Eolas Fúinn
[Information about Scoil Lorcáin]

Scoil Lorcáin
Cearnóg Eaton,
Baile na Manach,
Co. Átha Cliath.

Uimhir Gutháin: 01 2808906
Uimhir Facs: 01 2801948

 

Bunscoil Lán-Ghaelach is ea Scoil Lorcáin. Bunaíodh an scoil i 1952 chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus chun suim sa chultúr Gaelach a chothú i measc na ndaltaí.

Is scoil chomhoideachais í Scoil Lorcáin. Tá breis is ceithre chéad dalta sa scoil agus tá 14 múinteoir ranga, múinteoir tacaíochta agus príomhoide mar fhoireann inti. Beidh múinteoir eile ranga againn don scoilbhliain seo chughainn 2003/4.

Tá an scoil suite ar Chearnóg Eaton, leathbhealach idir An Charraig Dhubh agus Baile na Manach i nDeisceart Chontae Átha Cliath. Nílimid, mar sin, i bhfad ón bhfarraige agus ó líne an DART. Is as an gCarraig Dhubh agus Baile na Manach do 25% do na daltaí. Tagann formhór mór na ndaltaí eile ó mhórcheantar Dhún Laoghaire agus ó cheantracha eile ó dheas den scoil, roinnt acu ó Chill Mhantáin fiú. Is léir go bhfuil meas ar an scoil má tá tuismitheoirí sásta aistear fada a chur orthu féin chun freastal uirthi.

Is í Déirdre Stiobhairt Cathaoirleach na scoile. D'fhreastal a páistí féin ar an scoil. Is é Colmán Ó Drisceoil an Príomhoide agus is í Paula Uí Mhurchú an Príomhoide Ionaid. Sular tháinig an Máistir Ó Drisceoil chun na Scoile i 1999 bhí Róisín Bean Carwood ina Príomhoide. Tá an-suim ag an Máistir Ó Drisceoil i gcluichí, san iománaíocht ach go háirithe. Nuair a bhí sé níos óige d'fhreastal sé ar Scoil Lorcáin mar dhalta.

Tagann na múinteoirí i Scoil Lorcáin ó gach cearn den tír, ón nGaeltacht, ó Bhaile Átha Cliath féin agus ó áiteanna eile. Tá taithí againn ar na canúintí éagsúla mar sin, rud atá suimiúil agus úsáideach. Is iarscoláirí de Scoil Lorcáin ceathrar eile de na múinteoirí atá sa scoil faoi láthair.

Is iad na tuismitheoirí a bhunaigh Scoil Lorcáin an chéad lá riamh. Tá Coiste na dTuismitheoirí an-ghníomhach i gcónaí. Reachtálann siad Aonach na Nollag, ranganna Gaeilge, ócáidí sóisialta, snámh, Lá Spórtanna agus imeachtaí eile a chuireann le saol na scoile. Is é Cormac Ó Dúlacháin - iarscoláire eile - Cathaoirleach an Choiste faoi láthair.

Cuirtear a lán imeachtaí breise ar fáil do na daltaí i Scoil Lorcáin. Ó thaobh ceoil déanann In. Uí Choilm an-chuid amhránaíochta. Eagraíonn In. Nuinseann Grúpa Traidisiúnta agus Grúpa Clasaiceach chomh maith. Foghlamaíonn na páistí Gleacaíocht agus Tae-kwon-do i rith am scoile. Tar éis am scoile deintear Rince Seite, Cispheil, Fraincis agus Ealaíon. Tá foirne iomána/camógaíochta agus peile againn sa scoil. Imríonn buachaillí agus cailíní ar na foirne seo. Bhuaigh na buachaillí an cluiche craoibhe peile le dhá bhliain anuas. Bhain na cailíní an chraobh amach i mbliana don chéad uair riamh.

