Eochaill tríd na h-Aoiseanna 3

Oliver Cromwell

Sasannach cáiliúl eile, a bhí baint aige le h-Eochaill, ba ea Oliver Cromwell. Ta Cromwell míchlúiteach i stair na hÉireann de bharr brúidiúlacht ag deighleáil leis na hÉireannaigh. Bhí sé lonnaithe sa bhaile don gheimhreadh ag fanacht sa choláiste agus ceannáras aige sa Phríomh Shráid Thuaidh. Bhailigh sé leis i 1650 ag fágaint faoin áirse meánaoiseach go bhfuil trácht air fós mar Stua Cromwell


Tógadh an túr-chloig i 1777 ach i 1795 cuireadh úrlár eile ar bharr mar ceapadh go raibh an túr ró-bheag. Bhí sé in úsaid mar phríosún go dtí lár an 19ú céad. I 1798, an toradh a bhí ar éirí amach Éireannach a theip, ná gur crochadh níos mó ná fiche priosúnach ón dtúr chun míshástacht fórsaí an choróin a léiriú.


Túr-Chloig

Caisleán Tynte
Ceann de na foirgnimh is fearr a bhí sa bhaile ba ea Caisleán Tynte. Tógadh é ar an bPríomh Shráid sa 15ú céad do mhuintir Breathnach agus bhí sé in úsáid mar stórais d'earraí luachmhara chomh maith le h-ionad cónaithe lastuas. B'ait caisleán chomh daingean a thógaint laistigh d'fhallaí an bhaile. Go luath sa 17ú céad bhí Sir Robert Tynte mar úinéir, fear a bhain cáil amach toisc gur phós sé baintreach leis an bhfile Edmund Spenser.
   

Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar |