Eochaill tríd na h-Aoiseanna
Bhí réalta Hollywood tógtha go mór le baile na hEochaille i lár an 20ú aois. Déanadh cuid den scannán 'Moby Dick' ann i 1954 agus bhí daoine mór le rá , ar nós John Huston agus Gregory Peck, le feiscint mór thimpeall an bhaile. Bhí roinnt de mhuintir na háite páirteach sa scannán freisin.

Moby Dick á dhéanamh in Eochaill

Bhí an-tharraingt ar Eochaill mar ionad saoire i gconaí. 'Sna caogaidí agus na seascaidí tháinig na sluaite, ní amháin ó chathair Chorcaí, ach ó gach áird den tír chomh maith. Tháinig roinnt mhaith ar an dtraen chomh fada le staisiun traenach na hEochaille, áit a thúirling siad i measc an rí rá chun tabhairt faoin dtrá agus tonnta, ceapairí agus craic. Ba bhuaicphointe an tsamhraidh do mhorán an turas cois trá.

Cé gur baile stairiúl i Eochaill, tá sí ag forbairt ina baile nua aimseartha le háiseanna den uile sórt. Tá seach bhóthar nua mar chúis ar laghdú tráchta tríd an baile, ag cabhrú an oidhreacht shaibhir, thabhachtach a chaomhnú.

EOCHAILL ABÚ !

Stáisiún traenach na h-Eochaille
<<Ar Ais
Ciarán Ó Mathúna

Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar |