Eochaill tríd na h-Aoiseanna 1

Radharc ar Eochaill ón Aer
Suite ar an gcósta in Oirthear Chorcaí, s'í Eochaill ceann de na bailte is áille in Eirinn. Tá an-cháil uirthi mar ionad turasóireachta de bharr oidhreacht shaibhir na háite agus 5km de thrá leathan ghainneamhach, a fhaigheann an brat gorm go bliantúil mar chomhartha árd-chaighdeánach.

Tagann ainm na háite on nGaelainn, (Eochaill - coill de chrainn iúr-) mar go raibh Eochaill agus an ceantar máguaird faoi chlúdach na míllte crainn iúir. Ní fios go cinnte cathain gur ainmníodh an baile ach ceaptar gurb san 7ú céad A.D.

 

Crann Iúr
Lonnaíocht Lochlannach
Níorb aon eisceacht í Eochaill ón gcuid eile de chósta na hÉireann mar gur ionsaigh na Lochlannaigh an dúthaigh ag deireadh an t-ochtú céad. Bunaíodh lonnaíocht Lochlannach in Eochaill i rith an 9ú céad.Is dóichí gurb lonnaíocht beag a bhí ann ach ceaptar go raibh sé daingean go maith. In 1173 thárla cath cabhlaigh ag béal na hAbha Móire, áit a cheannsaigh na Normanaigh fórsaí Lochlannach agus Éireannach. Ba léir go raibh ré na Normanach ag teacht.
Ar Aghaidh >>

 

Abhaile | Ár Scoil | Ár dTimpeallacht | Imeachtaí Scoile | Leathnach na bPáistí | Áiléar |