Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Téann an aimsir láithreach is an aimsir gnáth caite le chéile.
Téann an aimsir fáisteaneach is an módh coinnealach le chéile.
Bí:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): táim, táir/taoi/conas tánn tú, tá sé/sí, táimíd, conas tánn sibh, táid, táthar (briathar saor)
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): cá bhfuilim?, cá bhfuilir/bhfuileann tú?, cá bhfuil sé/sí?, cá bhfuilimíd?, cá bhfuil(eann) sibh?, cá bhfuilid? cá bhfuiltear? (briathar saor)
go bhfuil, ná fuil (nach bhfuil) an aimsir go brea?
Aimsir Gnáth Láithreach: bím/ní bhím, bír/bíonn tú/cá mbíonn tú?, bíonn sé/sí, bímíd, bíonn sibh, bíd, bítear (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do bhíos, do bhís, do bhí sé/sí, do bhíomair(bhíomar), do bhíobhair/do bhí sibh, do bhíodar, do bhíothas (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cá/a'/go/ná/ní rabhas, cá/a'/go/ná/ní rabhais, ní raibh sé/sí, ní rabhamair(rabhamar), ní rabhabhair/ní raibh sibh, ní rabhadar, ní rabhthas (briathar saor)
Aimsir Fáisteaneach: bead (chughat), beir, beidh sé/sí, beimíd, be(idh) sibh, beid, beifear (briathar saor)
An Módh Coinnealach: do bheinn, do bhefá, do bheadh sé/sí, do bheimís, do bheadh sibh, do bheidís, do bheifí (briathar saor)
Aimsir Gnáth Caite: do bhínn, do bhít(h)eá), do bhíodh sé/sí, do bhímís(t), do bhíodh sibh, do bhídís, do bhítí (briathar saor)
Téir/Téigh:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): téim
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do chuas, do chuathas (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm/úsáid spleách): cá/a'/go ndeaghas/ndeachas/ndeigheas(urú in ionad séimhiú!)/ná deaghas/ní dheaghas, ná deaghais/ní dheaghais, ní dheaghaidh sé/sí, ní dheaghamair, ní dheaghabhair, ní dheaghadar, ní dheaghthas (briathar saor) NÓ cár/ar/gur/nár/níor chuas(Corca Dhuibhne)
Aimsir Fáisteaneach: raghad, raghair, raghaidh sé/sí, raghaimíd/ragham (níl aon f ina lár!)
An Módh Coinnealach: do raghainn, do raghfá, do raghadh sé/sí (níl aon f ina lár!)
Aimsir Gnáth Caite: do théinn
Ta(i)r:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): tagaim
Aimsir Láithreach (usáid spleách):
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do thánag/thánga/thángas, do thángais/aís, do tháinig sé/sí, do thángamair, do thángabhair, do thángadar, do thángthas (briathar saor)
Aimsir Caite (usáid spleách): cár/ar/gur/nár/níor thánaís NÓ cá/a'/go dtánaís (urú in ionad séimhiú! -Corca Dhuibhne)
Aimsir Fáisteaneach: tiocfad
An Módh Coinnealach: do thiocfainn
Aimsir Gnáth Caite: do thagainn
Dein (rialta i gCorcaigh):
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): deinim, deinir, deineann sé/sí
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): ní deintear (briathar saor)
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do dheineas, do dheinis, do dheintheas (briathar saor) (Corcaigh), do rinne tú, do rinneadh (briathar saor) (Connachta)
Aimsir Caite (fhoirm/úsaid spleách): cár/ar/gur/nár/níor dheineas/dheinis NÓ cá/go ndeineas (urú in ionad séimhiú! -Corca Dhuibhne) NÓ ní dhearna mé, ní dhearnadh (briathar saor) (Connachta)
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): déanfad
Aimsir Fáisteaneach (úsáid spleách): cá/a'/go ndéarfair, ní dhéanfad
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do dhéanfainn, do dhéanfá-sa
An Módh Coinnealach (úsáid spleách): ní dhéanfainn
Aimsir Gnáth Caite: do dheininn, do dheinteá, do dheineadh sé/sí
Faigh:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): gheibhim/faighim, gheibhtear/faightear (dhá fhoirm!)
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): ní bhfaighim, ní bhfaightear (urú in ionad séimhiú!)
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): (do) fuaireas (níl aon séimhiú!), (do) fuarthas (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cá/a'/go/ní/sara bhfuaireas(urú in ionad séimhiú le ní comh maith!), ná fuairais?
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): gheobhad, gheobhair, gheobhaidh sé/sí, gheobhaimíd (níl aon f ina lár!)
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách): ní bhfaighead, ní bhfaighir (urú in ionad séimhiú!), cá bhfaighidh sé? ní bhfaighimíd
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do gheobhainn, do gheobhfá, do gheobhadh sé/sí, do gheobhaimís (níl aon f ina lár!)
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách): ní bhfaighinn, ní bhfaighead sé/sí (urú in ionad séimhiú!)
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do gheibhinn/d'faighinn (dhá fhoirm!)
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách): ní bhfaighinn (urú in ionad séimhiú!)/ní fhaighinn
F(e)ic:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): chím/f(e)icim (dhá fhoirm!)
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): ní fheicim
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): (do) ch(o)nac ("chnoc")/chonaiceas, (do) chonaicís, do chonaic sé/sí, do chonaiceamar, do chonaiceabhair, do chonaiceadar, do chonacthas (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cá/a'/go bhfacais? ná faicaís?(Mumhan), ní fhaca, ní facaís(níl aon séimhiú!), ní facthas (briathar saor)
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): chífead, chífir, chífeadh sé/sí
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách): ní fheicfead
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do chífinn, do chífá
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách): ní fheicfinn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do chínn/d'fheicinn (dhá fhoirm!)
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách): ní fheicinn, a'bhfeicteá?
Clois:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): cloisim
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do chuala/chualas/chualadh/chualag, do chualais/chualaís, do chuala sé/sí, do chualamair, do chualabhair, do chualadar, do chualathas (briathar saor)
Aimsir Caite (úsáid spleách): cár/ar/gur/nár/níor chualaís? NÓ cá/a'/go gcualaís? (urú in ionad séimhiú! -Corca Dhuibhne)
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): cloisfead
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách):
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do chloisfinn
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do chloisinn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách):
D'féadfá a fhreagairt mar shampla ar "A gcloisir?" úaireanta le "airím" (rialta)
Ith:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): ithim
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): cá/a'/go nithir
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): d'itheas, d'ithis, d'itheadh (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cár/ar/gur/nár/níor ithim/ithis?
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): íosfad
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách): cá/a'/go níosfair, ná hiosfair?, ní íosfair
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): d'íosfainn
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): d'ithinn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách): cá/a'/go nithinn
I gCléire - d'uas mo dhinnéir inné, do dhuasfinn dá mbeadh am agam
Abair:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): deirim/abraim/abraím (tá rogha anseo)
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): ní deirim(níl aon séimhiú!)/ní abraim/ní abraím
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): duart/dúrt/dúras/duairt mé/dúrt mé(Corca Dhuibhne), duarais/duaraís, duairt/dúrt sé/sí, duaramair, duarabhair, duaradar (níl aon do ná séimhiú!), duradh/durathas (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cá/a'/go nduairt/ndúrt, ná/ní duairt/dúrt/dúras
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): déarfad, déarfair
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách): ní déarfad/ní abród
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): déarfainn(níl aon do ná séimhiú!)/d'abróinn, déarfá, déarfadh sé/sí
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách): ní déarfainn(níl aon séimhiú!)/ní abróinn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): deirinn, deirteá (níl aon do ná séimhiú!)
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách):
Tabhair:
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): tugaim
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do thugas, do thugadh (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách):
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): tabharfad, tabharfair
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách):
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do thabharfainn, do thabharfá-sa, do thabharfadh sé/sí
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do thugainn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách):
Beir (ag breith):
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): beirim
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách): cá/a'/go/nách mbeir sé, ach- ná beir sé
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do rugas, do rugais, do rug se/sí, do rugadh (briathar saor)
Aimsir Caite (fhoirm spleách):
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): beirfad, beirfair, beirfaidh sé/sí
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách):
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do bheirfainn, do bheirfá-sa, do bheirfadh sé/sí
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do bheirinn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách):
Gaibh/goibh (ag gabhail):
Aimsir Láithreach (fhoirm nea(mh)spleách): gabhim, gabhir, gabhann sé/sí
Aimsir Láithreach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Láithreach:
Aimsir Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do ghabhas, do ghabhais
Aimsir Caite (fhoirm spleách): cár/ar/gur gabhais
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm nea(mh)spleách): geobhad, geobhair, geobhaidh/gobhfaidh sé/sí
Aimsir Fáisteaneach (fhoirm spleách): cá/a'/go ngeobhair anois
An Módh Coinnealach (fhoirm nea(mh)spleách): do gheobhainn/ghobhfainn
An Módh Coinnealach (fhoirm spleách):
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm nea(mh)spleách): do ghabhainn
Aimsir Gnáth Caite (fhoirm spleách):
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Úsáid spleách:
Cá gceannáir? dá gceannófá, a' gceannaíonn? ná ceannaíonn (nach gceannaíonn)? go bhfanann
An ? + Urú: an dtéann tú? an mbíonn? an raibh tu? an bhfaca tú é?
A'? + Urú (Mumhain): a'dtéann tú? a'mbeir? a'mbíteá?, a'mbíonn? a'mbeifeá? a'rabhais? a'ndearna tú? a'bhfaca tú é? a'bhfeiceann tú? a'bhf(e)acaís? a'bhfeicfeá? a' bhfaigheann tú? a'bhfuairis? a'bhfaighir?
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Ar ? + Séimhiú: ar cheannáis? ar dheinis? ar dhúnais? ar chuais (ach a' ndeaghais)?
Nách ? + Urú: nách gceannaíonn?
Ná ? - gan aon Urú (Mumhain): ná ceannaíonn? ná rabhais? ná fhaca tú é? ach- ná fanfair
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Nár ? + Séimhiú: nár cheannaís?, nár bhuailis?
Cá ? + Urú: cá gceannaíonn tú? cá gceannóimíd? cá gceannofá? cá rabhais? cá bhfaca tú é? cá/go/muna/sula/sara bhfanfair
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Cár ? + Séimhiú: cár cheannáis?
Go + Urú: go gceannaíonn tú, go gceannóimíd, go gceannofá, go rabhais, go bhfaca tú cheanna é
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Gur + Séimhiú: gur cheannáis, gur cheannaigh tú
Mura/muna/mara + Urú: mura gceannaíonn tú, muna gceannóimíd, mara gceannofá, mura rabhais, muna bhfaca tú cheanna é, mara mbeidh
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Murar/munar/marar + Séimhiú: murar cheannáis? munar cheannaigh sé
Sara/sula + Urú: sara gceannaíonn tú, sula gceannóimíd, sara gceannofá, sula rabhais, sara bhfaca tú é, sula mbeidh/mbeir, sula/sra dtiocfad
ach- sara fada cf sar i bhfad
Ach san aimsir caite le úsáid spleách: Sarar/Sular + Séimhiú: sarar cheannáis? sular cheannaigh sé
Dá + Urú: dá gceannofá, dá mbeadh
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Fuaime focail le críoch -ll, -m, ng, -rr, -nn,:
Bíonn fuaim défhoghar ar na guta riomha muna thagan guta ina dhiaidh - m.sh:
Geall, tá mé geallta, geallfad, poll, tá an adhmad pollta, coill, cill, cam, iarann camtha, ím, crom, tá mé cromtha, greim, glam, rang, long, gleann, gleannta, fionn, fionna, clann, an sloinne, na sloinnte, bronn, bronntanas, Flann - O'Floinn, ceann, na cinn, cúmtha, tonn, slínn, costas na slínnte, seinn, tá mo phort seinnte, tinn, scórnach thinn
Ní bhíonn fuaim défhoghar ar na guta riomha má thagan guta ina dhiaidh - m.sh:
Geallaim duit, do phollas an adhmad, bothar na coille, bothar na cille, ag cama iarrann, punt ime, tá mé ag cromadh, ag glamaíol, ag glamadh, ós comhair an ranga, na ranganna, i lár a' ghleanna, níos finne, brí an tsloinne, bronnaim, ag bronnadh, ag cumadh, ceann/díon slinne, costas na slinne, do sheineass, seinnfead, tinneas scórnaí/droma
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Le guta:
Gurab amhlaidh dhuit/gurab é dhuit féin/go mba hamhlaidh dhuit/go mba hé dhuit féin
Nárab amhlaidh dhuit/nárab é dhuit féin
Gurab é do leas é
Nárab é do dheireadh é
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach