|
Mar is eol daoibh is scoil lánGhaelach í Coláiste Íosagáin. Siad seo na príomh-ghnéithe d'oideachas lánGhaelach.
Gaeilge an meán caidrimh sa scoil ag múinteoirí agus ag daltaí.
Gaeilge an meán caidrimh ag imeachtaí scoile ag múinteoirí agus ag daltaí.
Gaeilge an t-aon mheán teagaisc ach amháin i gcás teangacha a n-úsáidtear an módh díreach lena dteagasc.
Cothaítear atmasféar a spreagann meas ar ghnéithe éagsúla fiúntacha ár gcultúir dhúchasaigh, idir ceol, damhsa, ealaín, cluichí, creideamh, seandálaíocht, críochnúlacht srl., chomh maith le muinín asainn féin.
|