Return to Homepage :

Cartlann Nuachta

Ar ais go dtí an Nuacht

Spóirt

Mol an óige agus tiocfaidh sí.

le Joanne Nic Mhathúna bliain 6


Níl dabht ar bith ann ach go bhfuil ag éirí thar barr le cursaí spóirt arís i mbliana sa scoil.
D’fhéadfaimis a rá go bhfuil cursaí spóirt an-rathúil i mbliana de bharr an halla spóirt nua agus an treallamh nua aimseartha atá faighte againn.
Dár ndóigh, is cabhair iontach í ach tá ard mholadh le tabhairt do na cailíní lena dtraenáil díograsach agus a bpaisean, agus an spiorad atá acu ó thaobh spoirt de.
Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí spóirt sa scoil agus léirítear tacaíocht agus meas an mhuintir spóirt tríd an scoil. Táim an-bhródúil as na héactaí ar fad, leannaigí leis an dea obair a chailíní. Iosagáin abú !



Camógaíocht.

Le Niamh Níc Cinnéide.


Tar éis an chéad leath den bhliain chamógaíochta, breathnaíonn cúrsaí an-dearfach ar fad, i dtreo an chraobhchluiche le corn sa chófra trófaí cheanna féin, is mar a deir an seanfhocal, tús maith leath na hoibre!
Tá scuad d’imeoirí oillte i mbliain a haon atá tar éis teacht chugainn go Coláiste Íosagáin i mbiana. Is é an traenáil díograsach triomnaithe an uirlís a úsaidtear chun go n-éireoidh leis na foirneacha sóisireacha agus tar éis an rath a chleachtaíomar sa léig níl aon amhras orm go dtarlóidh éachtanna iontacha sna craobhchuichlí i mbliana.
Thar ceann na foirne sóisir ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do lucht bhliain a cheathair, Cáit Ní Mhúrchú, Caoilfhionn Ní Néill, Aoife Ní Chairnáin, Gráinne Ní Ghiollagáin agus In. Bhreathnach, a bhíonn amuigh ar an bpaírc ag traenáil gach Céadaoin.
Tá an fhoireann shinsireach ag dul ó neart go neart í gconaí. Níor chaill an fhoireann shinsir cluiche ar bith ar a bealach chuig an gcraobh. Bhí an craobh ar siúl i gclub na bhFianna ar an 9ú lá do Nollaig in aghaidh scoil Chaitríona.
Is cluiche eipiciúil a bhí ann inar throid na himreoirí ar fad mar fhoireann go bun an angair agus tar éis an chluiche bhí na scóranna cothrom. D’imríomar 15nóiméd an taobh d’am breise.
Bhí cluiche íontach ag gach uile dhuine ar an bhfoireann go háirithe Róisín Chambers, is an cúlbáire Ciara Ní Mhaolagáin. Sa deireadh thiar ba í Coláiste Íosagáin an fhoireann a tháinig amach chun tosaigh, puc deirneach an chluiche ná Caoilfhionn Ní Néill ag cur an liathróide thar an trasnáin ó 45meadar.
Scór deiridh an chluiche ná 26 go 25. Bhí an ceiliúradh ar an bpáirc ina dhiaidh sin ar fheabhas, bhíomar lán de bhród agus de phaisíun. Táim an-mhuiníneach agus mé ag tnúth leis na craobhchluichí i mbliana.
Spreagaim gach duine páirt a ghlacadh sa spórt iontach seo, tá sé tábhachtach go gcoinneoidh an chamogaíocht i gColáiste Íosagáin próifíl dearfach, mar gurb a ár spórt naisiúnta í, caithfimid spiorad na camógaíochta a ghinniúint tríd an scoil ar fad agus an chamógaíocht a choinneáil mar cheann de phríomh thréithe na scoile.

Lúthchleasaíocht

le Róisín Ní Chléirigh

Tá ag éirí thar fóir leis na foirneacha lúthchleasaíochta i mbliana.Tháinig an fhoireann míniúr sa dara háit, bhain an fhoireann shóisir an tríú háit amach agus an fhoireann idirmheanach an chéad áit i léig scoile Chúige Laighean ag tús na bliana.
Fuaireamar cuireadh chuig an rás náisiúnta an tseachtain seo caite i DCU agus bhí an rath againn ar fad, leis an bhfoireann shinsear ag teacht sa dara áit.
Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar gach duine atá ag rith sna craobhanna oirthear-laigheann atá ar siúl an tseachtann seo chuigeann.Taistaíonn uaim na cairn a thogáil ar ais don scoil arís an bhliain seo!

Ina theanna sin ba mhaith liom a rá go bhfuil fáilte roimh gach duine atá ag iarraidh lúthchleasaíocht a thosnú. Bíonn traenáil ar siúl ar an gCéadaoin agus an Aoine taréis scoile.



Foireann Peile F16

Le Ciara Ní Chróinín 4

Caithfidh mé a rá nach bhféadfainn a bheith chomh bródúil is atá mé mar is mise an captaen don fhoireann peile faoi 16 sa scoil seo i mbliana. Grúpa cailíní don scoth atá sna cailíní uilig – cúl báire agus ionadaithe. Grúpa cailíní a oibríonn go dian ar an bpáirc pheile ar son na cúise – bród agus spiorad Íosagáin.

Tagann na cailíní ar an bhfoireann ó réimse leathan foirneacha – Cuala, Cabán tSíle, Carraig an tSionnaigh, Clann na Gael, St John’s, Ballyboden Bray Emmets agus Na Crócaigh – bíonn an-iomaíocht idir na foirneacha agus na himreoirí seo de gnáth.

Níl rian don teannas seo le feiscint idir na cailíní ar an bhfoireann – nascann said le chéile cosúil le Setanta agus a chamán. I ndáríre, cheapfá gur imir na cailíní le chéile dá saol ar fad.

Ó thús an tséasúir, chuir gach hall don fhoireann a chroí isteach sa traenáil. Ní raibh oiread is gearán amháin le cloisint roinnt de na laethanta fliucha, fuara a chuamar amach ag traenáil agus tá an toradh le feiceáil mar níor chailleamar cluiche amháin go dtí seo

D’ímríonn ar gcéad chluiche i gcoinne Ráth Cúil I bpáirc na scoile i mí Dheireadh Fómhar. Cluiche an-chóngaireadh a bhí ann ar bealach uilig,ach le taispeántaisí as cuimseabha ó Caroline Ní Anagáin, Kim Ni Chíosóg agus Sinéad Ní Ghuailraic, bhí lámh an uachtar againn tharastu sa chluiche.

D’imríomar ár ndara cluiche i gcoinne scoil Naomh Bhríde i gCluain Dealgáin i mí na Samhna. Bhíomar thíos cúpla cúilín i ndiaidh an chéad leath ach le cabhair ó Shiofra Nic An Aoire, Doireann Ní Dhálaigh, Orla Ní Choitir agus focail spreagadh an Mhaistir Uí Mhurchú ag leath ama, d’éirigh linn teacht as an gcluiche cúpla cúl slán.

D’imríamar an tríú cluiche i Rath Cúil. Ba é sin an cluiche ba dheacra a d’imríomar- ní raibh ach cúpla cúilín idir na foirneacha i rith an chluiche, ach arís, bhíomar cathréimach ar deireadh. Tá an chéad chluiche eile sa léag ar siúl an tseachtain seo chugainn. Leis an spiorad, bhfoireann F16, táim cinnte go mbeidh muid cathréimeach arís.

Peil Sinsearach

le Caoilfhionn Ní Leidhin


D’fhéadfá ar rá gurb í an fhoireann peile sinsireach an fhoireann is fearr in Éirinn. Is de barr na bhfáthanna thíos gur thánagamar ar an turirim seo;

Cé nach bhfuilimíd mar laochra na hÉireann (go fóill d’ár ndóigh – jóc!) ní fada go mbeidh an Gaisce seo curtha i gcríoch again. Le cúnamh Dé.

Is cailíní oillte díograiseacha muid a dhéanann ár ndícheall i gcónaí.

Is é an Máistir Ó Murchú, (Murf!) corda droimlaigh na foirne. Is traenálaí den chéad scoth é. “Entraineur Extraordinaire!” mar a thugtar air go hiondúil. Tá sé i ndiaidh muid a thabhairt go leath-chraobh Laigheann, cúig bliana i ndiaidh a chéile
Molaimid é!
Móraimid é!
Adhraimid é!

Ar ghnáth fhoireann laethúil ní bhíonn ach cúigear imreoir déag ach tá sé imreoir déag ar ár bhfoireann fhéin – an t-imreoir sa bhreis ná Spioraid na Scoile – “Íosagáin” a dhéanann pearsanú ar ár gcultar, ar an dtír agus ar ár n-anam.

Íosagáin gan pheil,
Íosagáin gan anam!


Díospóireachtaí

le Bróna Ní Mhaoldomhnaigh (4),Bláithín Ní Chróinín (5)



I mbliana,tá dhá fhoireann díospóireachta ag glacadh páirte i gcomórtas Ghael-Linn.Bhí an chéad díospóireacht ar siúl i gColáiste Alexander i mBaile an Mhuillin ar an 23ú de Shamhain 2004. Ar dtús, bhí an fhoireann shóisearach, sé sin Bríd Ní Chiarba, Eleanor Ní Dhugáin agus Anna Ní Uiginn ag moladh an rúin “go bhfuil níos mó dochar ná leas ag baint leis an idirlíon” agus bhí Coláiste de hÍde, Páirc Mhucrois agus Coláiste Alexander ina choinne. Lena n-árgóintí láidre agus bréagnú fiúntach d’éirigh linn agus Páirc Mhucrois dul tríd chuig babhta a 2.

Toisc bua na foirne sóiseáraí bhí dúshlán ollmhór roimh an bhfoireann Shinsireach, sé sin Bróna Ní Mhaoldomhnaigh, Tríona Ní Dhuibhir agus Bláithín Ní Chróinín. An rún a bhí á phlé acu ná “ go bhfuil sochaí na hÉireann ag athrú chun feabhais agus bhí said i bhábhar an rúin seo. Bhí C.US, Alex’s agus Páirc Mhucrois ina choinne agus mar a dúirt an moltóir é féin ag deireadh na díospóireachta, “caighdeáin craoibhe a bhí ann.” Dár ndóigh, bhí said an-sásta le cinneadh na moltóirí nuair a dúirt said go mbeadh foireann Choláiste Íosagáin agus Alex’s ag dul ar aghaidh go babhta a dó.

Bhí an dara babhta ar siúl ar 17 Eanáir i Scoil San Phól i Rath Éanna agus bhí an dá fhoireann réidh arís chun díospóireacht corraitheach a chur ós comhair na moltóirí. Toisc go raibh Bríd Ní Chiarba tinn, cuireadh Caoimhe Ní Dhónaill ina háit mar chaptaen ar an oíche agus d’éirigh leo a chruthú go héifeachtach “go dtuigeann tuismitheoirí fadhbanna na hÓige.” I measc na bhfoirneacha eile bhí Pobalscoil Neasáin, Naomh Pól agus Coláiste na , d’éirigh le Pobalscoil Neasáin dul tríd go babhta a trí chomh maith.

Ansin, bhí sé faoin an bhfoireann Shinsireach taispeáint “nach bhfuil saibhreas na tíre seo á roinnt go cothrom”. Bhí an freasúra láidir ach ag deireadh an lae d’éirigh leo an lámh in uachtar a fháil ar Pháirc Sandfor agus Alex’s – d’éirigh le Pobalscoil Neasáin dul tríd go babhta a trí freisin.

Dár ndóigh táimid an-bhuíoch as tacaíocht agus treoir na ndaltaí agus na múinteoirí go léir. Beidh babhta a trí ar siúl anseo i halla Choláiste Íosagáin ag 5.00 agus 6.00 ar 7 Feabhra. S’é an rún a bheidh ag na Sóisir ná go bhfuil níos mó buntáistí ná mí-bhuntáistí ag baint leis an teileafón póca” agus beidh ar an bhfoireann Shinsireach a chruthú gur “cur amú ama atá san Idirbhliain.” Ní mór dom a rá go mbeidh Coláiste Eoin mar fheasúra ag an dá fhoireann! Bígí ann!



Aistí


Tar éis an tSunami,cad is cóir don domhan a dhéanamh?

Le Katelin Ní Thuama.5T


Sin í an cheist a bhfuil móramh muintir an domhain ag cur orthu fhéin.Is cinnte go bhfuil an freagra céanna ag dul trí chloigne na ndaoine. Ba chóir leannacht leis an gcúnamh airgid atá a thabhairt againn.

Is soileár gur íontach an cúnamh airgid atá bailithe ar fud an domhain.Ach an bhfuil daoine tar éis dul thar fóir? Is carthanacht bhréagach atá inti dar liom.

Tá gearrghá le múinteoirí, innealtóirí agus tógálaíthe san Ais faoi láthair.Ach níl daoine sásta imeacht ón saol compordach atá acu anseo agus cabhair éifeachtach,riachtanach a thabhairt.Is léir nach bhfuil na daoine seo ag iarraidh mothú ciontach mar sin tugann said deontas airgid.

Bheadh daoine ag súil go mbeadh deachríoch leis an túbaiste De bharr an airgid. Ach cad mar gheall ar mhór-roinn bhocht na hAifrice go bhfuil suas le trian don daonra ag foiliúint de bharr an ghalair AIDs? Cad mar gheall ar na daoine ar fad atá gan dídean anseo in Éirinn? Cad mar gheall ar na páistí atá ina saighdiúirí timpeall an domhain? Cad faoi na daoine san Iaráic?

Tá muintir na tíre seo ag ligint orthu féin go bhfuil gach ní ina cheart,ach níl!Tá gearrghá le gníomh!


Tar éis an tSunami,cad is cóir don domhan a dhéanamh?

Le Aisling Ní Cheallaigh.(Damhsa)5t



Nuair a bhuail tubaiste an tsunami ar an Aigean Indiach, fágadh an áit ina raibh cathair agus bruachbhaile go hiomlán bánaithe, meilte agus scuabtha go talamh ag an ollthonn. Anois tá sé ag sleamhnú siar leathanaigh na nuachtán agus na dtuairiscí teilifíse. Ach cad is cóir don domhan a dhéanamh anois?

Níl focail ann a thabharfadh a gceart dá mbrón do mhuintir na gceantar i ndiaidh a muintir agus a mbailte a sciobadh uathu ag fórsa an nádúir. Tá said ag féachaint amach gan a gclann, a gcairde agus a slite beatha nach bhfuil ann níos mó. Agus ní hamháin go bhfuil said gortaithe go fisiciúil, ta said gortaithe ó thaobh na siceolaíocha de chomh maith.

I mo thuairim fhéin, caithfear na bóithre is na droichid, a scriosadh de bharr an tsunami, a athógáil agus fothain a chur ar fáil do dhaoine. Chomh maith leis sin d’fhéadfaí fios a chur ar shiceolaithe le cúnamh a thabhairt dóibh. Is dóigh liom go bhfuil cabhair na gcomharsan mar an rud is tábhachtaí don chomhphobal seo anois. Mar a deirtear “Is fearr beagán den ghaol ná mórán den chartanas”.

Fiú tar éis tubaiste an tsunami tá an tírdhreach álainn fós ann, sléibhte arda dubhghlas le foraoiseacha tiubha ag titim go réidh go himeall san fharraige. Ach níl aon duine ann chun é a fheiceáil níos mó. Mar sin ceapaim an rud gur chóir don domhan a dhéanamh anois ná teach thar n-ais anseo agus tacaíocht a thabhairt don cheantar.



Filíocht

Ollscriosadh

Le Aisling Ní Cheallaigh (Damhsa) 5T

In Oirthear an domhain, is an ghriain ag éirí,
Breachadh an lae ag leathnú amach,
Gan fhios ag daoine céard a bhí in ann dóibh,
Oirthear an domhain,ciúin ina chodladh.

Thíos ar an trá, daoine ag bailiú,
Scath gréiné is liathróidí trá,
Páistí ag súgradh, is tochailt an ghainimh.
Bhí tonnta na farraige ag pógadh an trá,
Na faoiléain ag eitilt sa spéir,
Áthas is gliondar ar gach uile dhuine,
Laethanta saoire-iomarca ama.

Scread is scréachaíl, tobann san aer,
Balla mór d’uisce leanúint,
Eagla anama ar beo.
Deireadh an domhain taghtha inniú?
Tithe is díonta ag leanúint na dtonnta
Trucaill is carranna sciobhta leo.

Tá an fharraige tapaidh, deacair a rith,
Géaga tuirsiúla, an fuinneamh dá fhágail.
Corpannna ar snámh san uisce,
Ba chuma cén aois!
Do thráigh an tonn is d’fhág sé a rian
Smionagar is mionagar fághta ar mín.



Tonnta an tSaoil

Claire Ní Choigligh

Tá dubh na hoíche m’thimpeall,
Agus mé ag éisteacht le fuaim na cruinne,
Na tonnta ag teacht agus ag imeacht,
Agus an fothram ón trácht mar ritheam ár saol.

Tá lonnra ó na réalta
Faoi chlúdach na néalta dorcha,
Ach fanann na réalta im intinn,
Mar sholas ar bhóthar mo shaoil.

Thar fharraige shoir, tá soilse sráide
Ag lonnradh trasna cuain,
Agus na daoine faoi fhuadar,
Gan chluas acu ar cheol an chiúnais.

Ga an tí sholais ag síneadh lámh,
Trasna na mara ár gcaomhnú,
‘S ár dtreorú ó chontúrt an tsaoil
Tugaimid aire.

Mo choischéim gan fuaim
Ar chosán nua thógtha,
Agus nuair a shroichim an cladach
Fuaim faoi chos is mé ag dridim chun uisce.

Cé sheas anseo romham
Ar imeall na cruinne?
A dhuirling sean aosta
Lig anois do scíth.

Anois um dul abhaile
Ach níl mé liom féin
I’m dtaca i m’aigne
Tá tonnta na mara.
In aistir an tsaoil seo
Is minic na cosáin chasta’
Ach ag machnamh ar chríonacht na mara
Tá áilleacht na cruinne ag fanacht…………
Ag fanacht, ag feitheamh le teangbháil.



Ceol

Bannaí Ceoil Eoin agus Íosagáin.
le Katie Nic Gabhann

I mbliana tá dhá bhanna ceoil ann, Coláiste Eoin agus Íosagáin, cuireadh isteach i gcomórtas siansa iad.
I mbanna a haon, tá:
Áine Chambers. Bosca ceoil.
Ciara Nic Chárthaigh. Fidil.
Áine Ní Bhriain. Concertina.
Natalie Ní Chasaide. Piano.
Aisling Ní cheallaigh. Bodhrán.
Turlough Chambers. Fidil .
Eoin Ó Ceannabháin. An fhéadóg mhór agus ag canadh
Muiris Landman. Na piopaí uillinn agus an fhéadog mhór

Chaith an banna seo gach Aoine ag cleachtadh i rith am scoile agus ina dhiaidh ag ullmhú an cheoil. Sheol said téip isteach agus tá súil again go léir go n-éireoidh leo dul tríd go dtí an dara babhta agus dul ar aghaidh go dtí an triú babhta, an babhta deirnreach.

I banna a dó, tá:
Radie Peat. An concertina
Róisín Chambers. An t-amhranaí agus an fhidil
Ruth Ní Thighearnáin. An fhéadóg mhór agus an piano
Niamh Denmad. An chrúit
Cian Mac Giolla Bhríde. An fhidhil
Ruairí Ó hArgain . An bosca ceol
Ciaráin Mac Aogáin. An bhfidil
Maithiú Ó Cassaide. Na piopaí uilleann
Chaith an banna seo breis is mí ag ullmhú agus ag cur ord ar na hamhráin agus ar na séiseanna tradisiúnta seo. Chuir said an téip isteach ag tús mí Eanáir. Tá súil againn go léir go rachaidh said ar aghaidh go dtí an dara agus an triú babhta.



Comórtas Siansa


Gach bliain, cuireann daltaí Choláiste Íosagáin/Eoin, dhá banna scoile isteach le haghaidh an chomórtais Shiansa le cabhair ón Máistir De Poire.

