|
Bunaíodh baile na hEochaill
go luath i ré na Críostaíochta agus tá
sé sáite go dlúth le roinnt mhaith gnéithe
de stair na hÉireann, ag meascadh na céadta bliain
d'oidhreacht le h-ionad saoire nua-aimseartha. Suite ar Chósta
Deisceart na hÉireann , ag béal na h-Abha Móire,
tá se i ngiorracht 30km do chathair Chorcaí. |
|
|
Is baile de mhionlacht í Eochaill
mar go bhfuil fallaí
an bhaile fós slán. Tá an baile suite san
áit a sníonn an Abha Mhór - an abhainn is mó
i ndeisceart na hÉireann - isteach san fharraige. Tá
an baile lonnaithe cois farraige, le 5km d'fhaid de cuid des na
tránna is fearr dá bhfuil sa tír. |
|
|
Tógadh fallaí an bhaile sa
13u céad agus táid ar ceann de na samplaí is
fearr d'fhallaí cosanta atá le feiscint sa tír.
Tógadh an Túr-Chloig,
i 1777, in ionad Geata na Tríonóide a bhí ar
an láthair, áit a suíonn sí scartha
ar an bPríomh Sráid. Ba phriosún é tráth,
agus scar sé an cuid uachtarach d'Eochaill (an bunaicme)
amach ón gcuid eile den bhaile. |
|
|
Tá iarsma an Geata-uisce, idir an
cé agus an baile, fós le feiscint inniu. Glaotar
Stua Cromwell ar seo go háitiúl mar sheol Oliver
Cromwell ón áit seo i mí Bealtaine 1650.Tógadh
Caisleán
Tynte go luath sa 17ú céad agus 'sé an
t-aon caisleán atá le feiscint in Eochaill inniu.
|
|
|
Ta cuimhne fós ar an mbaile mar
an áit a déanadh an scannán “Moby
Dick”. Tháinig John Huston agus Gregory Peck, i
measc daoine eile i mbun oibre ar an scannan, i 1954. Ta clú
ar Eochaill freisin de bharr a cuid lása agus a cuid potadóireachta. |
|
|
Myrtle Grove isea tigh ón 15ú
céad a bhí mar theach chónaithe ag Sir
Walter Raleigh, agus deirtear gur sa tigh seo a scríobh
Edmund Spenser an cuid tosaigh dá dhán The
Faerie Queen. |
|
|
Tá samplaí éagsúla,
iontacha d'ailtireacht ar fud an bhaile – St. John’s
Priory, The Red House, agus Teach na mBocht (Alms Houses), a tógadh
i 1610 agus atá fós in úsáid inniu mar
arasáin. |
|
|
St.
Mary’s Collegiate Church isea ceann de na heaglaisí
is sine atá fós in úsáid in Éirinn
sa lá atá inniu ann,( ón bhliain 1220), agus
is dea shampla é de luath ailtireacht Normannach. Tá
dea shampla de stua dorais Gotach le feiceáil sa 'Benedictine
Priory' a bunaíodh i 1350. |
|
|
Is sráid álainn í
príomhshráid na hEochaille, áit a bhfuil na
siopaí suite ar na bunláithreáin tí
meanaoiseach.
I 1202 thóg na húinéirí Gearaltach teach
solais agus dheonaigh siad na múrtha airgid ar chlochar,
Clochar Naomh Áine, faoi choinníol go dtabharfadh
na mná rialta aire don lasair. |
|
|
Ta mórán áiseanna
spóirt ag baile na hEochaille. Tá cúrsa gailf
ocht bpoll déag, agus mór fháilte roimh cuairteoirí.
Tá cúrsa Pitch and Putt. Tá club leadóige
le ceithre chúirt, agus rásaíocht na gcon gach
Máirt agus Aoine |
|
|
Tá clú agus cáil ar Ballyvergan Marsh mar cheann
de suíomhanna is fearr san Eoraip chun faire ar éin
áirithe.Tá rogha ag an t-iascaire dul ar an bhfarraige
nó fanacht ar an mbruach. Bíonn roinnt mhaith spóirt
uisce ar nós seoltóireacht, wind surfing agus snámh
dár ndóigh. |
|
Luigh ar na pictiúirí chun iad a mhéadú.