An Bradán Feasa
Imeachtaí
Márta/Aibrean 2001
Aoine 9 Márta
Amhráin Cois Tine
Padraig Ó Cearbhaill |
Satharn 10 Márta
Oíche Cheoil
Paddy Mac Gearraidh |
Satharn 17 Márta
Oíche Lá Fhéile Phádraig
Ceol le na Galtees |
Aoine 23 Márta
Le Aoí Speisialta
Lillis Ó Laoire
Amhránaí as Tir Chonaill |
Satharn 24 Márta
Oíche Cheoil le
Jerry O Connor & Martin Quinn |
Satharn 31 Márta
Oíche Mhór Cheoil
Na Casaidigh |
Aoine 6 Aibrean
Amhráin Cois Tine
Eamon Ó Donnchadha agus a Chairde |
Bhí Dinnéar na nDaoine Aosta
ann ar an 14 Éanair 2001 san Áras Pobail. Bhí slua mór i láthair. Tháinig Máirtín Tom Sheáinín ó Raidió na Gaeltachta aniar le haghaidh na hócáide. Bhí neart amhrán,
ceol, damhsa agus craic ag gach duine a bhí i láthair.
|
Scéim Spreagthúil
Is Scéim é seo idir Údarás na Gaeltachta agus Comharchumann Ráth Cairn, do mhná na Gaeltachta. Tá cúrsaí ríomhaireachta ar siúl in Ionad Naomh Cionnaith Baile Iomhair, ag tosú le bunchúrsa agus ag leanúint ar aghaidh le meánchúrsa. Chuir na mná
an-spéis sna cúrsaí seo.
Bhí cúrsa Sábhailteacht Bia ar siúl san Áras
Pobail. Bhí Ionadaí o Bhord Sláinte an Oir- Thuaiscirt Joan Eivers i láthair, rith an cúrsa ar feadh cheithre mhaidin. Bhí scrúdú ag deireadh an chúrsa agus bronnadh Teastas ar na mná in Óstan an Newgrange.
Bhí ranganna yóga á rith ar feadh ocht seachtain san Áras
Pobail. Maggi Nic Shíomóin a bhí ina bhun seo.
Gach oíche Luain bíonn ranganna seit agus céilí
do dhaoine fásta ar siúl. Tráthnóna Máirt bíonn rang do na daoine óga. Is í Bríd Uí Mhéalóid an
mhuinteoir.
Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl Dé Máirt. Ranganna iad seo do thuismitheoirí gasúr óga atá ag freastal ar an Naíonra nó an
Bhunscoil.
Tagann an grúpa Tuistí agus Páistí
le chéile gach maidin Céadaoin 10.30r.n-12.00 i seomra Scun Scan.
|
An Dreoilín
Tá muintir an Dreoilín buíoch do gach duine a chaith go fial leo. Bailíodh £110 Lá le Stiofán agus cuirfear an t-airgead i gcuntas Comhaltas Ceoltóirí Éireann, craobh Ráth Cairn chun cúrsaí ceoil sa gceantar a chur chun cinn. |
Áras Uí Ghramhnaigh
Cúrsaí do dhaltaí bunscoile, meánscoille, ollscoile agus do dhaoine fásta!
Gach eolas ar fáil ach glaoch ar 046-32067
www.rathcairn.com |
Bóithre Ráth Cairn
Ar mhaith leat ainm a bheith ar do bhóthar? Tá sé i gceist go mbeadh ainm ar gach bóthar sa gceantar. Ba cheart dhuit do chuid tuairimí a chuir isteach againn go
luath! |
Aifreann
Lá Fhéile Phádraig
Beidh an tAthair Seosamh Ó Ceallaigh ag ceiliúradh Aifreann Lá Fhéile Phádraig i studio RTE. Beidh Cór Ráth Cairn ag taisteal suas freisin. Beidh bus ag imeacht ón Séipéal an mhaidin sin ag 7.45r.n. Má tá rún agat taisteal ar an mbus cuir do ainm isteach go luath. Tá aiteanna ann do seasca duine |
Cumann Dramaíochta Ráth Cairn.
