Imeachtaí Scoile

Déantar gach iarracht i nGaelscoil Choráin go bhfaigheann na daltaí oideachas cuimsitheach leathan. Dá bharr sin, cuirtear béim faoi leith ar imeachtaí breise sa scoil, laistigh agus lasmuigh d'am scoile. Cé go bhfanann an curaclam scoile lárnach don fhoghlaim, meastar go gcuireann na himeachtaí seo go mór leis an obair sin agus cuireann sé leis an eispéireas foghlama agus féinmhuinín an pháiste.

Spórt | Ceol | Dramaíocht | Fraincís | Rince | Turasanna | Scéalaíocht | Eile

Spórt
Cé nár bunaíodh an scoil ach le blianta beaga anuas, tá traidisiún breá spóirt againn cheana féin.Bíonn cúrsaí iománíochta agus peil gaelach go láidir gach bliain agus tá morán duaiseanna buaite tríd na blianta.Tá roinnt trófaithe buaite ag fóirne sacair agus rugbaí chomh maith. Múintear scileanna bunúsacha a bhaineann le roinnt cluichí eagsúla eile, idir cispheil, eitpheil agus morán eile leo.

PICTIÚIRÍ>>

Ceol
Déantar an fheadóg stáin a mhúineadh i ngach rang. Tugtar deis do dhaltaí ó ranganna 3-6, ceachtanna a dhéanamh ar an ngiotár mas mian leo.Bíonnn na ceachtanna seo ar siúl i ndiaidh am scoile i rith na bliana.
Tugtar deis do pháistí éisteacht le ceol beo chomh mór agus is féidir. Eagraíotar turasanna chun ceolfhoireann a chlos ag an 'Cork Pops' ó am go chéile.Tá coirmeacha ceoil curtha ar siúl ag an 'Band of the Southern Command' i halla na scoile freisin.
Ar dhá ocáid eagsúil, bhí grúpa bailéad i gcraobh na hÉireann de Slógadh ag canadh agus ag seinnt úirlisí ar nós méarchlár, giotár, bosca ceoil, chimes agus an fheadóg mhór.

PICTIÚR>>

Dramaíocht
Eagraíonn múinteoirí na scoile, ceolchoirm na Nollag, gach bliain. Tugann sé seo deis do na daltaí a scileanna drámaíochta a léiriú. Roinnt buaicphointí le blianta anuas ba ea, 'Cochaillín Dearg', 'Píobaire Hamelin' agus 'Labhraidh Loinseach'. Thug Slógadh Gael-Linn seans dúinn roinnt drámaí a chur i láthair ar bhonn náisiúnta.Is mó cuimhní cinn atá againn ar laethanta maithe ach s'iad an da bhua uile Éireann le 'Ailís i dTír na nIontas' (1996) agus 'Jonah' (1999) is mó a sheasann amach.
Tugann roinnt comhlachtaí drámaíochta cuairt ar an scoil go minic agus tá sult mór bainte ag pobal na scoile as drámaí ar nós 'Cú Chulainn' agus 'Arabian Nights' i measc alán cinn eile.Eagraítar turasanna go dtí an Opera House i gCorcaigh chomh maith chun blas na drámaíochta a thabhairt do na páistí.

PICTIÚIRÍ>>

Fraincís
Tá ranganna i dteangacha Eorpacha curtha ar fáil sa scoil ó 1988. I 1997 roghnaigh an Roinn Oideachais ár scoil chun a bheith páirteach i scéim phiolótach chun an triú theanga a mhúineadh do pháistí bunscoile.
Tagann múinteoir Fraincíse chun na scoile uair sa tseachtain chun Fraincís a mhúineadh do dhaltaí rang 5 agus rang 6.

PICTIÚR>>

Rince Gaelach
Faigheann daltaí ó rang 2 go dtí rang 6 ceachtanna rince ó mhúinteoir cháilithe.Déantar céimeanna ríleanna, cornphiopaí agus rince seit. Baineann buachaillí agus cailíní an-thairbhe as an taithí seo. Bhuaigh grúpa rince seit ón scoil, Craobh na hÉireann i Slógadh i 1999

PICTIÚR>>

Turasanna Scoile
Eagraíonn gach múinteoir ranga turas oideachasúil do na daltaí ag deireadh na bliana. Is breá sásta a bhíonn na páistí ag breathnú timpeall ar Sean-Phriosún Chorcaí, pluaiseannna Bhaile Mhistéala nó ar ainmhithe i Fota.

PICTIÚR>>

Scéalaíocht
Tá sean-thraidisiún an tseanchaí beo agus sláintiúl fós sa ghaelscoil. Is iomaí páiste ata taréis páirt a ghlacadh i gcomórtaisí ar son na scoile.
Déanann forbairt na scileanna meabhraíochta, cur i lathair agus féin mhuinín an-mhaitheas do na páistí.

PICTIÚR>>

Imeachtaí Eile

Stampaí Coigiltis: Tugtar seans do na daltaí stampaí coigiltis a cheannach gach seachtain, a chothaíonn iontu nósanna maithe bainistíocht airgid.
Athchúrsáil Cannaí:Bíonn na pásití féin i bhfeighil scéim athchúrsáil cannaí atá ar bun sa scoil.Cothaíonn sé seo meas ar a dtimpeallacht agus tuiscint ar thabhacht athchúrsála
Obair Charthanacht:Cabhraíonn na múinteoirí leis na daltaí díolacháin cístí,díolacháin bráisléidí &rl, a eagrú chun airgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla.
Fóirne tráth na gceist:Tá alán fóirne curtha le chéile tríd na blianta i gcomórtaisí áirithe. Bhí bua iontach ag dream i 1991 i gcraobh an chontae, i dtráth na gceist Credit Union.
Creideamh:Tá an scoil faoi phatrúntacht Chaitliceach agus ullmhaíotar páistí gach bliain do shacraimintí an Chéad Chomaoineach agus Cóineartú.
Taispeántaisí Ealaíona:Spreagtar na páistí go rialta chun ealaíontóireacht, agus bíonn a gcuid oibre le feiscint i gcomórtaisí agus taispeántaisí éagsúla.

 


 

Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar |