Léiriú de
chuid
Choláiste Eoin agus Choláiste Íosagáin
Le cabhair ó Fhoras na
Gaeilge
Táin
Bó Cuailnge
Ceoldráma cumtha agus stiúrtha ag
Colm Ó Foghlú
3-6 Bealtaine 2006
Fuaim: Seán McKeon
Soilsiú: Megan Doherty
Scannánaíocht: Evan Doherty
Colm Ó Foghlú
Nuair a bhí Colm Ó
Foghlú ina bhuachaill óg, bhí sé ina bhall de scoil chlúiteach damhsa Uí Shé.
Ina dhiaidh sin, rinne sé staidéar san Acadamh Ríoga agus sa Choláiste Ceoil,
Baile Átha Cliath ar amhránaíocht agus ar uirlisí ceoil éagsúla. Ina dhiadh sin
arís, bhain sé amach céim sa cheol in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, i
gcumadóireacht cheoil agus phianó faoi stiúir an Dr. Mícheál Ó Súilleabháin.
Moladh go hard a
albam aonair, Echoing, a seoladh i 1997. Tá seóanna éagsúla scríofa aige, ina
measc, Gaelforce Dance, seó amharclainne a d’oscail sa Nua Shéalainn i 1997,
agus a rinne turas ar fud na hAstráile, na hÁise agus Mheiriceá Thuaidh os
comhair lucht féachana de 4 mhilliún duine in ionaid iomráiteacha, The Royal
Albert Hall ina measc. Bhain seóanna eile ar nós Irish Thunder do Busch Gardens,
clú amach freisin agus tá iomrá ar a cheolrian do The Life of Sex and Sinners
TG4/Tyrone. Bhí Colm ina láithreoir ar Tóin le Gaoith TG4 agus bíonn a ghuth le
cloisteáil go rialta ar chartúin TG4.
Le déanaí, bhí Colm Ó
Foghlú ina stiúrthóir ar Riverdance in amharclann an Gaiety agus tá súil aige
céim máistreachta sa drámaíiocht nua-aimseartha a bhaint amach go luath sa
Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
An Scéal
Gníomh I
Tá muintir Chonnacht agus a gcáirde as Cúige Uladh ag cóisir i
gCruachain, príomhdhún an chúige. Cuireann teach na banríona Méabh deireadh leis
an spraoi. Ní túisce ann í ná tosaíonn sí ag sáraíócht lena fear céile faoin
saibhreas atá ag gach duine acu. Ní róshásta atá Méabh nuair a fhaigheann sí
amach go bhfuil tarbh iontach ag Ailill nach bhfuil a macasamhail aici féin. Tá
a fhios aici go bhfuil a leithéid i gCúige Uladh agus socraíonn sí ar an tarbh
sin, an Donn Cuailnge, a fháil. Cuireann sí teachtairí chuig Conchúr ach ní
éiríonn leo an beart a dhéanamh agus níl fágtha de rogha anois ag Méabh ach dul
chun cogaíochta. Ag dún Chonchúir casann Cú Chulainn agus Eimear ar a chéile
agus titeann siad i ngrá. De bharr an chogaidh atá ag bagairt caithfidh Cú
Chulainn dul go hAlbain le barr feabhais a chur ar a chuid scileanna laochta.
Geallann sé go bpósfaidh sé Eimear ar fhilleadh dó.
Gníomh II
Le bainis na beirte a thosaíonn an dara gníomh. Le linn na
bainise, cuireann Méabh fios ar dhlúthchara Chú Chulainn, Feardia, agus
caithfidh sé filleadh ar Chonnachta. Éilíonn sí de go dtroidfidh sé ar a taobh
sa chogadh atá ag teacht. Tugann seo ar Fheardia agaidh a thabhairt ar a chara
Cú Chulainn sa chath, comhrac a bhfuil deireadh tragóideach leis.
Táin Bó Cuailnge
Tá áit ar leith ag Táin Bó Cuailnge i measc seoda liteartha na
Gaeilge atá tagtha anuas chugainn ónár sinsir. Le breis is 1200 bliain tá an
scéal seo á insint agus á athinsint agus tá greim láidir aige ar shamhlaíocht
mhuintir na hÉireann.
Tá réimse leathan daoine tagtha faoi anáil an mhórscéil seo agus
é ina spreagadh acu. Ina measc tá Pádraig Mac Piarais, W.B. Yeats agus an
racghrúpa Horslips. Scéal iontach atá ann faoi ghrá agus éad, faoi uaisleacht
agus crógacht, faoi shaint agus gráin. Is cuid lárnach dár n-oidhreacht é agus
aithnítear freisin é mar chuid tábhachtach de litríocht na hEorpa.
Is iad saint agus gliceas Mhéabha a chuireann tús leis an
gcogadh mór idir Uladh agus Connacht, cogadh a chuireann deartháir ag troid le
deartháir agus a léiríonn uaisleacht agus crógacht Chú Chulain, príomhghaiscíoch
Chúige Uladh agus mórlaoch na hÉireann.
Sa leagan drámatúil seo den scéal ní dhéantar díreach an
seanscéal a insint arís. Ina ionad sin cuireann Colm Ó Foghlú an scéal inár
láthair in aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda ag baint úsáid as scannán le cúlra
a chruthú agus é ag tagairt don úsáid a baineadh as scannán le bolscaireacht a
dhéanamh agus daoine óga á earcú don arm le linn an Chogaidh Mhóir. Déantar
saighdiúirí as buachaillí sé bliana déag d’aois agus ardaíonn siad ceisteanna
faoin mbrí atá le cogadh, ceisteanna atá chomh tráthúil anois agus a bhí said
nuair a cumadh an scéal seo den chéad uair breis is 1200 bliain ó shin.
