Eochaill
tríd na h-Aoiseanna 2 |
Is foirgneamh álainn í St. Mary's Collegiate
Church. Is ceann de na heaglaisí is seanda in Éirinn í.
Is áit an-naofa í agus tá dlúthbhaint ag an
eaglais le stair na hÉireann ar feadh míle bliain.Tá
sé ag seasamh ar shuíomh atá tugtha d'adhradh ó
luath h-aois na Críostaíochta. Deirtear gur bhunaigh Naomh
Deaglán an eaglais thart ar 450 A.D. |
St.Marys Collegiate Church |
|
Léarscáil Méanaoiseach na hEochaille |
Baile an-bhreá, le fallaí cosanta mórthimpeall uirthi, ba ea Eochaill faoi 1350, ag déanamh gnó le cuanta eile ar fud an domhain. Tá fallaí an bhaile ag seasamh ann ón dtriu aois déag ar a laghad. Chomh luath le 1275 thug rí Edward 1 ordú chun cánacha a árdú chun deisiúcháin agus leathnú a dhéanamh orthu. I 1462, cruthaíodh Eochaill mar ceann de na cuanta 'cinque' ag bronnadh pribhléidí speisialta ar an mbaile. Déanadh teach solais a thógáil go déanach sa 12ú aois, i ndeisceart an bhaile agus b'iad mná ríalta an chlochair,Clochar Naomh Áine, a thug aire don lasair. |
|
Bhí an-chion ag
an mbanríon Eilís ar Sir Walter Raleigh. Cuireadh go hEochaill
é chun rialú ar an mbaile agus an ceantair máguaird.
Bhí sé mar Árd Mhéara na hEochaille i 1588
agus arís i 1589. Bhí tigh mór aige i Myrtle
Grove atá fós slán inniu. Deirtear gurb é
an chéad duine a chuir prátaí in Éirinn san
18ú céad. Insíotar scéal go háitiúl
go raibh Raleigh ag caitheamh tobac sa ghairdín lá. Dár
ndoigh ní raibh aon trácht ar thobac in Éirinnn san
am sin agus chaith giolla leis, uisce anuas air mar gur cheap sé
go raibh a mháistir trí thine. |
|
|
Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar |