Fáilte
go dtí an Ghaeltacht is gaire duit, Ráth
Cairn na Mí. Ofrálann an Ghaeltacht bheo seo,
Ráth Cairn, timpeallacht idéalach chun
an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tá áiseanna ann do gach
aoisghrúpa a tharraingíonn daltaí, mic
léinn agus cuairteoirí cultúir ó áiteanna
i gcéin is i gcóngar.
Ní gá
mórán taistil a dhéanamh le teacht orainn!Agus muid i
gcontae Ríoga na Mí, nílimid ach uair
an chloig ó Bhaile Átha Cliath, agus táimid
láimh leis an Uaimh, Ceannanas, Baile Átha
Troim agus Baile Átha Buí. Tá stór
seanchais staire agus síocháin na
tuaithe le fáil anseo agus gheobhaidh tú
comhluadar breá a fheilfidh duitse má
théann tú ar cuairt chuig an nGaeltacht
speisialta seo.
|
|
Tá réimse leathan
imeachtaí ar fáil anseo ar feadh na bliana, idir cúrsaí Gaeilge,
imeachtaí sóisialta, agus ár
gCrannchur
Mhíosúil atá
tar éís na milliún punt a shaothrú
dona céadta eagrais.
|
Cúrsaí
Gaeilge
- cúrsaí
do dhaoine óga
- cúrsaí
do dhaoine fasta
- cúrsaí
deireadh seachtaine
- cúrsaí
seachtaine
- saoire
teanga agus cultúir
tuilleadh sonraí anseo
|
Féilte
agus Imeachtaí
|