Ár Scoil (1)


Bunaíodh Gaelscoil Choráin i 1983. B'é an chéad gaelscoil bunscoile a cuireadh ar bun i gCo.Chorcaí, seachas modhscoil nó dhó a bhí seanbhunaithe os na caogaidí. Ceiliúrann ainm na scoile, naomh áitiúl, Naomh Choráin, a d'fhoghlaim agus a chónaigh i gceantar na hEochaille i 800 A.D. Tá an-chreidiúnt tuillte acu siúd a bhí sáite i mbunú na scoile, agus na tuismitheoirí sin a thóg léim sa dhorchadas, nuair a chláraigh siad a bpáistí sa ghaelscoil.


An tUachtarán ar cuairt i 1992

 



Bhí an scoil lonnaithe i dtosach i bhfoirgneamh i Sráid na hEaglaise, san áit a mbíodh an sean chéard scoil a bhí mar reamhcheapadh Choláiste Eoin. B'oiriúach an suíomh é mar bhí eaglais, St. Mary's Collegiate Church, i ngiorracht cúpla slat uaidh, áit a bhí mar ionad foghlama cáiliúil sa 9ú céad. Bhí an t-adh linn bunús buan a bheith againn agus bhí na seomraí compórdach. Ag breathnú siar, ba shainiúl an laithreán é, sáite sa stair, agus idir óg agus aosta mar chuid de phobal na sráide sin.

Ceann de na cuimhní cinn is fearr atá againn ón dtréimhse sin, ná nuair a thug Uachtarán na hEireann, Máire Nic Róibín, cuairt ar an scoil i 1992. Chuaigh sí i bhfeidhm go mór ar na sluaite a bhí i láthair, ag labhairt ar feadh i bhfad ar thabhacht ár gcultúr.
Chun féachaint ar daoine cáiliúla eile a thug cuairt chun na scoile LUIGH ANSEO


Fé mar a bhí uimhreacha daltaí na scoile ag dul i méid, áfach, bhí sé soiléir go raibh foirgneamh nua agus níos oiriúnaí ag teastáil. Bhí an t-adh linn go bhfuaireamar deis bogadh isteach sa bhrú nua i Sráid na Trá, áit a chuir na Bráithre Críostaí an t-oideachas chun cinn ar feadh na blianta. I 1997, thosnaigh obair na foghlama i láithreán nua, agus le háiseanna cearta, chuaigh saol na scoile i bhfeabhas. Cé nach dtógaimid aon aird ar áiseanna ar nós clós na scoile, leithrisí cearta, halla agus morán eile anois, is mó meas orthu atá acu siúd a dhein tréan iarracht chun iad a chur ar fáil. Ba chúis mhór cheiliúradh é nuair a d'oscail an tAire Oideachais, Mícheál Ó Mairtín, Gaelscoil Choráin i Sráid na Trá i mí an Mheithimh 1998.

Suíomh nua i Sráid na Trá.

 



Tuilleadh mar gheall ar ár scoil

ANSEO>>

 

Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar | Ríomhphost