Siamsóir na Mí
Satharn 9 Nollaig 2000 (clár
anseo)
Is comórtas ar leith é seo chun teacht
ar 'Shiamsóir na Mí'. Caithfidh na
daoine a ghlacann páirt ann trí cinn de
na míreanna seo a leanas a dhéanamh:
amhrán Gaeilge a rá, scéal nó dán
Gaeilge a aithris, damhsa, uirlis a sheinm, agus/nó aon bheart eile a léiriú
a meastar na breithiúna é a bheith
feiliúnach ar an oíche.
Oíche
Chinn Bliana
31ú Nollaig
Cuirtear críoch leis an mbliain le hoíche
lán d'fhuinneamh is greadadh cos. Bíonn
Corn Stiofáin Seoighe le buachan ag
damhsóirí ar an Sean-Nós.
Seisiúin
Cheoil gan Choinne
feadh na bliana
Mar a thugann an teideal le fios, is féidir
teacht ar na seisiúin seo sa Bhradán
Feasa aon oíche sa tseachtain. Bíonn an-tóir
ar oícheanta Sathairn, nuair a mheasctar
an ceol le hamhránaíocht agus damhsa ar
an sean-nós.
|
![](../pic/nan.JPG)
|
Áine
Mhic Dhonncha ag bronnadh Corn a
fear céile (go ndéana Dia grásta
ar a anam) Chóil Neaine Pháidín
ar Mhaidhc Stiofáinín Seoighe. |
|