Focal na gCaptaen
Dia Dhaoibh ar fad agus fáilte go suíomh idirlín Choláiste Íosagáin. Is muidne an bheirt hcaptaen scoile agus cosúil libhse, táimid ag súil le scoilbhliain iontach i mbliana. Mar is eol daoibh tá neart le déanamh againn, ina measc, Comhairle na nDaltaí. Agus tá sé mar phríomhaidhm againn forbairt a dhéanamh air.
Ba mhaith linn go mbeadh coiste níos tairbhe is níos éifeachta againn i mbliana. Níl aon dabht ach go mbeidh ana-chuid le déanamh, idir obair carthannachta, eagrú feachtais agus éisteacht a thabhairt do dhaltaí na scoile agus lena gcuid smaointe is tuairimí.
Táimid chun sár-iarracht a dhéanamh i mbliana An Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil. Impímid ar dhaltaí na scoile a bheith bródúl as an gcultúr Gaelach. Iarraimid ar na scoláirí an Ghaeilge a labhairt ar na busanna, ar thaobh na bpáireceanna imeartha, le linn imeachtaí scoile agus i gcomhludar a chéile ag na deireadh seachtaine fiú . A chomhscoláirí, tqpaigí gach deis agus spreagaigí a chéile an Ghaeilge a labhairt.
Le blianta anuas tá an scoil tar is dul ó neart go neart leis na foirgimh nua, an brat glas agus rl. Is ioma deis a thagann leis na feabhsaithe seo. Iarraimid oraibhse, a scoláirí , spiorad scoile a chaomhnú , in ainneoin na n-athruithe tairbheacha seo. Mar sin ná déanaigí dearmad a bheith cáirdiúil lena cé ile, meas a léiriú ar a chéile agus sa mhodh sin, cruthóimid atmaisféar agus spiorad den scoth i dtimpeallacht na scoile.
Anois guímid gach rath ar fhoireann agus daltaí na scoile agus muid ag leanúint leis an scoilbhliain seo i gColáiste Íosagáin. Beimid ag labhairt libh go luath arís!
Bhur gCaptaein,
Louise N Chuinneáin agus
Bróna Ní Mhaoldomhnaigh.
An Ceolfhoireann
Tá ceolfhoireann bheag ag an scoil le meascán d'uirlisí, cailíní ó Bl.1 go Bl.6.
Tagann an ceofhoireann le chéile gach Déardaoin ag am lóin chun cleachtadh a dhéanamh le haghaidh ceolchoirmeacha agus teaspáintis.
Is í Caitríona Ní Dhuibhir atá á stiúradh.
Cór
Beidh ranganna cóir tar éis am scoile gach Luan ag tosnú ar an 20.11.2006, ó 15.40-16.30.
Tá fáilte roimh gach dalta.
Aidhm na ranganna seo ná na daltaí a ullmhú do chomórtais éagsúla.
Comhairle na nDaltaí
Tá Comhairle na nDaltaí ag an scoil le cúpla blian anuas. An bheirt chaptaen Scoile - Louise Ní Chuinneáin agus Brona Ní Mhaoldomhnaigh - atá mar chathaoirligh ar an gComhairle. Suíonn Bean Uí Bhriain leis an gComhairle mar ionadaí na múinteoirí. Buaileann an comhairle le chéile ar a laghad uair sa choicís. 'Siad aidhmeanna an chomhairle ná: imeachtaí a eagrú sa scoilbhliain, obair charthanachta a dhéanamh, an Ghaeilge a chur chun cinn sa scoil , saol bríomhar, cairdiúil, atá lán le spiorad a chothú sa scoil agus thar aon rud eile guth a thabhairt do dhaltaí.br
Tá Comhairle na nDaltaí ag eagrú an Leabhar Bliana an bhliain seo arís. Níl sé foilsithe go fóill ach tá na griangrafanna tógtha agus anois táimid ag lorg altanna ó dhaltái faoi eachtraí na bliana.
Baill an Chomhairle:
Díospóireachtaí
Comhghairdeas le bliain 5, d'éirigh leo dul ar aghaidh chuig an gcéad bhabhta eile i ndíospóireacht Ghael Linn
An dara babhta a bhí i gceist aréir.
An rún a bhí ann ná 'Tá éacht déanta ag T.G.4 le 10 mbliana anuas'.