Ceol
[Music]

Grúpa Traidisúnta
[Traditional Music Group]

Múineann In.Uí Nuinsean ceol traidisúnta i Scoil Lorcáin gach Luan ag am lóin. Daltaí ó Rang a Ceathair go Rang a Sé a sheinneann sa ghrúpa. Bíonn réimse maith uirlisí ann, idir veidhlíní, feadóga mhóra, feadóga stáin, consairtíní agus bodhráin. Seinneann na ceoltóirí ag ceolchoirmeacha na Nollag agus an tSamhraidh.

[In. Uí Nuinsean teaches traditional Irish music in Scoil Lorcáin. Practice takes place at lunchtime on Monday. Every year, at Christmas and Summer time, the group members, from fourth to sixth class, perform in the school concert.]

Go dtí an barr

Ranganna Amhranaíochta
[Singing Classes]

Glacann na ranganna Dó go dtí Sé páirt sna ranganna amhránaíochta le hIn.Uí Choilm. Bíonn siad ar siúl tar éis na scoile ar an Máirt, ó 2.15 go dtí a trí a chlog. Amhránaíocht ar an sean-nós a bhíonn ar siúl. Glacann cuid acu páirt san Oireachtas i mí na Bealtaine. Canann an grúpa ag ceolchoirmeacha na Nollag agus an tSamhraidh.

[In. Uí Choilm teaching singing every Tuesday from 2.15 to three o' clock. Pupils from second to sixth class attend the class and perform in the school concerts.]

Go dtí an barr

Grúpa Clasaiceach
[Classical Music Group]

Múineann In.Uí Nuinsean ceol clasaiceach do dhaltaí Rang a Dó go dtí a Sé i Scoil Lorcáin gach Luan ó 12.10 go dtí a haon a chlog. Veidhlíní ar fad atá sa cheolfhoireann. Seinneann na ceoltóirí ag ceolchoirmeacha na Nollag agus an tSamhraidh.

[In. Uí Nuinsean teaches classical music in Scoil Lorcáin. Practice takes place on Monday after lunch. Every year, at Christmas and Summer time, the group members, from second to sixth class, perform in the school concert.]

Go dtí an barr

Ranganna Bodhráin
[Bodhrán Classes]

Múineann Bn. Uí Lúing an bodhrán gach Luan ó 2.15 go dtí a trí a chlog. Téann páistí Rang a Dó, a Trí agus a Ceathair ann. Seinneann an grúpa ag ceolchoirmeacha na Nollag agus an tSamhraidh.

[Bn. Uí Luing teaches the bodhrán on Mondays from 2.15 to three o' clock. Second, third and fourth class childen attend the classes.]

Go dtí an barr

Cór na Scoile
[The School Choir]

Stiúrann In.Uí Choilm Cór na Scoile ag am lóin ar an gCéadaoin. Bíonn páistí ó Rang a Ceathair suas go Rang a Sé páirteach ann. Canann an Cór ag ceolchoirmeacha na scoile chomh maith leis an gCéad Comaoineach agus an Cóineartú.

[In.Uí Choilm teaches the school choir at lunchtime on Wednesdays. The choir perform at the school concerts, as well as the First Communion and Confirmation ceremonies .]

Go dtí an barr

[Leathanach Baile] [Eolas Fúinn][An Scoil Ghlas] [Imeachtaí na Scoile] [Nuachtlitir] [Léarscáil]
[Tráth na gCeist][Nascanna]

 

Cuir teachtaireacht chugainn.

© Scoil Lorcáin 2003.