Is comórtas é seo a chuireann Gael Linn ar siúl, le haghaidh scolairí faoi bhun naoi mbliana déag d’aois. Ceadaítear ochtar i ngach grúpa. Is gá do gach grúpa 12 nóiméad do cheol tradisiúnta a sheinnt. Ceadaítear do na grúpaí aon saghas fonn nó amhrán a sheinnt ach caithfidh siad a bheith i stíl thradisiúnta.

Is comórtas íontach é seo chun an ceol agus spiorad an chultúir a spreagadh i ndaoine óga. Tá an scoil seo an-tógtha le cultúr na tíre agus leis an gceol agus damhsa.

I mbliana, tá banna sinsear agus banna sóisear tar éis páirt a ghlacadh sa chomórtas. Tá trí bhabhta sa chomórtas siansa. Don chéad bhabhta, tá ar na grúpaí taifeadadh a dhéanamh don cheol agus téip a sheoladh isteach go Gael Linn.

Tá Máistir De Poire an-dílis don cheol is tugann sé cabhair is cúnamh do na bannaí gach bliain. Cuirtear ana-chuid coirmeacha ceoil ar siúl don dá scoil chun spiorad na scoile a spreagadh.

Banna Sínsear
6ú Róisín Chambers - An Fhidil/Amhránaí
5ú Niamh Demmead - Chruit/Cláirseach
5ú Cian Bhreathnach - An Fhidil




An tIdirbhliain

Filíocht

Infinity

Níl aon deireadh ann
Níl líne deiridh
ag críoch an tsaoil
mar atá ag críoch ráis
mar ní rás é an saol
Tá an saol ró-luachmhar, ró-álainn

Áthas, brón, mothúcháin
Taithí, grá, beocht
Éachtaí

Tá plean éagsúil ag Dia
do gach duine againn
Plean álainn
Níl aon deireadh
Níl aon fhreagra.
Is mistéir é an saol

le Aoife March, Ciara Ní Chróinín

Ciúnas sa Chathair

Ag éalú ón gcathair
Ag lorg áit ciúin
Áit suaimhneach síochánta
Gan aon fhuaim

Is deacair an rud é
An áit seo a aimsiú
Le deis machnamh a dhéanamh
Gan aon torann ná truailliú

In áit torann na ngluaisteán
Cloistear ceol binn na n-éan
Is annamh a fhaighim an áit seo liom fhéin

Siobhán de Paor, Louise Ní Chuinneáin, Lynzi Ní Choileáin, Christina Ní Mhordha Bróna Ní Mhaoldomhnaigh

Céard í Ealaín?


Smaointe agus samhlaíocht
le scéalta id’ intinn
go doimhin i do cheann
chomh doimhin leis an bhfarraige
Céard atá sa bhfarraige?
Beatha na n-iasc
lán dé smaointe ealaíonta

Laura Ní Ghrianna, Lauren Ní Dhubhshláine, Lisa Ni Mhurchú

Bróga Auschwitz

Cá bhfuil mo bhróga?
Mo bhróga beaga bána?
Cá bhfuil mo bhróga?
Mo bhróga móra troma?
Cá bhfuil mo bhróga?
Tá siad imithe ar strae
Imithe ar shiúlóid fhada go deireadh an lae

Eleanor Ní Mhaolmhuaidh, Caoilinn Ní Néill

Cranberry Sauce


Atmasféar na Nollag
ag cothú aoibhnis inár gcroí
Crann Nollag, bronntanais le hoscailt
Is breá liom an mhí

Tá an Nollaig go léir faoi Cranberry sauce
dearg is milis

Tine ar lasadh
i lár an tí
An chlann go léir sa seomra suí
is muid go léir ag guí

Tá an Nollaig go léir faoi Cranberry sauce
dearg is milis (agus mistletoe!)

Le: Sorcha Ní Fhaoláin, Kate Ní Shíocháin, Caitríona Ní Loinsigh, Jennifer Ní Choinneacháin


Cad é grá

An mothúchán is láidre gur féidir a mhothú
Cad as a dtagann sé?
As do chroí
Cad go díreach a dhéanann tú le do chroí?
Leanann tú do chroí i gcónaí
Fiú amháin sa treo mícheart?
Uaireanta – chun foghlaim
Sin é an rud atá le déanamh
Cad a tharlaíonn ansin?
Briseann do chroí
An stopann sé?
Saghas! Ní stopann an grá
ach stopann an muinín
agus gan muinín níl aon ghrá
Gan grá níl aon chroí
An féidir croí briste a dheisiú?
I mo thuairim is féidir le féinghrá
aon rud a dheisiú
ach caithfidh tú féin do chroí a dheisiú

Aisling Ní Loinsigh, Caitríona Ní Chrualaoich


An bhfuil tú sásta le do chraiceann?


An bhfuil tú sásta le do chraiceann?
Is cuma faoin dath
Daoine gorma nó daoine bána
An bhfuil tú sásta le do chruth?
Bímid sásta le tréithe eile
Cén fáth go bhfuil cruth díreach ar rialóir?

