Rince
[Dancing]

Gach Luan, múineann Bn. Mhic Aoidh Bhuí rince Gaelach do dhaltaí na scoile, ó Rang a Dó suas go Rang a Sé. Bíonn na ranganna ar siúl sa halla, ó naoi a chlog go dtí leathuair tar éis a haondéag. Déanann sí alán rincí difriúla, mar shampla "Fallaí Luimnigh", "Ionsaí na hInse", "Port na Síóg", "Port an Fhómhair", "Cor Beirte" agus "Ag Baint an Fhéir". Gach bliain ansin, le linn Seachtain na Gaeilge, bíonn céilí mór sa halla. Bíonn an-spórt, craic agus ceol ar an lá sin.

[Every Monday, Bn. Mhic Aoidh Bhuí teaches a variety of Irish dances to pupils from second to sixth classes. During Seachtain na Gaeilge, the children perform these different dances at a school céilí.]



Go dtí an barr

Rince Seite
[Set Dancing]

Múineann In. de Lóndra rince seite ar an Déardaoin ó 2.15 go dtí a trí a chlog i halla na scoile. Freastalaíonn daltaí ó Rang a Trí, Ceathair agus a Cúig ar na ranganna seo. Déanann na daltaí alán seiteanna difriúla, mar "An Polca", "Seit Chaiseal" agus "Seit Chiarraí Thiar". Déanann na daltaí taispeántas ag Ceolchoirm na Nollag agus ag deireadh na bliana i halla na scoile.

[In. de Lóndra teaches set dancing to third, fourth and fifth class pupils on Thursdays, from 2.15 to three o' clock in the school hall.]


Go dtí an barr

[Leathanach Baile] [Eolas Fúinn][An Scoil Ghlas] [Imeachtaí na Scoile] [Nuachtlitir] [Léarscáil]
[Tráth na gCeist][Nascanna]

Cuir teachtaireacht chugainn.

© Scoil Lorcáin 2003.