Ranganna 5 agus 6
Home Up Rang a Cuig Rang a Se

 

Catagóirí feidhmeanna

  • Caidreamh sóisíalta a dhéanamh
  • Dul i gcion ar dhuine
  • Dearcadh a léiriú
  • Eolas a thabhairt agus a lorg

Éisteacht

Ag Cothú spéise

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste:

  • Éisteacht leis an nGaeilge á húsáid mar theanga chaidrimh agus bhainisteoireachta sa seomra ranga agus sa scoil
  • Éisteacht le téipeanna agus dlúthcheirníni de scéalta, amhráin agus dánta
  • Éisteacht leis an nGaeilge I gcomhthéacsanna cultúrtha – féile na bliana, scéalta agus béaloideas na hÉireann

Ag tuiscint teanga

  • Éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go rialta gach lá chun nathanna cainte a dhaingniú – glaoch an rolla, an dáta, ainm an lae, ainm na míosa, an aimsir
  • Éisteacht agus leanúint treoracha
  • Éisteacht le cainteoirí beo agus i bhfíseáin agus an chaint a thuiscint le cabhair ó gheaítsí, ón nguth agus ón gcomhthéacs
  • Cluichí spreagúla a éilíonn éisteacht agus tuiscint a imirt
  • Cumas géaréisteacht a fhorbairt chun na difríochtaí idir consain loma, shéimhithe agus uraithe agus consain chaola agus leathan a thabhairt faoi deara
  • Fírící nua a fhoghlaim trí éisteacht agus tuiscint

Labhairt

  • An Ghaeilge a labhairt sa seomra ranga agus sa scoil
  • Dánta a aithris
  • Amhráin a chanadh
  • An Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha – féilte na bliana, cluichí Gaelacha

Ag úsáid teanga

  • Úsáid a bhaint as leideanna chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach
  • Nuacht a thabhairt
  • Labhairt fút féin
  • Scéalta a athinsint
  • Foclóir níos leithne a úsáid
  • Cluichí teanga a imirt – fiche cheist
  • Scéalta a chríochnú agus a chumadh
  • Caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn, a tharlóidh
  • Cur síos ar eachtraí atá ag tarlú agus tar éis tarlú
  • Ceisteanna a chur agus a fhreagairt – an bhfaca? Ar ith? Conas? Cén chaoi? Cén fáth? Cathain? Ar mhaith leat? Cad chuige?
  • Réimse níos leithne rúdaí a ainmniú – uatha agus iolra
  • Focail cháilitheacha a úsáid – seanfhear bocht, lá breá gréine,
  • Comparáid a dhéanamh – níos glaine, is glaine
  • Úsáid a bhaint as – orm, agam, liom, dúm, díom, romham, chugam, uaim.

Léitheoireacht

Ag cothú spéise

  • Brí a bhaint as an bhfocal scríofa sa rang seomra
  • Sracfhéachaint ó am go ham ar réimse leathan d’ábhar léitheoireachta

Ag tuiscint teanga

  • An téarmaíocht a bhaineann leis an léitheoireacht a chloistéail as Gaeilge – bun, barr an leathanaigh, tús an chéad ailt / and dara ailt
  • An téarmaíocht a bhaineann le leabhair a thuiscint – teideal, údar, clúdach, alt, caibidil
  • Fóclóir pearsanta níos leithne a chur le chéile
  • Tuiscint a fháil ar chóras fuaimeanna na Gaeilge – guta fada agus gearr, consan leathan agus caol, séimhiú ar thúschonsan
  • An príomhsmaoineamh a aithint – ceisteanna a chur, an téacs a phlé, anailís a dhéanamh ar an téacs

Ag úsáid teanga

  • Léitheoireacht fheidhmiúil a dhéanamh – treoracha, crosfhocal
  • Ábhar céimnithe léitheoireachta a léamh ós ard agus go ciúin
  • Táithí a fháil ar chinéalacha éagsúla teacs – cartúin, páipéir grinn, scéalta, dánta, amchlár
  • Freagairt do phearsana agus d’eachtraí i scéal nó dán

Scríbhneoireacht

Ag cothú spéise

  • Taithí a fháil ar an bhfocal scríofa
  • Aischothú dearfach a fháil ar obair phearsanta ón múinteoir, ó pháistí eile,ó chuairteoirí

Ag úsáid teanga

  • Scríobh do léitheoirí éagsúla
  • Abairtí a chur san ord ceart chun scéal a scríobh
  • Scríbhneoireacht fheidhmiúil a dhéanamh – litir shimplí, ainm, seoladh agus síniú pearsanta
  • Cur síos ar phictiúir
  • Tuairiscí, ailt, scéalta simplí a scríobh
  • Scríobh faoi féin – dialann phearsanta
  • Feabhas a chur ar iarrachtaí phearsanta trí athdhréachta – ullmhúchán, dréachta, athléamh, athdhréachta, athscríobh
  • Úsáid a bhaint as cláir oiriúnacha reamhullmhaithe don riomhaire
  • Poncaíocht a úsáid
  • Tabhairt faoi litriú
  • An foclóir a úsáid

Contact Us

Home ¦ Class Photographs ¦ Dates for Diary ¦ General Interest |Information ¦ Local History ¦ Newsletters ¦ Our Work ¦ Sporting Activities ¦ Useful Links ¦ Web Safety

© St. Colmcille's B.N.S., Chapel Lane, Swords, Co. Dublin