Return to Homepage :


Spórt



Cispheil

Thosaigh Coláiste Íosagáin go míshocair i Leath-Chraobhanna Léig na hÉireann faoi 16 'A'. Ag deireadh an chéad cheathrú bhí Coláiste Calasanctius, Áran Mór chun tosaigh le 19 pointe agus mheabhraigh sé seo cluichí eile sa séisiúr don scoil.
Thug Claire Rockall a foireann isteach sa dara ceathrú le 18 pointe. Ag an bpointe sin, bhí cinnteacht de bhua ann ag foireann na Gaillimhe.
Thaispeáin an captaen, Beth Ní Mhaonaigh, tréithe ceannasaíochta iontacha agus diongabháileachta, áfach, ag fáil 25 pointe san iomlán chun teacht chun tosaigh. Thug ciseán, fíor-thábhachtach ó Mhéabh Nic an Ultaigh sa cheathrú ceathrú comhscór don fhoireann le cúpla soicind fágtha ar an gclog.
D'fhág athphreab ag Sarah Nic Gearailt an fhoireann, ciseán ar aghaidh le trí shoicind fágtha. Thug Coláiste Íosagáin dhá caitheamh saor Choláiste Calasanctius de barr feall chun comhscór a dhéanamh ach theip ar an dá chaitheamh agus anois imreoidh Coláiste Íosagáin i gcoinne Presentation Thurles i gCraobh na hÉireann.
Ba é seo an chéad chailliúnt ag Coláiste Calasanctius san aoisghrúpa seo riamh agus tháinig sé mar iontas iomlán nuair a chríochnaigh Coláiste Íosagáin ríocht trí bliana Calasanctius.
Scóróirí is fearr (Coláiste Íosagáin): Beth Ní Mhaonaigh - 25 pointe, Sarah Nic Gearailt - 11 pointe. Rebecca Nic Gearailt - 8 bpointe



Ar an 9ú Feabhra, d'imir buaiteoirí an Choirn i.e. Coláiste Íosagáin, i gcoinne Presentation, Thurles, an fhoireann a raibh bua againn ina coinne i gCraobh an Choirn, i gCraobh Léig na hÉireann faoi 19 'A'.
Bhí tús iontach leis an gcluiche nuair a fuair Susan Ní Fhógartaigh 9 bpointe don fhoireann go luath sa chéad cheathrú. Bhí Coláiste Íosagáin chun tosaigh le 12 pointe faoi leath-ama le cabhair ó Lauren Ní Dhubhshláine.
Bhí an-chuid athphreabaidh sa dara leath agus chabhraigh 11 pointe ó Rachel Nic Gearailt scór deiridh de 57-38. Chuir 14 pointe ó Christine O'Gorman, Thurles, brú an-mhór ar Choláiste Íosagáin agus chinntigh sí nach raibh bua éasca againn.
Anois, buailfidh Coláiste Íosagáin lena shean naimhide HF Cluain Tarbh i gCraobh na hÉireann. 'Sé seo an chéad uair ó 1991 a imreoidh dhá fhoireann ó Bhaile Átha Cliath i gcoinne a chéile i gCraobh Sinsir 'A' na hÉireann.