Graiméar na Gaeilge ar Lean - An Aidiacht


An Chéad DíochlaonadhAn Tarna DíochlaonadhAn Treas DíochlaonadhAn Ceathru DíochlaonadhAn Forainm CoibhneastaAn Forainm Coibhneasta an Mhéid
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach
Lasmuigh de sna haidíachta neamhrialta, bíonn tuiseal ginideach baininscneach na haidíachta ar an aon fhoirm le breischéim na haidíachta san, de gnath.
Mar shampla:
Bán, níos báine - an bhó bhán san- i ndiaidh na bó báine sin
Ciallmhar, níos ciallmhaire - an bhean chiallmhar san, iníon na mná ciallmhaire sin
Cainteach, níos caintí - an bhean chainteach san- tuairimí na mná caintí sin
Ciúin, níos ciúine - an mhaidin chiuin sin - cuimhní na maidne ciúine sin
Cáiliúil, níos cáiliúla - an áit cháiliúil sin - muintir na háite cáiliúla san

An Chéad Díochlaonadh (críochníonn na haidiochta ar consan leathan):

Dubh, bán, dearg, glas, caol, iontach, feargach, brónach, bocht, bacach, uasal, ramhar/reamhar, géar, tréan, fionn, leathan, uafásach, glan, braonach, lúbach, mór, beag, bog, óg, brothallach, aerach, cam, ciallmhar, briosc
Sa ghinideach firinscneach freagaraíonn siad don chead díochlaonadh den ainm fhocal - mar deintear caolú ortha;
sa ghinideach baininscneach freagaríd don tarna díochlaonadh don ainm fhocal - mar críochnaíonn siad ar -e nó -í/-aí.

Na hadíochta sa chéad díochlaonadh, chríochnaíd ar chonsan leathan (ban, dubh, óg, bacach, brónach ...) - sa ghinideach firinscneach freagaríonn siad don chéad díochlaonadh den ainm fhocal - mar deintear caolú ortha; sa ghinideach baininscneach freagaríd don tarna díochlaonadh don ainm fhocal - mar críochnaíonn siad ar e nó ar í/aí.

Uatha:
Bád, an capall/bád beag san, scoil, an scoil bheag san, bean, bean bheag, an bhean bheag san (ainmneach)
Airde an chapaill (1f) bhig sin, airde an bhuachala (3f) bhig sin, airde an charad (5f) bhig sin, áirde na mná (b) bige/uaisle sin, i ndiaidh an bháid (1f) bhig sin, i dtreo na scoile (2b) bige sin, fad an bhoithair (1f) chaoil, chúing, chaim sin, fan na bó (b) caoile, cúinge, caime sin (ginideach)
Ag caint leis an bhfear beag san, ag caint leis an mban bheag san (tabharthach) ag caint leis an mnaoi bhig sin (foirm fé leith an tabharthaigh)
Madra, an madra bán, bó, bó bhán, an bhó bhán, an chearc bheag (ainmneach)
Ainm an mhadra bháin/bhig, i ndiaidh na bó báine, ainm na circe bige, ainm an fhir mhóir, ainm na mná móire (ginideach)
Spéir, an spéir dhubh, spéir bhreá ghorm (ainmneach)
Fear bacach, an fear bacach san, bean bhacach, an bhean bhacach (ainmneach)
Hata an fhir bhacaigh sin, ainm an fhir mhoir sin, hata na mná bacaí, ainm na mná móire (ginideach)
Amhrán brónach, dán bronach, filíocht/an fhilíocht bhrónach (ainmneach)
Focail an amhráin bhrónaigh, focail na paidre brónaí (ginideach)
Samhradh/an samhradh breá brothallach, seachtain/an tseachtain bhreá bhrothallach, aimsir bhreá bhog (ainmneach)
An dochtúir óg, an bhanalltra óg (ainmneach)
Saol an dochtúra óig, saol na banalltra(n) óige (ginideach)
Úll dearg, a t-úll dearg, an fheoil dhearg (ainmneach)
Ag ithe an úill dheirg, ag ithe na feola deirge, an fheoil dheas mhilis, an t-arán deas milis, ag ní na léine deirge (ginideach)
An lá iontach, an oíche iontach (ainmneach)
Cuimhní an lae iontaigh, cuimhní na hoíche iontaí (ginideach)
Imreoir, an t-imreoir feargach (ainmneach)
Ainm an imreora fheargaigh (ginideach)
An capall dubh, an charraig dhubh (ainmneach)
Ónaeir an chapaill dhuibh, foireann na Carraige Duibhe/Duí' (ginideach)
An móinéar/gort uachtarach(aidiacht)/uachtair(ainm fhocal ginideach), an móinéar/gort íochtarach(aidiacht)/íochtair(ainm fhocal ginideach), an phairc/tseilf uachtarach(aidiacht)/uachtair(ainm fhocal ginideach)/láir(ainm fhocal ginideach)/bharraidh(aidiacht), an phairc íochtarach(aidiacht)/íochtair(ainm fhocal ginideach) (ainmneach)
A' baint/treabhadh an mhóinéir/ghoirt/gharraí uachtaraigh(aidiacht)/uachtair(ainm fhocal ginideach), a' baint/treabhadh an mhóinéir/ghoirt íochtaraigh(aidiacht)/íochtair(ainm fhocal ginideach), a' cur/líonadh na pairce/seilfe uachtaraí(aidiacht)/uachtair(ainm fhocal ginideach)/láir(ainm fhocal ginideach)/barraí(aidiacht), a' cur na pairce íochtaraí(aidiacht)/íochtair(ainm fhocal ginideach) (ginideach)
An fear/bhean tréan/thréan láidir sin (ainmneach)
Ainm an fhir/mná thréain/tréine láidir/láidre sin (ginideach)
Ar an bhfear/mbean tréan/thréan láidir sin (tabharthach)

Notaí:
Na fiacla(ainm fhocal) tosaigh/láir/deiridh/cúil (ainm fhocal ginideach)
Ar thaobh an tsleibhe/tslé', Paróiste na Carraige Duibhe/Duí', an cuimhin/cuí'in leat?

Iolra (San iolra níl aon baint le h leis an inscneach - má críochnaíonn an tainm fhocal ar consan caol bíonn h ar an aidiacht):
Na fir bheaga/mhóra (ní hiad na fir mhóra a bhaineas an fómhar), na gluaisteain mhóra, na húrláir shalacha, na hamhráin bhinne sin (ainmneach)
Na buachaillí beaga/móra, na cailíní cliste, húrláirí salacha, mná beaga, na dánta binne (ainmneach)
Ainmeacha na bhfear beag, focail na n-amhrán breá binn sin (iolra lag, ginideach)
Ainmeacha na mbuachaillí/bpáirceanna móra, focail na ndánta breátha binne sin (iolra láidir (críochnaíonn iolra láidre ar -í, -é, -a+), ginideach)
Fir/mná thréana/tréana láidre (ainmneach)
Ainmneacha na bhfear/mban tréan láidir (iolra lag, ginideach)
Ainmneacha na mbuachaillí tréana láidre (iolra láidir, ginideach)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Tarna Díochlaonadh (críochníonn na haidiochta ar consan caol):

Ciúin, binn, fiain, milis, aoibhinn, álainn, dílis, maith, ainnis, saibhir, daibhir, corcair, aoibhinn, méith (feoil mhéith), righin (com righin le táith-fhéithleann), laidir

Na hadíochta sa tarna díochlaonadh, chríochnaíd ar chonsan caol (ciúin, fiain, deas, maith, saibhir ...) - sa ghinideach firinscneach freagaríonn siad don chéad díochlaonadh den ainm fhocal - tá an aidiacht caol sheana; sa ghinideach baininscneach uatha freagaríd don tarna díochlaonadh don ainm fhocal - mar críochnaíonn siad ar e nó ar í/aí.

Uatha:
Madra ciúin, oíche chiúin, oíche bhreá chiúin (ainmneach)
Fear fiain (ainmneach), ar an bhfear fiain (tabharthach), stoirm fhinin (ainmneach),leis an stoirm fhiain (tabharthach)
Arán/an t-arán deas milis,feoil/an fheoil dheas mhilis (ainmneach)
Cluiche/an cluiche maith, bliain/an bhliain mhaith (ainmneach)
Duine/an duine saibhir, bean/an bhean shaibhir (ainmneach)

Iolra:
Na hamhráin bhinne sin (ainmneach)
Focail na n-amhrán binn sin (ginideach)
Na dánta binne (ainmneach)
Focail na ndánta breatha binne sin (ginideach)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Treas Díochlaonadh (críochníonn na haidiochta ar -úil, -óir, -air):

Misniúil, dathúil, suimiúil, saoltúil, faiseantúil, cáiliúil, oifigiúil, leisciúil, cóir, éagóir, deacair, socair, míshocair, corcair

Na hadíochta sa treas díochlaonadh, chríochnaíd ar chonsan caol - sa ghinideach firinscneach freagaríonn siad don chéad díochlaonadh den ainm fhocal - tá an aidiacht caol sheana; sa ghinideach baininscneach uatha freagaríd don treas díochlaonadh don ainm fhocal - mar críochnaíonn siad ar a.

