Fáilte go Ráth Cairn Cúrsaí Gaeilge do chách Imeachtaí cultúrtha Ár nuachtlitir míosúil Stair na háite Crannchur Ráth Cairn Suíomhanna eile ar an WWW Cuir scéala chugainn

AN GEAITÍN Uimhir 11

eolas teagmhála léarscáil

english version

Samhain/Nollag 2000 -  Nuachtlitir Ghaeltacht na Mí. Foilsithe ag Comharchumann Ráth Cairn

Féile na Mí
Sheol Colm Dubh Ó Méadóid,Cathaoirleach Comharchumann Ráth Cairn, tús le Féile na Mí in Óstan an Darnley Lodge, Áth Buí ar an 8ú Samhain. Mar chuid den fhéile bronnadh fáinní ar na gasúir i Scoil Bhaile Ghib agus i Scoil Éanna, bhí Seiminéar do Stiúrthóirí na Naíonraí le Máirín Ní Churraoin ar siúl i dTearmann Bhríde, Cill Bhríde. Bhí Aifreann na Féile i Séipéal Ohlibhéar Naofa. Bhí leacht faoi Thomás Ó Fiaich le Risteard Ó Glaisne ar siúl i scoil na mBuachaillí, Ceananas. Bhí taispéantas i leabharlann an Chontae san Uaimh a d'oscail Pádraig Mac Giolla Siomóin.
Bronnadh Gradam Uí Ghramhnaigh ar Brú Mac Daithi agus Gradam Chultúir na Gaeltachta ar Pheadar Leahane ag Dinnéar na Féile oíche Dé hAoine in Óstan an Wellington .

Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós- Daoine Óga (faoi 12) 
1.Eimear Ní Mháirtín
2.Clíodhna Ní Chailtigh
3. Muiris Mac Mathúna
Príomh Dhuais Corn Chuimhneacháin Mhaggie Tim.(faoi 18)
1ú.Orla Ní Shuilleabháin
2ú.Máirín Ní Fhlatharta
Caitríona Ní Shuilleabháin.
1ú Duais Corn Chuimhneachán Choil Neaine Pháidin agus £250.
1ú. Nan Tom Tamín Dé Burca
2ú .Stiofan Ó Cualáin.
3ú. Eamon Ó Donnchadha

Plean an Chontae.
Tá Plean anChontae agus na leasaithe a chuaigh ar agaidh ó Ráth Cairn san áireamh a mheas ag an gComhairle Contae faoi láthair. 
Tuigtear dúinn go mbeidh an Comhairle Contae ag votáil ar an bPlean deireadh go luath san bhliain nua.
Bóithrí na Gaeltachta
Tá sé molta go mbeadh ainmneacha ar na bóithrí éagsúla sa nGaeltacht agus go mbeadh fógraí ann dá réir. Tá an saghas rud seo déanta ar fud Chois Fharraige. Ach cén t-ainm ar mhaith leatsa a bheith ar do bhótharsa? Bígí ag caint le chéile agus le Pádraig nó Simon san oifig.

Ceol/Damhsa & Amhráin
Bradan Feasa: Samhain/Nollaig


Aoine 15 Nollaig
Amhráin CoisTine Le Colm Sonny Ó Méalóid agus a Chairde

Satharn 16 Nollaig
Neilidh Mulligan Píobairé agus a Chairde

Satharn 23 Nollaig
Shoot The Mesenger.
Declan Flynn, Jerry Tully & Brian Ó Broin

Dé Máirt 26 Nollaig
Oíche na nDreolíni

Aoine 29 Nollaig 
Gerry Ó Connor & Martin Quinn
Comhaltas Ceoltóirí Éireann

Pobal ar Aire
Beidh cruinniú ag an Pobal ar Aire Dé Máirt 12 Nollaig ag 8.30i.n san Áras Pobail, Ráth Cairn.
Tá súil Coiste a chur le chéile ar an oíche sin, chun an obair a tosú. Beidh roinnt obair i gceist agus tá súil againn go mbeidh sibh i láthair ag an gcruinniú chun bhur dtacaíocht a thabhairt don chúis maith seo.
Bunscoil Ráth Cairn
Beidh Díolacháin Éarraí Dé Domhnaigh 17Nollaig 2000. Áras Pobail, Ráth Cairn. Tosú ag 12.15.

Bigí Ann

Sagart Paróiste Nua
Tá an tAthar Pádraig Ó Conchuir mar Shagart Paróiste Nua, thug sé cuairt orainn an tseachtain seo caite. 

Rugadh é sa Mhuilleann gCearr agus déanadh sagart dó i 1984. Chaith sé roinnt áma i gClára, Ceann Átha Gad agus Sean Chaisleán. 

Cuireann muid fáilte mór roimhe. 

Ionad Sean Daoine
Tá caint san bpobal le roinnt blianta anuas, faoí Áras do Sheandhaoine na Gaeltachta a bheith i Ráth Cairn.

Tá stadéir féidéireachta á dhéanamh faoí láthair le cúnamh Údarás na Gaeltachta, chun a fháil amach céard atá indán don smaoineamh. 

Má tá tuairimí agaibh faoí cuirigí in iúl do baill an Chomharchumann iad le bhur d'toil. 

An tOireachtas 
Bhí Oireachtas 2000 ar siúl 2-5 Samhain i gCaisleán an Bharraigh. Fuair Máirtín Chóil Neaine Mac Donncha an chéad duais £500 agus bonn airgid sa Rince Aonair ar an Sean-Nós.

Bhain Donncha Mac Cóil ó Ráth Cairn amach an chéad duais sa gComórtas Liteartha do Dhaoine Óga faoi 16 ag an Oireachtas do ghearrscéal. 

Bhain Nan Tom Taimín de Búrca ó Chonamara Corn Chuimhneacháin Sheáin Uí Riada, bonn óir agus £750 amach i mbliana, is é seo an dara uair ag Nan an Corn a bhaint amach. Bhí sí ina buaiteoir sa Comórtas seo i 1998.

Éamon Ó Donnachadha agus Feagas Mac Lochlainn a fuair an chéad duais, Trófaí Bhord na Gaeilge/An Foras Teanga, bonn airgid agus £500 sa gComórtas Lúibíní.

Ranganna Gaeilge do Thuismitheoirí páistí atá tar eis 
tosaigh ar scoil nó sa Naíonra, bíonn an rang seo ar siúl gach maidin Dé Máirt san Áras Pobail tosú ag an 11.00i.n

Ranganna Seiteanna agus Céilí do pháistí ar gach Dé Máirt ag 3.30i.n san Áras Pobail. 

Agus ranganna seiteanna agus céilí do dhaoine fásta gach oíche Dé Luain ag 8.30.

Aifreann Lá Nollaig
Beidh Aifreann Lá Nollaig a chraoladh beó ag TG4. Má tá suim agat bheith sa gcóir, beidh cleachtadh ar siúl tar éis an aifreann Dé Domhnaigh agus oíche Dé Luain ag 7.30i.n. 

Leabhar Nua 
Lainsáil John Gilroy ó Áth Buí leabhar faoi Tlachtga, 'Celtic Fire Festival,' san Áras Pobal ar an 31 Deireadh Fómhair 2000. Bhí slua mór i láthair ar an oíche.Thúg sé leacht breá uaidh ar Stair an Chnoic ó thús ama. Tá an leabhar ar díol san Áras Pobail ar £8.00. Ba cheart ceann a bheith i chuile theach ar an mbaile. 
Bord na Leabhar Gaeilge
Bhí slua mór i láthair nuair a d'oscail an tAire Stáit Éamon Ó Cuív T.D. sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán oifig nua Bord na Leabhar Gaeilge i Ráth Cairn, Dé Máirt 14 Samhain 2000. Údar mór ceiliúradh a bhí ann do Ráth Cairn agus do Bhord na Leabhar Gailge. Is iontach go bhfuil bord stáit faoi dheireadh ag bogadh síos faoin tír agus go mór mór ha hOifigí a bhaineann le cúrsaí Gailge ag bogadh isteach san nGaeltacht. Ghlac Conchúr Ó Giollogáin agus Príomh Fheidhmeach Bhord na Leabhar Gaeilge Éamon Ó hÓgáin buíochas le muintir Ráth Cairn as ucht an obair agóide a rinne siad chun go dtarlódh a 
léithéide d'aistriú.