Orla Ní Choitir, Clodagh Ní Shioradáin


Scannánaíocht san Idirbhliain


Le Áine Nic Coisdealbha & Doireann Ní Dhálaigh, Bl. 4

Lá breá brothallach a bhí ann. Shuigh an bhliain ar fad os comhair fir sa bhloc eolaíochta. D’fhéachamar ar an bhfear, d’fhéach an fear orainn. Bhí sé ag gáire ; ag magadh faoinár n-éide scoile. “Nach bhfuil siad chomh cruálach daoibh anseo” a dúirt sé “breatnaíonn sibh cosúil le froganna ón Alban sna héadaí scoile sin”. Go tobann d’athraigh tuirse bhliain a 4 go sonas. Bhíomar réidh le lá greannmhar a thosú.

Chaith sé an chéad leath ag caint faoi stair scannaíochta (agus ag magadh faoi shaol an dalta) agus chaitheamar an t-am uilig sna trithí gáire. Thaispéain sé na céad scannaín dúinn agus bheartaigh sé go ndéanfaimís ár scannán féin. Nach aisteach an rud gur féidir a dhéanamh le banana agus le hata. Rinneamar trí ghear scannán i dtrí stíl éagsúil i ngach ceann. Fuaireamar deis aisteoireachta mar ghadaithe banana diabhal agus laoch ag eitilt sa spear.

Lá iontach a bhí ann agus níor stopamar ag gáire fúinn féin don lá ar fad. Mhúin an stiúirtheoir dúinn faoi conas páirt a ghlacadh i gcursaí scannánaíochta i ndiaidh na scoile. Ní dhéanfaimid dearmad ar an lá dochreithe seo riamh agus ní bheidh an dearcadh céanna againn i leith bananaí arís.



Carthannachtaí

An feachtas Nollag: Cumann Naomh Uinsinn de Pól.

Le Lúsaí Ni Chearúil. 4z.

I mbliana bhí bliain a ceathair i mbun an eagrúcháin go léir don fheachtas ‘Boscaí Bia na Nollag’. Bhí slua mór cailíní a chuaigh ó rang go rang ag spreagadh na ndaltaí. D’éirigh go hiontach leis an scoil ar fad.

Thar an gceithre sheachtain roimh Nollaig, bhailigh an scoil go leor bia le 89 bosca a líonadh don Naomh Uinsinn de Phól atá lonnaithe amuigh i Fatima mansions. Ar an Aoine, an 17ú Nollaig, d’fhan breis is fiche duine ó gach bliain sa scoil tar éis ranganna chun cabhrú leis na boscaí a chur le chéile.

Cuireadh iad i línte móra sa tsean-leabharlann. Bhí said lán go béal agus d’fhéachadar ar fheabus. Chuaigh grúpa de dheichnúir nó mar sin de ar dhá bhus leis na boscaí chuig Fatima Mansions ar an Máirt dár gcionn. Thug an chuma a bhí ar na sráideanna agus an 82 foirgneamh le fios dúinn go raibh gearghá leis an mbia seo.

Ar an 11ú bhí cóisir Nollag again do na paistí óga sa cheantar. D’eagraíomar é leis an gCumann Naomh Uinsinn de Pól freisin. D’éirigh thar barr leis. Bhí suas le 70 páiste ann, iad go léir ar bís le Daidí na Nollag(Maistir Ó Murchú) a fheicéail. Bhí beirt chailiní ag déanamh péinteáil aghaidheanna agus an t-ochtar nó mar sin eile ag spraoi is ag cabhrú leis na paistí. Bhí sé thar barr.

Ag an 18ú Nollaig, rinne muid pacáil málaí sa Charraig Dhubh. Bhí ceithre amannta difriúla ann agus bhí neart daoine leis na hamannta a líonadh. Bhailíomar an-chuid airgid agus bhí daoine an-flaithiúil ar fad. Chuir an t-airgead seo leis na boscaí bia.

Caithfidh mé ard mholadh a thabhairt do bhliain a ceathar agus an scoil ar fad as ucht an iarracht agus an obair dhian a rinne said. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le hIníon Uí Mhaiolearca agus Iníon Uí Choileáin go háirithe as ucht an deis iontach seo a thabhairt dúinn ar fad agus as ucht cabhrú linn.

Agus gan tacaíocht agus spreagadh gach éinne ní bheadh an feachtas chomh rathúil is a bhí sé. Go raibh mile maith agaibh.



Poinntí suime

Éide Scoile.

le Clíodhna Ní Ghuidhir agus Caitríona Ní Fhearáin.


Rud mór a bhaineann le gach scoil ná na héadaí scoile. Tá tuairimí éagsúla ag gach duine maidir leo seo ach táimid ag argóint nach smaoineamh maith é. Ar dtús, féachann gach duine mar an gcéanna agus tá ár bpearsantachtí féin againn.

Ceapann cúpla duine gur rud maith é seo ach ní aontíonn muid go hiomlán. Ba chóir go mbeadh gach duine cothrom ach ciallaíonn an focal béarla “uniform”, “one type” nó cineál amháin. An é sin an rud ceart? An bhfuil sé coir?

Tárlaíonn maistíneacht i bhfad níos minicí i scoileanna gan feisteas scoile dár le múinteoirí, daltaí agus tuistí. Deirtear go dtarlaíonn sé de bharr na n-éadaí a chaitheann daoine. Tarlaíonn maistíneacht ar aon nós, má tá nó muna bhfuil feisteas scoile ann, tá a lán cúiseanna ann i gcomhar maistíneachta.