Uatha:
Bualchaill misniúil, bean mhisniúil, an meon saoltúil, an aigne shaoltúil, tuairim fhaiseantúil (ainmneach)
Ainm an bhuachalla mhisnúil, ainm na mná misniúla, ainm an fhir chóir sin, ainm na mná córa san (ginideach)
Ag iarnáil an bhlúis chorcair, ag iarnáil na léine corcara

Iolra:
Na fir mhisniúla, na buachaillí misniúla, na mná misniúla (ainmneach)
Obair na bhféar misniúl, obair na mbuachaillí misniúla, obair na mban misniúil (ginideach)
Caitheann sí eadaí corcara

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Ceathrú Díochlaonadh (críochníonn na haidiochta ar ghuta - ní thagann aon arthú orthu go dtí eisceacht nó dhó - breá agus te):

Cróga, néata, sásta, breá, te, fada, aosta, briste, nádúrtha, cliste, faiseanta, blasta, céanna, simplí, stuama, casta, saolta

Uatha:
Bualchaill sásta/breoite, fear breá, bean bhreoite/bhreá, béile te, deoch the, an duine breá macánta san, an bhean bhreá mhacánta san (ainmneach)
Ainm an bhuachalla shásta/bhreoite san/sin, ainm an fhir bhreá san, ainm na mná breoite/breátha san (eisceacht), ag ithe an bhéile the, ag ól na dí teo (eisceacht), ainm an duine bhreá mhacánta san, ainm na mná breá macánta san (ginideach)

Iolra:
Na buachaillí sásta/breoite, na fir bhreátha mhóra mhacánta san, na mná breátha móra macánta, na béilí teo, na deocha teo (ainmneach)
Obair/ag moladh na mbuachaillí sásta macánta san, obair/ag moladh na bhféar breá mór macánta san, obair/ag moladh na mban breá mór macánta san, blas na béilí teo, blas na deocha teo, ainmneacha na ndaoine breoite sin (ginideach)

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Forainm Coibhneasta (relative pronoun):

Feidhm Ainmneach (who/that/which)

An buachaill/na doaine atá/a bhí/a bheidh/a bheadh/a bhíodh ...
An/na ... a cheannaíonn/a cheannóidh/a cheannódh ...
An/na ... a théann/ná teann/nach dtéann ...

Feidhm Ghinideach (whose)

An buachaill go/a bhfuil a mháthair ...
An gluaisteán go/a bhfuil a dhoras dúnta
Na daoine/tuismitheoirí go/a bhfuil a gclann ...
An cailín go/a bhfuil a dearthair ag imirt le ...
An bóthar go/a bhfuil morán cor ann

Feidhm Thabhrach (on which, from, under)

An buachaill ar a bhfuil an caipín
An buachaill go/a bhfuil an caipín air
An cailín féna bhfuilim ag magadh
An cailín go/a mbím ag magadh fuithi
Na cumainn dá dtugaim airgead
Na cumainn dár thugamair airgead doife inné
An buachaill lena bhfuil sí i ngrá
An buachaill go/a bhfuil sí i ngrá leis
An garsún oná dteastaíonn cabhair anois
An garsún go/a dteastaíonn cabhair uaidh anois
An garsún ónar theastaigh cabhair inné
An garsún gur theastaigh cabhair uaidh inné

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


An Forainm Coibhneasta an Mhéid (an t-iomlán):

Aimsir Laithreach - urú

Caitheann sé an t-airgead go léir a thuilleann sé -> Caitheann sé a dtuilleann sé (d'airgead)
Ólann sé a mbíonn aige
Sin a bhfuil agam (le rá)
Sin a bhfuil le rá agam

Aimsir Caite - séimhiú

Sin a raibh le rá aige
Chaith sé ar thuill sé (d'airgead) - aimsir caite
Chaith sé gach rud dár thuill sé

Siar go Barr
Fill ar an mbunleathanach Graiméar
Fill ar an mbunleathanach


Míle buíochas do mo chomharsa Roibeárd as ucht na cabhrach agus na spreagtha a thug sé dhom.

Aiseolas ar an suíomh so/seo go Tim Murphy:
    Guthán: (353) 086-1098089 nó
    rphost: GlanmireCommunity@gmail.com