Bunaíodh Gaeltacht Ráth
Cairn sa bhliain 1935 nuair a
chuir seacht gclann is fiche as Conamara,
go háirithe as cheantar na n-oileán
agus ón gCeathrú Rua, fúthu ar thalamh
a bhí faighte ag Coimisiún na Talún i
gContae na Mí. Ba é ceann de na
smaointe b'fhadradharcaí i gcursaí
athbheochana na Gaeilge riamh. Tugadh
teach Coimisiúin, feirm dhá acra is
fiche, capall, cráin mhuice is bainbh
agus uirlisí bunúsacha talmhaíochta do
ghach clann. Sa bhliain 1937 tháinig aon
chlann déag eile chun cur fúthu i Ráth
Cairn. San iomlán, d'aistrigh 443 duine
ó Chonamara go gabháltais nua i
gceantar Rath Cairn le linn na tréimhse
seo. Ba í an t-aon áis phobail amháin
a tugadh don phobal nualonnaithe seo ná
an Scoil Náisiúnta, Scoil Uí Ghrámhnaigh,
atá in úsáid fós. Seachas sin fágadh
an Ghaeltacht nua seo ar a conlán féin. |
![](../pic/fado.jpg)
|
Ní go dtí 1967 a bhain Rath
Cairn amach aitheantas oifigiúil mar Ghaeltacht, tar éis feachtais chearta
sibhialta a d'eagraigh Craobh Cearta
Sibhialta na Gaeltachta Rath Cairn. Is i
1973 a bunaíodh Chomharchumann Rath
Cairn chun pleanáil agus forbairt a dhéanamh
don cheantar. Tá Ráth Cairn ina bhaile
beag anois le lárionad pobail agus
clubteach (An Bradán Feasa), meánscoil,
lárionad fiontraíochta, eaglais
Chaitliceach agus áiseanna eile lena n-áirítear
grúpscéim uisce, siopa, bialann, páirc imeartha, agus ionad
taispeántais. |
![](../pic/eaglais.JPG) |
![](../pic/coil.jpg) |
Eaglais
Chuimhneacháin Phádraig Naofa, a tógadh i 1985. |
Máirtín Ó Conaire agus Cóil
Neaine Pháidín sna 1970í. |
|
|
|