Tá an Cumann Drámaíochta ag léiriú an Dráma “Is Fada Anocht” le Cristoir Ó
Floinn. Tá Eamon Ó Donnchadha, Pádraig Mac Craith, Áine Ní Dhufaigh agus Áine Ní Chonaire ag glacadh páirt ann. Mairéad Mhic Dhonncha an Léiritheoir Beidh sé ag dul ar stáitse ar an 9/3/01 . Beidh siad ag tógail páirt i bhFéilte leis an Drama seo. |
An Club Óige
Mar is eol do gach duine faoin am seo, tá dá Chlub Óige ar siúl againn anois. Bhí Neasa Ní Mháirtín ag stiúiriú an Óg Chlub go dtí le déanaí ach faraoir níl ar a cumas an obair sin a dhéanamh níos mó toisc í a bheith ag freastail ar an Ollscoil arís. Guímid gach rath uirthi. Beidh athraithe ar struchtúir an Óg Chlub agus beidh scéala faoi á cur sa phost chuig tuismitheoirí go
luath. |
Sátharn 31 Márta 2001
Oíche Mhór Cheoil leis
Na Casaidigh
Áras Pobal Ráth Cairn
Grúpa ceol as Tír Chonaill a bhfuil cáil idirnáisiúnta
orthu.
|
Cumann Peile
Is é Ciaran Ó Suilleabháin Imreóir Óg na bliana.
Barra Mac Fhearghusa Imreóir na Bliana agus Pádraig Seoighe Pearsantacht na bliana.
Bíonn an Cumann Peile ag traenáil gach oíche Máirt agus
Déardaoin.
|
Tearmann Bhríde
Réicí
Refleacseolaíocht
Glaoigh ar Mháirín
(046) 32387
(086) 8878203
|
Club Badmantan
Tagann an club le chéile gach oíche Máirt ón 7.00i.n go dtí 11.00i.n. Gasúir suas go dtí 14 óna 7.00 go dtí a 8.30i.n, agus daoine fásta ón 9.00i.n go dtí 11.00i.n. Tá súil againn leanacht ar aghaidh go dtí mí Aibreán, agus tosú ar ais ansin i Mí Meán Fómhair 2001. Bheadh súil ag an gClub Badmantan páirt a thógáil i gcomórtas ó mhí Meán Fómhair ar aghaidh. |
Cúrsa Mí Lúnasa
Tá sé i gceist ag an gComharchumann cúrsa cónaithe a reachtáil don chéad uair i mbliana. Beidh an chúrsa ar siúl ón 22 Iúil go dtí an 12 Lúnasa agus beidh aois teorainn idir 10 agus 14 bliana leis. Is féidir iarratais a fháil ó oifig an Chomharchumann. |
Cúrsa Lae
Beidh Cúrsa Lae ar siúl i mbliana ón 2 Iúil go dtí 20 Iúil agus 23 Iúil go dtí 10 Lúnasa 2001. Tá na cúrsaí seo oscailte do pháistí idir 8 mbliana suas go rang a sé.
Beidh cúrsa do dhaltaí atá sa chéad nó an dara bliain sa mheanscoil ar siúl ón 2 Iúil go dtí 20 Iúil. Gach eolas (046) 32067 |
Áras Uí Ghramhnaigh
Ranganna Gaeilge
Ranganna Gaeilge oíche Dé Luain ag 8.30
Rang Gaeilge do thuismitheoirí na háite agus dóibh siúd nach raibh ar scoil in Éireann
Maidin Máirt 11.00-12.00 |
Crúb agus Béal
Tá socraithe ag Áras Uí Ghramhnaigh a gcuid cúrsaí a cur ar athló go dtí go bhfaigheann siad comhairle dul ar aghaidh leo arís.
Tá sé molta ag an roinn talamhaíochta nach dtabharfadh daoine cuairt ar áiteanna faoin tuath. Dá leanfaí leis na cúrsaí bheadh baol ann an galar a scaipeadh go h-áitiúil. |