Baile |
Bhí lá eolaíochta againn sa scoil agus rinne muid go leor gníomhaíochtaí. Thaispeáineamar do na gasúir eile sa scoil cén chaoi le na gníomhaíochtaí a dhéanamh.
Chuireamar roiceád ag teilgeadh agus rinne muid tuirne bogha ceatha. Chuireamar rísíní ag damhsa. Rinne muid iarracht fanacht cothrom. Dhear muid bád freisin. W 5
I mí na Samhna chuaigh an scoil go Béal Feirste go dtí an Ceantar W5. Bhí sé iontach. Bhí muid ann an lá ar fad. Bhí a lán turgnamh ann fresin. Bhí a lán rudaí faoi Albert Einstein. Bhí a lán rudaí maithe le déanamh ann. Fuair muid a lán rudaí sa siopa.
Tháinig rang 3,5,6 linn freisin. Bhí staighre ceoil ann fresin. Bhí áit le n-ithe ann fresin. Fuair muid airgead Sasanach. Bhí rothar le cloigean Dr. Einstein air. Bhí cluichí agus bhí ort spotáil le telescope. Bhí ríomhairí ann agus bhí tú in ann cluichí eolaíochta a imirt air. Bhí uisce i mbosca mór agus bhí ort bád a dhéanamh agus na báid a chur san uisce. Dá ngabhfadh an bád go tóin poill thosófá arís ach dá snámhfadh sé bhí sé togha. Bhí trí lámh air agus dá gcasfá ceann amháin bhogfadh an rud mór. |
|
Ceol | ||
Ealaín | ||
Spórt | ||
Eolaíocht | ||
Dánta |