Return to Homepage  :


An Idirbhliain


An Idirbhliain 2005 - 2006
An Ceoldráma
Tá deireadh na bliana ag druidim linn agus tá Idirbhliain Choláiste Íosagáin, in éineacht le Coláiste Eoin ag obair go crua chun snas a chur ar an léiriú nua-aimsireach don sean-scéal "Táin Bó Culigne". Beidh an ceoldrama bríomhar beomhar seo ag dul ar an stáitse ar oícheannta an 3ú,4ú,5ú agus 6ú Bealtaine. Tá gach éinne ag baint taitneamh as, agus le Colm Ó Foghlú mar an stiúrthóir (agus scríobhnóir agus cumadóir!) is cosúil go mbeidh seó thar barr ar siúl againn.

Bruigh le haghaidh cóip den chlár!

Anna, Oisín, Bríd agus Pádraig mar An Bhanríon Mhéabh, Rí Aillil, Aoife agus Ferdia

Ultan agus Sinéad mar Cú Chulainn agus Eimear

Rob, Joe,Aogo,Rob,Clíona,Ronan, Ciarán agus Cillian mar Cúirt Conchúir, An Rí Chonchúir agus An Bhanríon Chlíodhna


An chuid eile den bhliain!

Bíonn a lan imeachtaí éagsúla ar siúl ag daltaí san idirbhliain. Tugann sé deis iontach don dalta sos a thogáil ó scrúduithe agus dul i dtaithí ar obair agus na hábhair a mbeadh suim acu iontu a dhéanamh le haghaidh na hArd Teistiméarachta.
I mbliana chuaigh 4D, 4M agus 4E ar turas scoile go dtí Normandie agus Párás. Bhí sé go hiontach ar fad. chonaiceamar na príomh radharcanna ar fad cosúil leis an túr Eiffel, Montmartre agus an Moulin Rouge, An Louvre, na tránna D-Day, Bayeux agus chomh maith leis sin chaitheamar lá i Disneyland!!!!!!!!!
Cuid do na rudaí eile a tharla i rith na bliana ar bhain gach éinne taitneamh astu ná:SongSchool le Larry agus Chris, Armed Eye-scánnánaíocht, cúrsaí Hip Hop agus scríobhneoireacht srl.

An Idirbhliain 2006 - 2007
Song School

D’fhreastal Bliain a 4 ar chúrsa ‘Song School’ i rith mí Dheireadh Fómhair. Tháinig beirt cheoltóirí isteach chun é a dhéanamh linn.
‘Séard atá i gceist le ‘Song School’ ná deis a fháil do cheol agus d’amhrán féin a chumadh agus a thaifeadadh go profisiúnta agus an deis a fháil súil a chaitheamh ar fhiontar agus ar ghnó an cheoil freisin.

Thóg sé dhá lá orainn an cúrsa ‘Song School’ a dhéanamh. Ar an gcéad lá chum muid ceolrap ceithre line. Ansin chuir said muid i ngrúpaí d’ochtar agus thosaíomar ag scríobh ár n-amhrán.
Bhí neart “difríochtaí ealaíonta” ag gach grúpa, ach de réir a chéile, cruthaíodh amhráin.
Ar an dara lá, thosaíomar ag taifeadadh amhrán ‘chuile ghrúpa. Thaispeáin Chris (an saineolaí ceoil) conas taifeadadh a dhéanamh go profisúnta agus conas a oibríonn sé.
Thóg an taifeadadh lá iomlán ach ag deireadh an lae, bhí amhráin iontacha cruthaithe ar dhlúthdhiosca again.
Chríochnaíomar an seisúin le trá na gceisteanna.

Thaitin sé go mór linn, ba sheans iontach é taithí agus léargas a fháil ar chúrsaí ceoil profisúnta. Ní dhéanfaidh muid dearmad go deo air!!!