Baile |
Tá grúpa ceoil sa scoil. Tá muid i ngrúpa ceoil na scoile. Bíonn an consairtín, an flúit, an bodhrán, an fhidil, an fheadóg, an mandeline agus an bosca ceoil ann. Tá sé go han-mhaith. Seo cúpla duine atá sa ngrúpa ceoil. Sean Nós Téann go leor páistí chuig rang Iníon Uí Cheallaigh chun amhránaíocht ar an sean nós a fhoghlaim. Tá go leor páistí ag iarraidh í a fhoghlaim. Is maith le gach rang sa scoil seo an sean nós níos mó ná aon scoil eile ar domhan. Bíonn na ranganna ar siúl uair amháin sa tseachtain agus bíonn gach duine an-bhrónach nuair a bhíonn sé thart. Bíonn Mairead Ní Cheallaigh ag múineadh an ranga. Tá sí iontach!
Bíonn go leor comórtaisí ar an sean nós ar siúl. Bhuaigh Éamon Ó Donnchadha Corn Uí Riada trí huaire - sa mbliain 1997, 2003 agus 2005! Is múinteoir é Éamon sa scoil seo againne!!
|
|
Ceol | ||
![]() |
Ealaín | |
Spórt | ||
Eolaíocht | ||
Dánta |