Bunaíodh an Coiste Timpeallachta sa scoil i Meán Fómhair 2001.
Tá ionadaí ó gach rang ar an gcoiste seo, chomh maith leis na cinnirí
i mbliain a sé. Bíonn cruinnithe uair sa choicís. Is í Jessica Ní Cheallaigh
an Cathaoirleach ar an gcoiste i mbliana.
Aidhmeanna
Timpeallacht na scoile a fheabhsú
Scéimeanna Athchursála a chur chun cinn sa scoil
Suim a mhúscailt i measc na ndaltaí i gcursaí timpeallachta i gcoitinne
Brat Glas a bhaint amach don scoil ó An Taisce
Dul chun cinn
Athchursáil at dhramhaíl orgánach, buidéal phlaisteacha agus
cadhnraí
Muirín agus piastlann scoile tosaithe
Lá Glantacháin Earraigh eagraithe sa scoil agus i dtimpeallacht na scoile
Gáirdín scoile tosaithe
Feachtas le fáil réidh le guma coganta agus graffiti
Seó Faisiún le feisteas déanta as ábhar athchursála -
Nollaig '01 agus '02
Planda ag gach rang
Cnaipí glasa ar na leithris le huisce a chaomhnú
Comórtas Glan agus Glas don seomra ranga is glaine
<>Mar chuid den tSeachtain Timpeallachta, a bhí againn ón 23ú - 27ú Deireadh Fómhair, bhí tráth na gceisteanna ar siúl, aoi chainteoirí, turas go dtí an Dodra, maisiúchán Samhna as earraí athchursáilte, comórtas grianghrafadóireachta, seó faisin, ceol choirm agus bronnadh na nduaiseanna.
An Seó Faisin
An Brat Glas
I mBealtaine na bliana 2002, d'éirigh le Coláiste Íosagáin an Brat
Glas a bhaint amach. Is muid an t-aon mheanscoil i gceantar Dhún Laoghaire - Rath an
Dúin leis an nGradam seo a fháil. Caithfear an gradam seo a athnuachain tar
éis dhá bhliain. An chéad tionscanamh eile atá ag
Coiste Timpeallachta ná fuinneamh sa scoil a laghdú.