Foireann
Aisteoirí
Cú
Chulainn |
Ultan
Ó Conchubhair |
Eimear |
Sinéad
Ní Dhubhghlais Mhórdha |
Méabh |
Anna
Ní Uiginn |
Ailill |
Oisín
Mac Cinnéide |
Feardia |
Pádraig
Ó Conbhuí |
Conchúr |
Roibéard
Ó Conchubhair |
Clíodhna |
Clíodhna
Ní Mheachair |
Aoife |
Bríd
Ní Chiarba |
Cara
le hEimear |
Susan
Ní Chuana |
Draoithe |
Ursula
Ní Choill |
|
Aoife
Ní Dheá |
Sagart |
Aonghus
Ó Lochlainn |
Geocach
Cúirte |
Briain
Ó Seasnáin |
Anu
Aisling
an Ghrá
Teachtairí |
Síofra
Nic an Aoire
Neasa
Ní Bhriain
Muiris
Landman
Síomóin
Mac Toimlín
Niall
Ó Maolagáin
Conall
Ó Dufaigh
Pádraig
Mac Giolla Phádraig |
Cúirt Mhéabha
Arlene Ní Laithimh
Katie Ní Loinn
Maria Ní Dhaighre
Aoileann Ní Chuilleanáin
Róisín Ní Óráin
Carla Nic Pheadair
Rachel Nic Einrí
Alison Ní Niadh
Talia Ní Laoghaire
Karen Ní Éalaithe
Philippa de Faoite
Maedhbh Nic Dhomhnaill
Méabh Nic an Ultaigh
Ruth Ní Chiaráin
Sorcha Nic Sheoin
Caoimhe Ní Dhónaill
Muireann Ní Leidhin
Cathy Ní Chíogáin
Ciara Ní Chuirc
Tippa Nic Uaid |
Sinéad
Nic Gualraic
Rebekah
Ní Choileáin
Caoimhe
Ní Dhuibhir
Tomás
Ó Dea
Daithí
Breathnach
Colum
Ó Séanáin
Peadar
Ó Lachtnáin
Conchúir
Clintúin
Donncha
Ó Muirthile
Dáithí
Breathnach
Pól
Ó Cuinneagáin
Gearóid
Ó Murchú
Tebh
Ó hUiginn
Eoin
Ó Suilleabháin
Shane
Mac Nicoláis
Barra
Ó Leidhin
Dónal
Ó Maonaile
Marc
Ó Cochláin
Eoin
Mac Suibhne
|
Cúirt Chonchúir
Eimear
Ní Loinsigh
Lauren
Ní Dhufaigh
Lorna
Ni Chaomhánaigh
Ruth
Ní Chuileanáin
Clár
de Buitléir
Jessica
da Lása
Dearbhla
Ní Bháille
Áine
Ní Bhriain
Shannon
Ní Mhaolmhanaigh
Olwyn
Ní Dhúgáin
Finola
Nic Gabhann
Emer
Ní Cheallaigh
Fiona
Nic Aodh Bhuí
Kate
Ní Chléirigh
Heather
Ní Mhurchú
Jessica
Ní Mháille Gloinn
Julianne
Ní Ghibealláin
|
Beth
Ní Mhaonaigh
Hannah
Ní Bhroin
Fiona
Ní Mhuirí
Sadhbh
Ní Fhinneadha
Jeni
Ní Chasaide
Zara
Fullerton
Natasha
Nic Eochaidh
Aoife
Ní Chiardha
Saoirse
Ní Fhloinn
Rónán
Breathnach
Cillian
Motherway
Darragh
de Róiste
Ciarán
Ó Cróinín
Louis
Ó Fatharta
Seosamh
Ó Cinnéide
Roibéard
Ó Maoláin
Seán
Mac Aodhgáin |
Ceoltóirí
Neasa
Ní Bhriain
Jeni
Ní Chasaide
Eleanor
Ní Mhaolmhuaidh
Bróna
Ní Mhaoldomhnaigh
Áine
Ní Choisdealbha
Alice
Ní Choisdealbha
Muireann
Ní Cheannabháin
Caroline
Ní Shé
Róisín
Mossop
Anna
Ní Bhéara
Alison
Ní Shé
Muiris
Landman
Daithí
Mac Aogáin
Eoin
Ó Ceannabháin
Maitiú
Ó Casaide
Natalie
Ní Chasaide
Stiúrthóirí Cúnta
Síofra Nic an
Aoire
Bríd Ní
Chiarba
Bainisteoir Stáitse
Gearóidín Ní
Dhuibhir
|
Cúntóirí
Aoife
Ní Chathaláin
Kim
Ní Chíosóig
Caitríona
Ní Ghormghaile
Sorcha
Nic Aogáin
Eleanor
Ní Dhúgáin
Emma
Ní Riain
Caoimhe
Hammond
Saoirse
Ní Dhúill
Róisín
de Cogan
Christina
Ní Dhálaigh
Sinéad
de Búrca de Fréin
Niamh
Ní Laighin
Caroline
Ní Annagáin
Áine
Ní Bhaoill Fhionnagáin
Jessica-Clár
Ní Longáin
Caoimhín
Mac Seoin
Niall
Ó Coillearáin
Gabhán
Ó Broin
Fiachra
Mac Giolla Phádraig
|
|