Deir a lán cailiní go bhfuil cead acu a gcuid éadaí féin a chaitheamh ach go bhfuil “dress codes” acu, mar shampla caitheann said a n-éadaí féin ach níl cead acu sciortaí gearra a chaitheamh nó t-léintí áirithe. Ceapann muid gur smaoineamh maith é seo.

An ndéanann daoine maistíneacht ar dhaoine mar go bhfuil éadaí “níos fearr” nó “níos faiseanta” acu? I Wesley caitheann 95% de na cailíní sciortaí, ach bíonn daoine fós ag caitheamh brístí agus bíonn said sásta.

Tá roghanna difriúla ann freisin. I gcúpla scoil tá ar na daltaí an geansaí céanna a chaitheamh ach is féidir leo dath an sciorta nó an léine a roghnú. B’fhéidir gur chóir dúinn éadaí níos praicticiúla a chaitheamh. Ní cheapaimid go bhfuil sciortaí praicticiúil agus síleann muid go bhfuil siad sean-aimseartha. B’fhéidir gur chóir dúinn bristí compórdeacha a chaitheamh in ionad.



Teangacha

Lingua Latina

le Caitríona Ní Dhúnáin (gratia Bráthar de Barra)

Linguae Latinae duos annos magna laetitia studui, multa et mira didici. Non solum lingua Latina sed etiam historia et cultura Romana fructa sum. Multa de omnibus formis historiae populi Romani ego certior facta sum.

De vitis et regnis imperatorum magnorum qui regnaverunt Romae legi. De belli et victoriis, et quomodo senatus populique romani ab imperatoribus regnati essent audivi. Gaudeo quod nune possim aestimare architecturam et artes romae quoque modus vivendi romanorum moras et religionem populi romani. Deos et deas amaverunt.

In scola, studui Latinae grammaticae et scriptores magnos Latinos eg. Catullus, Ovid, Virgil-meus amicus, Horáit, Cicero, Livy, Sallust, Tacitus et Rliny legi , quibus fructa sum. Facile est auctores Latinos legere in lingua Celtica. Hoc esse gratissima aestimo. Fabulas et opera et facta egregiorum Romanorum didicimus. Aeneidum Virgilium alteris scriptoribus antepono.

Quinque et viginta horas per septum dies eum legere - gaudium magnum! - egi. Latinam linguam esse magno beneficio mihi et aliis qui aliquam intelligentiam habent credo. Procede, regne et impera ad multos annos.



Léirmheas

Ainm an leabhar: Faoin Sceach Gheal

Le Clara Laimbeart agus Ailbhe Ní Dhuinn 2C

Ainm an Údar: Marita Conlon-McKenna
Foilsitheoir: O’Briens Press
Na Carachtair: Peig, Michéal agus Eibhlín
Suite: in Éirinn

Tá an scéal seo faoi thriúr páiste, Peig, Michéal, agus Eibhlín . Tá sé bunaithe ar an turas fada a rinne na páistí bochta seo, tar éis tubáiste ina gclann. Tá sé suite sna 1840’aí – am an ghorta mhóir.

Is scéal corraithe, cróga, agus brónach é. Aidhm an scríobhnóra ná pictúir maith a thabhairt dúinn don saol crua a bhí ag daoine ag an am. Cheap muid gur scéal maith a bhí ann.Tá sé go maith má ta tú ag iarraidh tionscnamh a dhéanamh ar an ngorta.An rud a bhí cabhrach dúinn ná an foclóir ar chúl an leabhair.

Is féidir leat na focail nach dtuigeann tú a lorg go héasca. Cé gur thaithin an scéal seo linn, ní mar sin a bheidh sé do gach duine.Níl a lán foréigin ann agus is leabhar brónach é.Tá an críoch dóchasach áfach agus bhain muid sult as an eachtra.



Léirmheas ar Harry Potter.

le Dominica Wialliams agus Anna Ní Fhiannachta.

Teideal an leabhair: Harry Potter agus An tOrchloch
Ainm an údair: J.K. Rowling, (Máire Nic Mhaoláin a d’aistrigh)
Lion na leathanach: 262
Foilsitheoirí: Bloomsbury

An scéal:


“A Harry is draíodoir thú” Ní féidir le Harry Potter é a chreidiúint. Tagann arrachtach d’fhear mór d’arbh ainm Hagrid a ínsíonn dó gur draíodóir é agus ansin a sciobann leis é ,á ‘tharrtháil’ ón saol gruama a chaith sé lena cholceathrar. Téann an bheirt acu ar eachtra íontach agus corraitheach. Cuirtear Harry chuig an scoil dhraíodóireachta Hogwarts.

Is i Hogwarts a chuireann Harry aithne ar Ron agus Hermoine agus go luath, is dlúth-chairde an triúr acu. Is i Hogwarts a fhloghlaimíonn Harry an fhírinne. An fhírinne faoi bhás a thuismitheoirí, an fhírinne faoina chéannacht féin. Cén fáth nár maraíodh eisean araon lena thuismitheoirí agus cé hé an Voldemort seo nach labhraíonn éinne faoi gan crith ina ghlór. Tuigeann Harry luath go leor agus nuair a thuigeann tá sé go tobann i mbaol a bháis……..

Harry: Is dílleachta é Harry Potter. Dúnmharaíodh a thuismitheoirí nuair nach raibh sé ach bliain d’aois agus fagadh Harry faoi chúram a aintín agus a uncal. Ní bhfuair sé grá nó cúnamh óna leasthuismitheoirí agus dá bhrí sin is buachaill neamhspleách, aonaránach é. Is buachaill cróga é Harry agus léirítear é seo tríd an scéal ar fad. Níl eagla air seasamh suas agus troid le daoine eile agus ní thagann imní air fiú nuair atá a shoal i gcontúirt.

Cé go bhfuil cúlra tragóideach ag Harry níl aon rud truamhéileach nó taismeach faona a charachtar. Is buachaill láidir, cróga, cneasta agus cliste é Harry agus léirítear na tréithe seo go maith sa leabhar.

Nuair a thosaíonn Harry ag freastal ar Hogwarts buaileann sé le a lán draíodóirí óga cosúil leis féin. Déanann sé cairde agus déanann sé naimhde agus bíonn a lán eachtraí íontacha agus aite acu lena chéile.

Níl dabht ar bith gur togha leabhar é seo. Is scríbhneoir den scoth í J.K Rowling agus cé gur scéal fantasaíochta é Harry Potter agus an órcloch, tá sé increidte. Tá stíl ghonta, shimplí scríbhneoireachta ag J.K Rowling agus baintear úsáid as friotal neamh chasta agus soiléir. Tá an t-aistriúchán le Máire Nic Mhoaláin ar fheabhas agus ní chailltear aon chuid de dhraíocht nó rithim an leabhair san aistriúchán.

Oideachas

An Ardteistiméireacht – Fiúntas nó Liúntas?

Le Muireann Ní Cheannabháin

Tá iar-mhúinteoir, Mary Hanafin, mar Aire Oideachis faoi láthair. Ina hagallamh leis an ‘Irish Times’, dúirt sí go raibh fís aici - gan aon rud a athrú.

Ciallaíonn sé sin nach ndéanfaidh sí aon chinneadh conspóideach murab ionann dá réamhtheachtaí (predecessor), Noel Dempsey.

Tá an “National Council for Curriculum and Assessment” ag iarraidh measúnú leanúnach (continual assessment) a chur i bhfeidhm in ionad na hardteistiméireachta, ach ní aontaíonn Hanafin. Deir sí nach bhfuil sí ag iarraidh dul ina choinne, mar go bhfuil meas ar an ard teist go hidirnáisiúnta mar scrúdú. Ach, mar is eol daoibh, tá dhá thaobh leis an scéal seo.

Tá a lán strus agus brú ag baint leis an ardteistiméireacht. An mbeadh sé níos fearr an obair a scaipeadh amach? Nó an bhfuil an ceart ag an Aire Oideachais?



TUAIRISC AN OECD

Le Neasa de Barra 6C

De réir an suirbhé is déanaí de lucht OECD PISA, is scoláirí den scoth iad déagóirí na hÉireann! As an naoi dtír is tríocha a ghlac páirt sa taighde, tháinig Éire sa seachtú háit maidir le hábaltacht léitheoireachta. Thánamar sa séú háit déag maidir le tuiscint eolaíochta, agus beagnach ocht bpointe déag os cionn an meán maidir le héirmiúlacht mhatamaitice. Agus munar ábhar mór go leor bród é seo, déanaimid, ar bheagáin cúnamh airgeadais ón Rialtas, an éacht seo. Táimid cuid mhaith os cionn an meán sna roinn seo ar fad.

Ach, seans gurb é an rud is tábhachtaí le tabhairt faoi deara faoi na torthaí seo ná go bhfuil an bearna idir daltaí a n-éiríonn go maith leo agus daltaí nach n-éiríonn chomh maith sin leo ar an gceann de na cinn is lú den tríocha naoi tír a ghlac páirt sa suirbhé

As na daltaí Éireannacha a scrúdaíodh, bhí na buachaillí níos fearr ag an mata agus na cailíní níos fearr ag an léitheoireacht. Ní raibh difríochtaí le feiceáil idir scoileanna i gceantair chathracha agus thuaithe, nó scoileanna poiblí agus príobháideacha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos mó cothromaíochta againn anseo in Éirinn ná sna tíortha eile.

As an gcúig tír is fiche san Aontas Eorpach, tagann Éire sa tríú háit déag maidir leis an meánmhéid a chaitear ar gach dalta meánscoile. Caitheann ár Rialtas E4,033 ar a mheán orainn. Caitheann dhá thír eile, ar cuireadh an ceistneoir chucu, breis agus dhá oiread an mhéad sin. Is iad seo Lucsamburgach, a chaitheann E8,528, agus an Eilbhéis, a chaitheann E8,394.

Is soiléar ó seo go bhfuil ár gcuid múinteoirí thar barr, nó go bhfuilimid mar cheann de na tíortha is cliste ar domhan. Ach, mar a deir an seanfhocal: "Gach dalta mar a oiltear..."