FEILEASTRAM TEO

Tosach | Lóistín | Bialann | Cúrsaí | Imeachtaí | Gaeilge | Aistriúchán

Láthair

Tá foirgnimh nuathógtha ag Feileastram Teo i nDún Chaoin i gCorca Dhuibhne. Dúiche an-álainn go deo í seo. Is í an Ghaeilge gnáth-theanga na muintire anseo agus, tríd an teanga, tá cuimhne agus ceangal leanúnach pobail againn le dhá mhíle bliain de stair, chultúr agus litríocht. Tá an pobal áitiúil dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge. Tá daoine in ár measc áfach agus níl aon cheann den dá theanga sin acu.
Tá Dún Chaoin díreach os comhair an Bhlascaoid Mhóir. Ansin a mhair Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers, Muiris Ó Súilleabháin agus mórán eile de na scríbhneoirí agus de na scéalaithe agus de na  seanchaithe a thug sampla agus misneach do chlanna Gael do chuid mhór den aois seo caite leis an léargas a thugadar dúinn ar shaol agus ar dhúchas a bhí ceilte orainn, trína gcuid scríbhneoireachta féin agus tríd an eolas a bailíodh uathu ag scoláirí Ceiltise, béaloideasa agus eile.
Tá na gaiscígh seo ar shlí na fírinne anois. Tá a rian orainn áfach. Is mórálach sinn iad a bheith ar ár gcine! Déantar cúram ar leith dá gcuimhne i bhFondúireacht an Bhlascaoid Mhóir.
.Tá mórán suíomh staire agus seandálaíochta sa dúiche seo.

      Ní áilleacht tíre go dtí áilleacht Chorca Dhuibhne. Níl sárú ar bhóthar an chósta, Bóthar Cheann Sléibhe, ón nDaingean go Dún Chaoin in aon áit.  Tá an fharraige thíos faoi ar thaobh amháin agus páirceanna beaga iata

Tosach | Lóistín | Bialann | Cúrsaí | Imeachtaí | Gaeilge | Aistriúchán

donn@eircom.net.