Roghnaigh ábhar thíos

Lth. Idirn.
Baile
Nuacht
Coirmcheoil
An CD
An Banna
Stair
Lth. Preasa
Lth. Links
Greann!

Labhair le DANÚ

cuairteoir (ón 1ú Feabhra 1999)

(c) 1998, 1999 DearadhFinWeb

DANÚ - Stair an ghrúpa

I nDún Garbhán, Co. Phort Láirge i mí Deire Fómhair 1994, ag Féile an Oireachtais sna Déise, fuair grúpa de cheathrar ceoltóiri óga cuireadh go dtí'n Féile "Interceltique" i Lorient na Briotáine. Bhí triúir ós na Déise i measc an ceathrar a fuair an cuireadh -
Benny Mc Carthy (cáirdín), Donnchadh Gough (bodhrán) & Dónal Clancy (giotár) agus bhí an veidhleadóir, Tricia Hutton (Ceatharlach) ina bhfochair siúd.

Bhí ainm de dhíth orthu agus tháinig Tricia suas leis an ainm "Danú", ainm bhanríona Déithe Danaan. De bharr duailgaisí le grúpa eile, ní bhfaigheadh Tricia taisteal agus cuireadh ceist ar veidhleadóir eile (agus cara leis na leads) Daire Bracken (B.Á.C.). Bheartaigh sé ar imeacht leo agus i Luanasa na bliana ina dhiaidh sin, do sheinn DANÚ a gcéad coirmcheoil ariamh. D'éirigh thar barr leo agus bhí an-chuid cainnte ar an ngrúpa i measc lucht an cheoil i Lorient.

Tugadh cuireadh thar n-ais dóibh arís i 1996, an uair seo mar bhuíon de seisear. Arís bhí duine de bhaill an ghrúpa (Dónal Clancy) gafa le cúrsaí eile agus bhí tríuir nua le teacht ortha don turas. Ba iad na déartháireacha Tom (fliút) & Éamonn Doorley (bozouki) ó Bhaile Átha Cliath ba thúisce a roghnaíodh, mar ba cháirde iad le Daire agus bhí seisiún ag baill an ghrúpa leo i mBaile na Mánach, B.Á.C., an oíche sular fhág siad le haghaidh Lorient i 1995. Le cois bliain níos déanaí, bhíodar beagnach réidh le h-imeacht agus Timmy Murray leo ag líonadh isteach do Dhónal Clancy ar an ngiotár.

An uair seo, ach go h-áirithe le cabhair na ndéartháireacha, d'éirigh go h-iontach leis na coirmcheoil ag an bhféile agus do bhuaigh DANÚ an duais "Boulee Des Korrigans", a tugtar don ngrúpa is fearr ag Féile Lorient.

Ag filleadh go h-Éireann dóibh ó Lorient, do bheartaigh an seisear roinnt coirmcheoil a eagrú sa mbaile agus CD a thaifeadadh chomh maith. Ach le seisear sa ghrúpa, ní raibh aon amhránaí fós leo agus tháinig an t-amhránaí sean-nóis, Cárthach Mac Craith ó Rinn Ó gCuanach, i gcabhair orthu. Seoladh an CD i mí Feabhra 1997.

Do thosnaigh DANÚ ag taisteal taobh amuigh den tír go luath ina dhiaidh sin, ag dul go dtí cósta an iarthair sna Stáit Aontaithe i mí Márta ar feadh cúpla seachtaine, mar ghrúpa de sheachtar. Do lean turasanna san Eóraip é sin i rith samhradh 1997, ach go h-áirithe sa bhFrainnc (Féile Saint-Chartier) agus sa Danmharg (Féile Tønder). D'fhilleadar go dtí Meiriceá i mí Meán Fhómhair ar feadh cúpla seachtaine eile.

Fé gheimhreadh 1997, bhí lucht leanta mór bailithe ag an ngrúpa thar lear agus fé'n dtráth seo, sa mbaile, áit a rabhadar le feiscint ar an dteilifís níos mó ná babhta amháin agus áit a rabhadar ag líonadh hallaí, ionaid agus tabhairní ar fud na h-Éireann.

San athbhliain, bhí ar Timmy Murray fágaint de bharr brú oibre óna phost múinteoireachta agus tháinig Dónal Clancy (a bhí fé'n dtráth seo ag maireachtaint leath na bliana i Nua Eabhrac) i gcabhair arís, ag roinnt a chuid ama idir DANÚ agus a athair, an t-amhránaí Liam Clancy.

I ndiadh don grúpa seinnt sa Cheoláras Náisiúnta i mí Eanair 1998, do thug dualgaisí Dhónail go dtí'n banna "Clancy, O' Connell & Clancy", é thar n-ais go dti Meiricieá, an t-am seo go buan. Tháinig fear óg eile i gcabhair ar an scéal an ghiotáir, Noel Ryan ó Thiobaird Árainn agus d'éirigh thar barr leis, ag taisteal leis an ngrúpa dtí'n Danmharg i mí Márta.

B'é an féile mór-le-rá, an "Vossa Jazz Festival" san Iorua (Norway) an chéad rud mór eile a bhí ar an liosta ag DANÚ - b'iad an t-aon grúpa traidisiúnta d'aon tsaghas a sheinn ag an bhféile i 1998. I mBealtaine, bhí an grúpa i gCoimbra sa Phoirtingéal, áit ar sheinneadar ag an féile micléinne "Queima das Fitas", do lucht féachana de 15,000.

D'fhilleadar go dtí mór-roinn Mheiriceá Thuaidh do Mheitheamh/Iúil. Chuadar go dtí's na Stáit Aontaithe arís ar dtús agus ansin don chéad uair riamh dóibh, go dtí Ceanada, áit a d-éirigh go h-iontach leo. Chomh maith i mí Iúil, do sheinneadar ag coirmcheoil sa Bhreatain Bhig a bhí á thaifeadadh ag an mB.B.C. le craoladh ar an dteilifís. Do chríochnaigh mí Iúil leis an féile Orthigueira sa Spáinn agus an lucht féachana beo ba mhó ariamh ag DANÚ - 20,000 duine.

I mí Lúnasa 1998, bhí an grúpa ag seinnt ag Féile Dranouter sa Bheilg, áit a bhí DANÚ i measc na ngrúpaí a cuireadh ar dhlúthdhiosca/CD an fhéile. Ba ag Féile Fhiacail, Co. an Chláir a dhein an t-amhránaí Cárthach Mac Craith agus an veidhleadóir Daire Bracken an beart deireannach acu mar bhaill de Dhanú. Bhí duailgaisí oibre agus pearsanta ar an mbeirt acu agus bhí sé taréis teacht ro-dheacair orthu coimeád suas leis an sceideal gnóthach a bhí ag DANÚ. Ba bhuile trom an scaradh seo, mar go mba baill luachmhara don grúpa ab ea an bheirt, ach is cáirde móra iad i gcónaí leis na lads agus canann/seinneann siad go minic mar aoíanna speisialta leis an ngrúpa nuair atá siad ag seinnt i n-Éirinn.

Féile Tonder arís! Ba anseo i Lúnasa 1998 a cuireadh in aithne don bpobal, an grúpa mar atá siad sa lá atá inniú ann, le Ciarán Ó Gealbháin mar amhránaí agus Jessi Smith ar an bhfidil. Fuair an banna árd-mholadh sa phreas ceoil i dtaobh a gcuid coirmeacha ag an bhféile úd agus uaidh sin go dtí seo, i gceol agus i ngach aon slí eile, tá DANÚ ag dul i n-aibíocht agus i dtréanacht, sa mbaile agus thar lear!