)/Gealbhan binne (house sparrow): Cuireadh na ngealún chun arbhair na gcomharsan.
Gobadán (common sandpiper): Gobadáin na gorta (thin/hungry school children)
Ní féidir leis an ngobadán an dá thrághadh (thrá) a fhreastal (Cnósach na trá(gha)).
Ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán.
Ní thugann an gobadán an dá thráigh leis
Gobadán na cuaiche (meadow pipit).
Glasróg/Glasóg (wagtail): Siobháinín a'bhóthair/a' triúis/na ngarraithe, éan beanndithe.
Donnóg (dunnock): Donnchadh a'chaipín.
An fhaoileann/faoileán (sea gull): Iasacht an roilligh(1f) don bhfaoileann/fhaoileann, iasacht ná fillfidh go deo.
An chaobach/meirleach (skua): Féach mar a bhaineann an chaobach a seilg den bhfaoilinn/fhaoilinn/eann.
An spiodóg(2b)/spideog/spiodóigín/spideoigín (robin) bhroinndearg.
Creabhar/coileach(1f) feadha (feá) (woodcock): Broic(1f) is míolta gearra, creabhair na ngoba fada.
An colúr(1f)/c'lúr/colm (dove) - Colmán.
An dreoilín: an dreoilín do mhún sa bhfarraige
Fiodóg(2b)/fideog/feadóg slé(ibhe) (golden plover): Do chualag scéal duit anois go déanach ó fhideog slé' bhí i nDiúchoill (Máire Bhuí Ní Laoghaire).
P'libín(4f)/pilibín míoc/míog (lapwing/green plover).
Naosc/naoscach/gabhairín reodha (snipe): gob naoscaí.
Cearc/coileach fraoigh (grouse): 'Sé dála na circe fraoigh agus an fraoch aige é.
Cúirliún(Déise M.)/cuínliún/caoirliún(Béarra)/crotach(Connachta/Uladh)(1f) (curlew): Nead crotaigh.
Nóra na bpoirt/Nóra an ragaidh(loose living)/Síle an ragaidh/an chorr-ghlas/an chorr mhóna(Uladh) /an chorréisc/iasc(Connachta)-Duine le muineál fhada.
An fiach/fiach dubh (raven): Is geal leis an bhfiach dubh a gheárrcach féin.
An préachán/rúcach (rook), cág (jackdaw), cág cosdearg (chough), scréachóg (jay), fiannóg/feannóg/caróg dubh (scald/hooded/grey/carrion crow), an mheaig/snag breac(1f) (magpie): Ná creid fionnóg 's ná creid fiach mar is toil Dia 'sea a bheidh an lá.
Fiach mara/farraige/an bhroigheal (cormorant), seaga (shag).
An caistín/caislín cloch (stonechat): Gogaí ó gog/gaod (egg)! cá ndéanfad mo nead? Má dheinim sa chlaí í gheobhaidh an caistín í!
Forcha(5)/foracha/didlín (guillemot), ubh forchan.
Guinnéan/gainnéann/gainnéad: Tá an guinnéad ar a'bhfiach (circling). Tá na guinnéid a' bualadh (diving).
An seabhac(1f), nead a'tseabhaic, na seabhaic (hawk or kestrel).
An coileach feá (feadha), an creabhar - éan an ghoib fhada

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


Abairtí/Frásaí Áiseacha:

Ní g(ea)reánta dhom - Ní ceart dom bheith ag geareán.
Ní tógtha air é - ní ceart an milleán a cuir air.
Ní raibh gíocs ná míocs as.
Bhí sé i bhfad (Éireann) níos faide ó bhaile - Bhí sé i bhfad i bfhad níos faide ó bhaile.
Conas táir/taoi? - conas tá(nn) tú.
Táim go maith slán go rabhair.
Ag cur péint fén ndoras.
Cuir braon íle fé tuislí an dorais a bhí ag gíoscán (ní raibh gíocs ná míocs as na páistí)
Cuirtear an ola dhéanach ar dhaoine
Do rith sé liom/níor rith aon ní liom (nothing occurred to me).
Déanfidh sí thar mo ceann é (she will do it in my name).
Dé (do) bheatha-sa a Phádraigh/Dé bhfúr mbeatha (Cléire) -> Go mairir-se i bhfad/go maire sibh i bhfad (an ghuí chosanta ó Cléire) (Greeting/Reply)
Slán leat (an duine ag imeacht), Slán agat (an duine ag fanacht)
Do thánaís! -> Do thánag -> Do thánaís féin! -> Do thánag.
Tiochfaidh sé amanathar (um an iarthar - an lá i ndiaidh amárach, tagann an todhchaí ón iarthar)
Chuir chughat do dhinnéir.
Tagann an dath gorm duit.
Dhá gluastáin/uair/úll nó trí.
Mo leann chráite/mo chreach is mo léir!
Im'briathar-sa féinigh/ar mh'anam-sa féinigh!
Tháinigh san anuas (~that came up).
Cos/mada scine, feoil go maidí scean
Lámh a' tsáspain
Cluas a' chupáin
Crann speile
Ní dheineann sa obair!
Níl cnoc dá mhéid na bíonn gleann dá réir
Is fúm/fút/fé/fúithi/fúinn/fúibh/fúthu féin atá sé (is up to me/you ...)
D'imigh rith focail air (he had a slip of the tongue)
Cad 'na thaobh?
Tá san go maith agus más maith is mithid. Is mithid dom bheith ag dul abhaile.
Bhíos ar tí a rá leis
Bíonn an mhoill (2b) ar tí an deabhaidh (1f)
Téim ar obair (place)/Téim ag obair (activity)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach


Míle buíochas do mo chomharsa Roibeárd as ucht na cabhrach agus an spreagtha a thug sé dhom.

Aiseolas ar an suíomh so/seo go Tim Murphy:
    Guthán: (353) 086-1098089 nó
    rphost: GlanmireCommunity@gmail.com
Litriú na Gaeluinne - áéíóúÁÉÍÓÚ