Ár Scoil (2) |
|
De réir mar a bhí an scoil ag dul i méid, bhí foireann na scoile ag forbairt freisin. Tá triúr múinteoir déag ag feidhmiú go buan sa scoil. Ta dea thionchar a gcuid oibre le feiscint ar imeachtaí áirithe, laistigh agus lasmuigh d'am scoile.. Tá príomh áit ag curaclam na scoile agus an Ghaelainn, ach ta gnéithe eile de chultúr na tíre á chur chun cinn, chomh maith céanna. Tugaimid aird faoi leith ar rince ghaelach, ceol gaelach, agus na cluichí gaelacha (iománaiocht, camógaiocht agus peil) |
|
Ó bhunú na scoile is iomaí laethanta iontacha
a bhí againn, cluichí ceannais peile agus iománaíochta
i bPáirc Uí Rinn, Craobh Uile Éireann i gceol, dramaíocht,
rince seit agus scéalaíocht, ag glacadh páirt i gcomórtaisí
ealaíona, tráth na gceist, rugbaí agus lúthchleasaíocht. |
||
|
I gcomhaontacht leis an mbord bainistíochta, tá comhairle na dtuismitheoirí gníomhach in alán rudaí ó bhailiú airgid go hocáidí soisialta. Ta roinnt mhaith obair dheonach déanta ag alán daoine tríd na blianta.Gan tacaíocht comhairle na dtuismitheoirí, ní féidir imeachtaí ar nós rince, snámh agus ranganna fraincíse a chur ar fáil. | |
I lathair na huaire, tá an scoil níos láidre ná riamh. Chomh maith le múinteoirí ranga, tá beirt mhúinteoir achmhainne, múinteoir tacaíochta foghlama, rúnaí, airíoch agus cúntóirí ranga, gach duine acu a chuireann go mór le caighdeán maireachtála agus foghlama sa scoil. Is fada uainn na laethanta tosaigh sin le dhá rang naíonáin, i Sráid na hEaglaise i 1983. B'fhéidir go ndéanfaidh roinnt d'ár ndaltaí gaiscí sa tsaol amach anseo, agus má smaoiníonn siad siar ar a gcuid oideachais sa ghaelscoil, b'fhéidir go dtiocfaidh siad ar ais ar cuairt. Beidh fáilte rompu. | ||
Focal ón bPríomh
Oide Seán Ó Murchú, ar
stair na scoile ! |
Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar | Ríomhphost