Chuireamar tús le cúpla imeacht a bhfuilimid an-bhródúil astu sa scoil le cúpla bliain anuas. Bíonn Seachtain Eolaíochta againn i mí na Samhna agus Féile Ealaíne i mí Bealtaine. Cabhraíonn na múinteoirí agus an-chuid tuismitheoirí le himeachtaí a reachtáil do na himeachtaí seo. Tá Coiste na Timpeallachta bunaithe sa scoil chomh maith agus muid ag iarraidh Brat Glas a bhaint amach don scoil. Bímid ag obair i nGairdín na Scoil, ag scagadh bruscair agus ag athchúrsáil a lán rudaí. Tá Scoil Lorcáin 50 bliain d'aois i mbliana 2002/3. Táimid ag ceiliúradh na hócáide stairiúla seo. Tháinig a lán múinteoiri, iarthuismitheoirí agus iardhaltaí go dtí Aifreann speisialta a bhí againn d'Fhéile Naomh Lorcán Ó Tuathail ar an 13ú Samhain 2002. Beidh ceolchoirm mhór i Halla na Saoirse mí Feabhra 2003 le Danú, Máire Ní Bhraonáin agus Cormac Breathnach. I mí Aibreáin tiocfaidh pobal na scoile le chéile sa Chultúrlann in aice leis an scoil d'Oíche Mhór an Chomóradh 50 Bliain. Déanfaimid ceiliúradh nuair a bheimid 100 bliain d'aois agus 1000 chomh maith.

Má tá níos mó eolais uait faoin scoil tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le hOifig na Scoile ach is é an bealach is fearr le heolas a fháil na labhairt leis na daltaí agus leis na tuismitheoirí atá sa scoil faoi láthair nó an Nuachtlitir mhíosúil atá le fáil in áit eile ar an suíomh seo a léamh.

Go dtí an barr

 

[Scoil Lorcáín is an all-Irish co-educational school. Founded in 1952, Scoil Lorcáin presently has over 400 pupils, 14 classroom teachers, a learning support teacher and a principal. There will be an extra class teacher in 2002/03.

Situated at Eaton Square, between Blackrock and Monkstown, Scoil Lorcáin is beside the coast and the DART line. One quarter of the pupils attending the school reside in the Monkstown and Blackrock areas. The other 75% hail from Dún Laoghaire and as far south as Wicklow.

Deirdre Stiobhairt, whose own children attended the school, is the chairperson of the board of management. Colmán Ó Drisceoil is the principal and Paula Uí Mhurchú the vice principal. Before that, Róisín Bean Carwood was in charge. Mr. Ó Drisceoil is very interested in sport, especially hurling. As a boy, he too went to school at Scoil Lorcáin.

The teachers come from the Gaeltacht, Dublin as well as other parts of the country. Therefore, the school supports a variety of Irish dialects. Four of the present staff are past pupils of the school.

Parents were the founders of Scoil Lorcáin, and to this day they still play a large role. The Parents Council are involved in the organisation of the Christmas Fair, Irish classes, social occasions, swimming classes, Sports Days as well as other occasions which help to make Scoil Lorcáin as it is. Cormac Ó Dúlacháin - another past pupil - is the present chairperson of he Council.

Scoil Lorcáin hosts many extra curricular activities, from music to set dancing to French. Both boys and girls teams compete in hurling/camogie and football cometitions. The boys' football team has won the football final two years in a row and the girls reached the final for the first time this year. Each November the school partakes in the National Science Week and hosts an Art Festival in May. The school is also very eco-friendly, hoping to attain the Green Flag this year.

Scoil Lorcáin is 50 years old this year with many activities organised to celebrate the occasion. To find out about these special events, or any other information about the school, contact the school office or peruse the monthly newsletter which can be accessed on this site.

Go dtí an barr

[Leathanach Baile] [Eolas Fúinn][An Scoil Ghlas] [Imeachtaí na Scoile] [Nuachtlitir] [Léarscáil]
[Tráth na gCeist][Nascanna]

Cuir teachtaireacht chugainn.

© Scoil Lorcáin 2003.