Abhaile  | QUIZ  | T1  | T2  | T3  | T4  | T5  | T6  | T7  | T8  | T9  | T10  | T11  | T12  | T13  | T14  | T15  | T16  | T17  | T18  | T19

An Fear in Airde

Dónall Ó Loinsigh

AER LINGUS


 

 

Dónall Ó Loinsigh

Rialtas na hÉireann a chuir tús le hAER LINGUS mí Aibreáin 1936 chun seirbhísí aeir a chur ar fáil as Éirinn.

Tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal "loingeas" (= "fleet").

D`fhág an chéad eitilt Baile Átha Cliath ar an 27ú Bealtaine 1936 chun dul go Bristol Shasana. Dragon DH-84 de chuid De Havilland ab ea an t-eitleán sin. "An tIolar" an t-ainm a thug siad air. Níl an t-eitleán sin ag eitilt a thuilleadh ach bíonn sé le feiceáil anois is arís ag na seónna aeir in Éirinn agus i Sasana.

Cheannaigh aerfhórsa na hÉireann trí "Supermarine Walrus amphibians" roimh an gCogadh. Sa bhliain 1945, thug an t-aerfhórsa an t-eitleán "Walrus a hAon" do Aer Lingus le haghaidh traenála. D'fhág sé aer lingus i 1946 agus anois tá sé in iarsmalann an RAF i Sasana.

Ag deireadh na gCaogadaí, thosaigh aerlingus ag féachaint ar Stait Aontaithe Mheiricea agus i 1958 rinne siad an chéad eitilt transatlantach go dti Nua Eabhrac agus Boston. Is é an t-ainm a bhí ar an eitleán ná "Lockheed Constallation".

I 1960 cheannaigh aerlingus tri eitleán Boeing 720 a thóg suas le 137 duine agus bhí siad ag obair ó Nollaig 1960. D`fhan dhá cheann de na heitleáin 720 sin le aer lingus go ceann dhá bhliana déag - go dtí 1972.

Idir 1960 agus 1970, leath Aer Lingus ar fud Sasana, na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag cur leis na bealaí nua agus na heitiltí.

Sna hochtóidí, bhí cúrsaí eitilte an-deacair timpeall an domhain. Bhí polasaí nua "spéir oscailte" i bhfeidhm agus bhí ar na haerlínte stáit dul in iomaíocht leis na haerlínte eile. B`éigean féachaint go géar ar chúrsaí gnó. Thosaigh na comhlachtaí ag gearradh siar ar a gcuid seirbhísí agus bhi orthu eitleáin eile a úsáid nach mbeadh chomh costasach céanna.

Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1995 tháinig deireadh leis na "Jumbos" na heitleáin Boeing 747. B`shin é an eitilt ó Bhoston go Baile na Sionna agus as sin go Baile Átha Cliath, an EI-AST/St.Maeve ar eitilt EI132. Bhí na trí Jumbos againn ar feadh 25 bliana agus thug siad níos mó ná 8 milliun paisinéirí thar an Atlantach.

I 1995 cheannaigh aer lingus trí cinn d`eitleáin Bae 146-300 ar a dtugtar na "whisperjets".

Tá siad ag obair ar cheithre inneall Textron Lyncoming agus tá suíocháin ann do 110 paisinéirí. Thaitin na scairdeitleáin nua le gach éinne agus cheannaigh Aer Lingus cúig cinn eile. Tá ocht Bae 146 agus ceithre Fokker 50 ag Aer Lingus.

Sábháilteacht

D'fhág Aer Lingus Ryanair laistiar díobh ar scála na sábháilteachta. Tháinig Aer Lingus sa 36ú háit ar domhan agus chríochnaigh Ryanair sa 105ú háit. Rinneadh an suirbhé ar 400 aerlínte agus fuarthas amach gurbh é Aer Canada an dream is fearr ar domhan. Chaill Aer Lingus pointí mar gheall ar eachtra beag a tharla mí Mheán Fómhair na bliana seo caite nuair a d`imigh eitleán a bhí ag iompar 300 paisinéirí den rúidbhealach in Aerfort na Sionna. Fuair aer lingus 8.07 pointí as a deich i gcomparáid le Ryanair a fuair 7.17.

Tar éis na himeachtaí ar an 11ú Meán Fómhair thosaigh cúrsaí Aer Lingus ag titim le fána. Chaill níos mó ná míle duine a bpostanna le hAer Lingus. Chaill aer lingus na milliúin punt mar ní raibh aon eitilt go Meiriceá ar feadh i bhfad. Thosaigh aer lingus ag iarraidh ar an rialtas teacht i gcabhair orthu agus tar éis go leor leor cainte agus cruinnithe fuair siad cúnamh éigin. Anois tá aer lingus ag iarraidh seasamh ar a mbonnaibh féin arís. Diaidh ar ndiaidh tá cúrsaí ag dul i bhfeabhas. Le cúnamh Dé tiocfaidh feabhas breise ar an scéal mar tá go leor ag brath ar aerchóras iompair na hÉireann.