Abhaile  | QUIZ  | T1  | T2  | T3  | T4  | T5  | T6  | T7  | T8  | T9  | T10  | T11  | T12  | T13  | T14  | T15  | T16  | T17  | T18  | T19

An Meaisíneolaí

labhrás

Labhrás Mac Cionnaith

Cogaí na Róbónna

Clár teilifíse is ea “Cogaí na  Róbónna”.  Is comórtas teilifise é. Déanann innealtóirí measíní troda agus cuireann siad iad i gcoimhlint lena chéile. Is mór an spórt é, dar liom, mar tá innealltóireacht den scoth le feiceáil ann, tá nuaíocht ann agus tá na hairm dochreidte!

Thosaigh “Cogaí Róbónna” i Meiriceá timpeall 1990 agus tháinig sé go Sasana sa bhliain 1996. Bhí  an BBC sásta an clár a chraoladh. Ansin, chuir said fógraí amach faoin gcomórtas. Tar eis tamaill tháinig innealtoirí ó gach áit i Sasana agus grúpa amháin as Eirinn chun páirt a ghlacadh.

Bhí Rannóg Éifeachtaí Speisialta de chuid an BBC i gceannas ar an suíomh a dhearadh agus rialacha slándála a cheapadh. Rinne siad na Robónna tí

     SHUNT: a bhfuil sluasaid agus tua marfach aige

   DEAD METAL:a bhfuil fleanchair agus sábh ciorclach luascach aige

     MATILDA: a bhfuil starrfhiacla aeroibrithe aici chun naimhde a leagan agus sábh slabhra freisin

   SERGEANT BASH: a bhfuil sábh ciorclach agus gléas caite lasracha aige

Agus  tógadh iad laistigh de sé seachtaine!!!

 

Thosaigh daoine ag déanamh róbónna. Tá ceithre roinn difriúil ann, bunaithe ar mheáchan:

    cleitmheáchan (5-25 phunt)

     Éadrom (25-50 punt)

  Mean-mheáchan (50-100 punt)

  Trom (100-200 punt)

Seo mar a oibríonn an Seó:

Bíonn sé cinn de róbónna i ngach babhta, agus an buaiteoir ag dul ar aghaidh go dtí an babhta ceannais.

Tar éis sé seachtaine, bhí an seisear seo fágtha chun páirt a ghlacadh sa chéad bhabhta ceannais riamh..
  1. ROADBLOCK
  2. BODY HAMMER
  3. ROBOT THE BRUCE
  4. CUNNING PLAN
  5. RECYCLOPS
  6. T.R.A.C.I.E

Agus ba é ROADBLOCK a bhuaigh orthu uile.

Bronnadh marcanna ar na gnéithe seo a leanas: Stíl, Smacht, Damáiste, agus Ionsaí.

Sa dara Sraith, tháinig meicníocht réabhlóideach nua ar an saol, darbh ainm "SHRIMESH", a bhí in ann é féin a phiocadh suas arís dá leagfaí é. Chonacthas an gné nua seo don chéad uair sa robó CASSIUS, a bhí á thiomáint ag Rex Garrod. Níorbh fhada go raibh róbónna eile ag baint úsáid as an nuaíocht seo agus bhí sé an-áisiúil.

Ba é PANIC ATTACK a bhuaigh Sraith a Dó. Róbó urraithe a bhí ann agus rinne sé a lán airgid do na cumainn charthannachta.

Ba é CHAOS 2 an róbó is fearr i Sraith a Trí agus a Ceathair. Bhí sé beag, an-tapa agus láidir. Bhí gléas troda aige le naimde a leagan. George Francis a thiomáin é.

 

Tá Sraith a Ceathair thart anois.

Is fada liom nó go bhfeicfidh mé tuilleadh den scrios miotallach seo..